Fógraíonn an tAire Bulter maoiniú €5.25 milliún do Bhéilí ar Rothaí agus Ionaid Lae do Dhaoine Aosta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, leithdháileadh maoiniú €5.25 milliúin do Bhéilí ar Rothaí agus Ionaid Lae do Dhaoine Aosta trasna na tíre.
Cabhraíonn seirbhísí pobail le daoine aosta gach lá saol neamhspleách a bheith acu ina mbaile féin, Ionaid Lae, Béilí ar Rothaí agus seirbhísí tacaíocht baile san áireamh.
Le blianta fada, is léir gur chuid thábhachtach í an tseirbhís Béilí ar Rothaí sna seirbhísí pobail a chuirtear ar fáil do dhaoine aosta, go háirithe i gceantair tuaithe. Mar chuid den bhfógra inniu beidh €1.75 milliún sa bhreis curtha ar fáil d'eagraíochtaí Béilí ar Rothaí, a mheastar a thug 2.4 milliún béilí do 54,000 duine anuraidh. Tabharfaidh an infheistíocht bhreise seo deis don seirbhís tacú le níos mó daoine i mbliana.
Tá seirbhís Béilí ar Rothaí ar fáil ar fud na tíre agus tugann sé tacaíocht agus nasc faoi leith do go leor daoine aosta inár bpobail trí chabhrú leo a sláinte agus a neamhspleáchas a choimeád trí bhéilí a sholáthar dóibh.
Is cuid shuntasach iad na hIonaid Lae freisin i soláthar cúraim sósialta inár bpobail, a thugann tacaíocht thar a bheith luachmhar dóibh siúd ar chúis amháin nó cúis eile a bheadh uaigneach nó scoite ó dhaoine eile. Baineann go leor daoine aosta leas as an ngíomhaíocht choirp, spreagadh inchinne, cothú maith, monatóireacht chúram sláinte agus tacaíocht obair shóisialta atá ar fáil ag Ionaid Lae, atá ina bhfoinse tábhachtach freisin do chúramóirí.
Dúirt an tAire Butler:
"Gach seachtain, feicim an tábhacht agus an luach a bhaineann lenár seirbhísí pobail agus an cúnamh a thugann siad do dhaoine aosta fanacht sa bhaile go neamhspleách ach fós a bheith nasctha leis an bpobal. Is gnéithe suntasacha iad na hIonaid Lae agus Béilí ar Rothai sna seirbhísí pobail a chabhraíonn le daoine fanacht ina mbaile agus a bpobal féin. Táim tiomanta na seirbhísí seo a fhorbairt le cinntiú go bhfuil siad ar fáil mar is gá trasna na tíre. Tuigim go n-oibríonn go leor de na seirbhísí seo i gcomhpháirt le grúpaí deonacha, a bhfuil ról ríthábhachtach acu inár bpobal agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre seasta atá chomh tábhachtach.”
A bhuí leis an nGréasán Náisiúnta Béilí ar Rothaí agus https://mealsonwheelsnetwork.ie/ a sheol Nasc Tuaithe na hÉireann anuraidh tá sé níos éasca ná riamh seirbhís Béilí ar Rothaí áitiúil a aimsiú.