Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 25 Deireadh Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,882 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair, bhí 1,025 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 57,128* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu;
Ag 2pm inniu, tá 315 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 16 othar breise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19 .
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Más cás deimhnithe thú, má rinne tú tástáil nó má tá siomptóim COVID-19 ort, ní mór duit féin-aonrú le haghaidh 10 lá. Má tá tú i do chónaí le cás nó má cuireadh in iúl duit gur dlúth-theagmhálaí thú, ní mór duit do chuid gluaiseachtaí a theorannú le haghaidh 14 lá. Ba cheart do gach duine eile fanacht sa bhaile, mura bhfuil géarghá leis nó do chuid aclaíochta a dhéanamh, laistigh de 5km ón áit a bhfuil cónaí ort.”
CRÍOCH
Tá tuilleadh eolais maidir le féin-aonrú curtha i dtoll a chéile ag FSS le fáil anseo. Féach ar fhíseán maidir le conas agus cathain ba cheart duit féin-aonrú curtha i láthair ag an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan anseo.
Tá tuilleadh eolais maidir le do chuid gluaiseachtaí a theorannú curtha i dtoll a chéile ag FSS le fáil anseo.
Féach ar fhíseán maidir le conas agus cathain ba cheart duit do chuid gluaiseachtaí a theorannú curtha i láthair ag an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan anseo.
Cásanna an lae inniu, ráta teagmhais 14-lá le haghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (ag meán oíche an 24 Deireadh Fómhair 2020) (ráta teagmhais bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 24DF2020) | Ráta teagmhais 14-Lá le haghaidh gach 100,000 den daonra (11DF2020 go dtí 24DF2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (11DF2020 go dtí 24DF2020 |
ÉIRE | 1,025 | 307.5 | 14,644 |
An Cabhán | 23 | 966.2 | 736 |
An Mhí | 50 | 657.3 | 1,282 |
An Iarmh | 16 | 445.0 | 395 |
Sligeach | 22 | 427.3 | 280 |
Muineachá | 19 | 374.7 | 230 |
Gaillimh | 77 | 373.6 | 964 |
Corcaigh | 147 | 347.6 | 1,887 |
Dún na nGall | 53 | 322.3 | 513 |
Loch Garman | 15 | 313.2 | 469 |
Cill Dara | 54 | 303.4 | 675 |
Luimneach | 45 | 295.0 | 575 |
Ciarraí | 41 | 291.8 | 431 |
Ceatharlach | 16 | 291.6 | 166 |
Lú | 25 | 285.5 | 368 |
An Longfort | 9 | 281.4 | 115 |
Ros Comáin | 13 | 274.2 | 177 |
An Clár | 21 | 264.3 | 314 |
Baile Átha Cliath | 255 | 256.9 | 3,461 |
Maigh Eo | 16 | 246.0 | 321 |
Liatroim | <5 | 243.4 | 78 |
Laois | 19 | 232.6 | 197 |
Uíbh Fhailí | 15 | 224.5 | 175 |
Port Láirge | 22 | 204.9 | 238 |
Cill Chainnigh | 8 | 175.3 | 174 |
Cill Mhantáin | 16 | 146.0 | 208 |
Tiobraid Árann | 26 | 134.8 | 215 |
Tugadh an ráta teagmhais náisiúnta 14-lá is ísle faoi deara ar an 3 Iúil 2020 tráth a raibh an ráta cothrom le 2.98 cás le haghaidh gach 100,000 den daonra.