Maoiniú €36,408 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do thionscadal IMIRCE, Ollscoil na Gaillimhe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu, 01 Nollaig 2023, go bhfuil deontas suas le €36,408 nó 80% den chostas inghlactha ceadaithe aige d’Ollscoil na Gaillimhe, i dtaca lena tionscadal - IMIRCE. Cuirfidh an maoiniú seo ar a cumas suíomh cartlainne a fhorbairt le rochtain ó chian a thabhairt don phobal ar litreacha a cuireadh abhaile go hÉirinn ó Mheiriceá idir 1675-1950 agus eile.
Beidh IMIRCE ina áis ar leith ag daoine, idir thaighdeoirí proifisiúnta agus thaighdeoirí amaitéaracha, a bhfuil suim acu sna réimsí seo leanas:
• stair teaghlaigh agus ginealachais;
• stair shóisialta is chultúrtha na hÉireann, stair na Gaeltachta san áireamh;
• stair shóisialta is chultúrtha Mheiriceá Thuaidh;
• teangeolaíocht; agus
• litearthacht.
Tá bailiúchán tras-scríbhinní de c. 10,000 litreacha a bhronn an tOllamh Kerby A. Miller ar an ollscoil ina bhailiúchán bunaidh ag an togra. Le cois na dtras-scríbhinní sin, tá beathaisnéisí, dírbheathaisnéisí, cuimhní cinn, agus ephemera (amhráin, dánta srl.) san áireamh chomh maith - ábhar a bheidh ar fáil ar líne as seo amach de thoradh an tionscadail.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan agus an deontas á fhógairt aige:
“Leis an tionscadal seo, tá i gceist go dtreiseofar an nasc idir dhaoine de bhunadh na hÉireann i Meiriceá Thuaidh agus Éire agus go gcothófar tuilleadh suime sa tír ag spreagadh daoine le cuairt a thabhairt uirthi, go háirithe na ceantair Ghaeltachta. Ag an am céanna, beidh IMIRCE ina ardán ar leith ag Ollscoil na Gaillimhe agus ag an Stát agus iad ag iarraidh naisc a chothú le diaspóra, diaspóra na Gaeltachta san áireamh.
"Chuige sin, tá áthas orm, mar Aire Stáit, go bhfuil sé ar chumas mo Roinne deontas a chur ar fáil d’Ollscoil na Gaillimhe chun tacú leo leis an obair fhiúntach seo.”
Is faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge d’eagraíochtaí lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht a ceadaíodh an deontas seo, le tuilleadh eolais le fáil air anseo.
Nótaí don eagarthóir:
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (Caipiteal): www.gov.ie/ga/foilsiuchan/sceimeanna-tacaiochta-gaeilge/