Bearta feabhsaithe bithshlándála tugtha isteach ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar réamhchúram in aghaidh Fliú na nÉan.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go bhfuiltear ag tabhairt rialachán isteach faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 a cheanglóidh ar choimeádaithe ealta bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm maidir le héineoil agus le héin ghafa eile mar bheart réamhchúraim in aghaidh Fhliú na nÉan, chomh maith le cosc a chur ar éin a thabhairt le chéile. Cuirtear bearta réamhchúraim in aghaidh Fhliú na nÉan ar fáil leis na Rialacháin seo.
Táthar ag cur na bearta seo i bhfeidhm i bhfianaise gur deimhníodh go raibh Fliú na nÉan H5N8 in éin fhiáine i roinnt contae sa tír ó thús mhí na Samhna. Deimhníonn na torthaí seo in éin fhiáine go bhfuil fliú na n-éan ag scaipeadh i measc éin fhiáine na hÉireann. Tá baol i gceist leis seo d'ealtaí agus tionscal éanlaith na tíre. Ní mór do choimeádaithe ealtaí éanlaith (agus éin ghafa eile) bearta bithshlándála ar leith a chur i bhfeidhm faoi na Rialacháin seo, beag beann ar mhéid na healta, chun cuidiú leis an mbaol a bhaineann leis an víreas a mhaolú agus na bearta bithshlándála feabhsaithe breise nár mhór a chur i bhfeidhm ar ealtaí de 500 éan nó níos mó.
Is é fochineál H5N8 de fhliú na n-éan is cúis le ráig de ghalar in éin fhiáine agus in éanlaithe i roinnt Ballstát agus sa Ríocht Aontaithe ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá sé tuairiscithe go bhfuil roinnt cásanna dearfacha in éin fhiáine i dTuaisceart Éireann, tá bearta cosúil leo á dtabhairt isteach ann chomh maith. Coinníonn an Roinn dlúththeagmháil lenár macasamhlacha sa Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe maidir leis an mbaol a bhaineann le fliú na n-éan ar oileán na hÉireann a mheas agus a bhainistiú.
Ba cheart go leanfadh úinéirí ealtaí éanlaith de bheith ag faire amach do chomharthaí galair ina n-ealtaí, bearta bithshlándála géara a chothabháil agus aon amhras faoi ghalar a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach Roinne is gaire dóibh.
Tá sé deimhnithe ag an Lárionaid Faire um Chosaint Sláinte cé go bhféadfadh drochghalar a theacht ar éanlaithe agus ar éin eile mar gheall ar an bhfochineál H5N8, níor tuairiscíodh aon ionfhabhtuithe den víreas i ndaoine ar fud an domhain agus dá bhrí sin meastar go bhfuil an baol a bhaineann leis do dhaoine an-íseal. Ach, moltar don phobal áfach gan éin fhiáine atá tinn nó marbh a láimhseáil agus éin tinn nó marbh a thuairisciú chuig an Oifig Tréidliachta Réigiúnach nó teagmháil a dhéanamh le líne chabhrach ar ghalair an DAFM ar 1850 200456. Tá córas foláirimh luath i bhfeidhm le Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Cumann Náisiúnta na gComhairlí Áitiúla Géime maidir le faireachas ar ghalair in éin fhiáine.
Tá an Roinn ag leanúint de bheith ag déanamh monatóireacht ghéar ar an gcás maidir leis an ngalar agus é a mheas agus tá sí i dteagmháil rialta le páirtithe leasmhara tionscail.
Nótaí d'Eagarthóirí :
1. Is iad a leanas teidil na nIonstraimí Reachtúla; Rialacháin um Fhliú na nÉan (Bearta bithshlándála) 2020 agus Rialacháin um Fhliú na nÉan (Srian ar Éin Bheo a Thabhairt le Chéile) 2020
2. Fuarthas Fliú na nÉan H5N8 in éin fhiáine i gCorcaigh, i Luimneach, i Maigh Eo agus i Muineachán
3. Is féidir tuilleadh eolais maidir le fliú na n-éan a fháil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/
4. Áirítear cloigne ata, mílíthiú ar mhuiníl agus ar scornacha na n-éan, ní bhíonn aon dúil acu i mbeatha, deacrachtaí anála, sciodar, agus ní bhíonn an oiread uibheacha á mbreith acu ar chomharthaí cliniciúla ar cheart d'úinéirí éanlaith súil a choinneáil amach dóibh - cé go mbíonn éagsúlacht i gceist ag brath ar speiceas na n-éan.
5. Má cheapann tú go bhfuil an galar ar d'ealta féin, cuir sin in iúl don Oifig Tréidliachta Réigiúnach is gaire duit nó glaoigh ar Líne Chabhrach Fliú na nÉan: 076 106 4403 (Taobh amuigh de Ghnáthuaireanta Oscailte na hOifige: 1850 200 456).
6. Má thagann tú ar éin fhiáine ar nós lachain fhiáine, géanna fiáine, ealaí, faoileáin nó éin chreiche marbh ná láimhseáil iad. Déan sin a thuairisciú chuig an Roinn mar atá thuasluaite.
7. Is féidir liosta d'oifigí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus sonraí teagmhála na n-oifigí sin a fháil ag: https://www.agriculture.gov.ie/contact/
CRÍOCH