Próiseas chun dlús a chur le tuilleadh rochtana ar mhargadh Caoireola agus Mairteola na Síne comhaontaithe ag Creed
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, críoch inniu leis an dara cuid dá mhisean trádála chun na Síne agus é i mbun cruinnithe Aireachta i mBéising.
Dheimhnigh an tAire Creed i ndiaidh cruinniú leis an Leas-Aire Zhang Jiwen ó Údarás Ginearálta Custam na Síne (GACC) gur chomhaontaigh údaráis na Síne dlús a chur le próiseas cigireachta agus cláraithe do thráinse breise monarchana mairteola, chomh maith le cuairt cigireachta a dhéanamh le súil is dlús a chur faoi rochtain ar an margadh caoireola.
Dúirt an tAire maidir le himeachtaí an lae:
"Chuir mé cáipéisíocht mhionsonraithe bhreise ar aghaidh chuig údaráis na Síne inniu, i dteimpléad nua a tháinig chun cinn ó chainteanna teicniúla roimhe seo, maidir leis na monarchana seo. Tá sé geallta ag GACC tabhairt faoi chuairt cigireachta ar roinnt eile monarchana mairteola i mí Lúnasa 2019."
Maidir le rochtain ar an margadh caoireola dúirt an tAire:
"Chomh maith leis sin tá sé geallta ag GACC tabhairt faoi chuairt cigireachta maidir le caoireoil i mí Lúnasa 2019, ina bhfuil sé beartaithe tabhairt faoi iniúchadh a dhéanamh ar an gcóras agus ar mhonarchana.
"Táim thar a bheith sásta go bhfuil freagra an-dearfach tugtha ag mo mhacasamhail sa tSín ar an dá thosaíocht atá agam faoi láthair ó thaobh rochtain a fháil ar mhargadh na Síne; i.e. an líon monarchana atá fós le réiteach a cheadú go luath, agus rochtain ar an margadh caoireola a thabhairt ar aghaidh. Léiríonn an gealltanas atá tugtha ag GACC inniu chun cuairt cigireachta a dhéanamh i mí Lúnasa na bliana seo d'fhonn an dá thosaíocht seo a réiteach go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh.
"Léiríonn sé seo an caidreamh den scoth atá idir an dá Rialtas a forbraíodh le roinnt blianta anuas trí dhlúth-theagmháil a dhéanamh; maidir le hardchaighdeán, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht na dtáirgí mairteola agus caoireola atá againn, agus an díograis agus an t-éileamh atá i measc ghnónna bia agus thomhaltóirí na Síne do tháirgí bia na hÉireann."
Chomh maith leis sin, chas an tAire Creed lena mhacasamhail sa tSín, HanChangu, an tAire Talmhaíochta agus Gnóthaí Tuaithe.
Dúirt an tAire Creed:
"Bhí mé thar a bheith sásta casadh leis an Aire Han an athuair. I mo chontae dúchais, Contae Chorcaí, a chasamar ar a chéile an uair dheiridh agus bhíomar in ann leanúint de na cainteanna a bhí ar bun againn maidir le comhoibriú teicniúil agus saincheisteanna a bhaineann le beartas talmhaíochta."
Ba leis an Leas-Aire Ma Zhengqi ó Údarás Rialála Margaidh an Stáit a bhí an tríú cruinniú Aireachta ag an Aire. Déanann an tÚdarás maoirsiú ar fhoirmlí a chlárú d'fhoirmlí bainne agus táirgí cothaithe do naíonáin, ar catagóir barrthábhachtach é d'Éirinn i margadh na Síne ó thaobh onnmhairithe.
CRÍOCH