Ina theannta sin, tá iarrtha ag an gCoimisiún ar Éire athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt gnéithe teicniúla den Chlár Gníomhaíochta Níotráití, dá bhrí sin, rinneadh athbhreithniú ar na rátaí bliantúla eisfheartha don bhó déiríochta bunaithe ar an taighde eolaíochta is déanaí. Tugadh le fios leis an obair sin, bunaithe ar astaíochtaí níos mó ó bha déiríochta "bunaithe ar shonraí eolaíochta, tugadh le fios ón anailís, gur cheart ráta eisfheartha na bó déiríochta a léiriú níos gaire do 89 kg de nítrigin orgánach" agus tá leasú déanta ar an rialachán reatha chun an t-athrú sin a léiriú lena chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021.