Reachtaíocht um thobhach NORA rite sa Dáil
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fháiltigh an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, Éamon Ryan T.D., inniu roimh rith an Bhille um an nGníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (Leasú) agus um Sholáthar Seirbhísí Lárnacha Cisteáin, 2020.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Ryan:
“Le rith an bhille, tá a rún don tréimhse cúig go deich mbliana amach romhainn á chur in iúl ag an rialtas. Leis an reachtaíocht seo, bunófar ciste rialtais €500 milliún ar bhonn reachtúil, an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Tá deiseanna nuálaíochta ag baint leis an gCiste agus tugann sé deis freisin do gach réigiún sa Stát tionscadail uaillmhianacha gníomhaithe ar son na haeráide a thabhairt chun cinn agus a mian a fhíorú réitigh chearta, phraiticiúla a fhorbairt. Tá an uaillmhian mar ghné lárnach dár mbeartas agus ní mór uaillmhian a léiriú chun maoiniú a fháil. Ar an dóigh seo, táimid dár mbrú féin le bheith uaillmhianach agus tiocfaimid i dtír ar thréithe mhuintir na hÉireann mar nuálaithe agus lucht gnímh d’fhonn athruithe cearta a chur i bhfeidhm.”
Soláthraíonn an reachtaíocht bealach chun cinn maidir leis an dara glaoch spriocdhírithe i dtaca leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide roimh dheireadh na bliana, a thacóidh leis an méid seo a leanas:
Chomh maith leis sin, trí leasú faofa ag an Dáil agus ag an Seanad, beidh an Ciste in ann tacú le tionscadail uathúla trasearnála gníomhaithe ar son na haeráide nach féidir iad a chatagóiriú go réidh nó nach bhfuil gné mhór tráchtála ná iomaíochta ag baint leo. Tá scéim fheabhsaithe athshlánaithe portach á breithniú faoi láthair dá réir sin. Bheadh obair mhór, shuntasach i gceist le tionscadal den chineál seo. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as na scileanna atá foghlamtha ag daoine i bhfórsa oibre na hÉireann chun ionsúire carbóin a thacódh leis an gcomhshaol, seachas astaitheoirí carbóin, a dhéanamh de phortaigh thráchtála na hÉireann.
Luaigh an tAire na dushláin eacnamaíochta atá roimh mhuintir na tíre i bhfianaise na paindéime COVID-19 freisin. Dúirt sé:
“Tá an rialtas seo tiomanta chun tacú le téarnamh geilleagrach inbhuanaithe, téarnamh atá inbhuanaithe ó thaobh an athraithe ar an aeráid agus an chomhshaoil de freisin. Beidh €500 milliún ar a laghad ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide á chur ar fáil do thionscail agus do phobail fud fad na tíre, agus is gné é seo de Chomhaontú Glas Nua na hÉireann féin, rud a thugann deiseanna móra dúinn bheith nuálach. Díreoidh an Ciste ar ghníomhaíochtaí geilleagracha níos glaise agus tabharfar isteach teicneolaíochtaí agus próisis nua ghlasa nó déanfar iad a fhorbairt. Feabhsófar iomaíochas na hÉireann, cuirfear le líon na bpost in Éirinn agus cuirfear leis na hiarrachtaí dul i ngleic leis an athrú ar an aeráid.”
Tá sé beartaithe an dara glaoch ar iarratais faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a eisiúint roimh dheireadh 2020 ionas go mbeidh breis agus €150 milliún ar fáil sna 12 mhí ina dhiaidh sin amháin le cur i dtreo tionscadal agus glaonna. Beidh tuairim is €500 milliún i gcúnamh airgeadais do thionscadail geallta faoi 2027 agus déanfar é a ghiaráil i dtaca le tuilleadh infheistíochtaí.
Gealladh cúnamh suas le €77 milliún sa chéad ghlaoch i dtaca leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide le haghaidh seacht dtionscadal. Táthar ag dréim le hinfheistíocht iomlán €300 milliún sa ghníomhú ar son na haeráide ar fud na tíre mar thoradh ar na tionscdail sin.
CRÍOCH
Is tobhach atá i bhfeidhm cheana féin é tobhach NORA a bhailítear ar ráta 2 cent in aghaidh an lítir i dtaca le formhór na dtáirgí ola a chuirtear ar an margadh. Baintear úsáid as le gníomhaíochtaí NORA a mhaoiniú, go príomha chun cúltaca straitéiseach ola an Stáit a chothabháil. Leis an mBille um an Ghníomhaireacht Chúltaca Ola Náisiúnta (Leasú) agus um Sholáthar Seirbhísí Lárnacha Cisteáin, 2020, tá cuspóir an tobhaigh á leasú d’fhonn a chinntiú gur féidir cistí barrachais tobhach NORA – a bheidh fágtha i ndiaidh go gcomhlíonfar riachtanais na Gníomhaireachta Cúltaca Ola Náisiúnta – a íoc leis an gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide chun tacú le réimse tionscadail ghníomhaithe ar son na haeráide i ngach réigiún sa Stát.