Iarrann CMO eatramhach ort do dhaoine muinteartha a chosaint an Nollaig seo trí vacsaín a fháil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Príomhoifigeach Leighis eatramhach (CMO), an tOllamh Mary Horgan inniu ag impí ar dhaoine vacsaín a fháil in aghaidh an fhliú agus COVID-19 chun iad féin agus a ndaoine muinteartha a chosaint an Nollaig seo.
Léiríonn sonraí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HPSC) treocht mhéadaithe maidir le cásanna fliú, agus táthar ag súil le leibhéil arda gníomhaíochta fliú idir an Nollaig agus an Athbhliain.
Dúirt an tOllamh Horgan:
"Um Nollaig, bímid go léir ag súil le ham a chaitheamh leis an teaghlach agus bualadh le daoine muinteartha. Is dearfach an rud é am a chaitheamh le teaghlaigh agus le cairde, go háirithe dár bhfolláine iomlán, agus is iontach an rud é fosta go gcaitheann seantuismitheoirí am le garpháistí.
"Is é an geimhreadh an tréimhse freisin, ar an drochuair, go scaiptear víris gheimhridh cosúil le fliú agus COVID-19 timpeall, agus bíonn daoine an-tinn de bharr na dtinneas seo, go háirithe iad siúd atá níos leochailí ó ionfhabhtú tromchúiseach.
"Buíochas le Dia tá go leor gur féidir linn a dhéanamh chun cosaint a thabhairt dóibh siúd lena mbeidh muid ag bualadh um Nollaig.
"Ba chóir dúinn go léir dea-chleachtas riospráide a leanúint, mar shampla casacht nó sraothartach a dhéanamh in aghaidh ár n-uillinne, fanacht sa bhaile nuair a bhíonn muid tinn agus áiteanna a aeráil go cumasach. Níos tábhachtaí fós, tá an t-ádh orainn go bhfuil vacsaíní an-éifeachtach againn atá ina n-uirlisí ríthábhachtacha chun cabhrú linn fanacht sláintiúil i rith an Gheimhridh. Is é vacsaíniú an chosaint is fearr atá ar fáil i gcoinne deacrachtaí sláinte tromchúiseacha de bharr an fhliú agus COVID-19. Nuair a bhíonn tuilleadh daoine vacsaínithe, is féidir linn scaipeadh na víreas a chosc níos fearr, go háirithe dóibh siúd atá níos leochailí ó ionfhabhtú tromchúiseach, cosuil le daoine an-óg, daoine aosta agus iad siúd atá imdhíon-lagaithe.
"Cé gur údar mór misnigh é a fheiceáil go bhfuil 1.5 milliún duine vacsaínithe anois, is féidir linn agus caithfidh muid tuilleadh a dhéanamh.
"Mholfainn go háirithe do thuismitheoirí leanaí idir 2-17 mbliana d'aois a chinntiú go bhfaighidh a bpáistí an vacsaín fliú spraeála sróine saor in aisce in aghaidh an fhliú chun iad féin agus a seantuismitheoirí nó teaghlaigh agus cairde leochaileacha eile a chosaint an Nollaig seo.
"Tá imní orm nach bhfuil leibhéil glactha den vacsaín fliú agus COVID-19 ard go leor agus mar sin, táim ag impí ar dhaoine coinne a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh nó ina gcógaslann inniu lena chinntiú go gcosnófar iad roimh shos na Nollag. Cinnteoidh sé seo gur féidir linn bualadh lena chéile go sábháilte thar an Nollaig agus ar deireadh thiar, cabhróidh sé le tinneas a laghdú agus an t-ospidéal a sheachaint, go háirithe maidir leis na daoine sin a bhfuil gean againn orthu.
"Scaipeann tréithchineálacha nua de na víris seo gach bliain agus imíonn d’imdhíonacht le himeacht ama, mar sin, fiú má tá do vacsaíní fliú agus COVID-19 faighte agat sna blianta roimhe seo, ba cheart duit vacsaín a fháil fós i mbliana.
"Táimid théis an tionchar d’imdhíonadh RSV a fheiceáil cheana féin, a thosaigh an 1 Meán Fómhair 2024. I measc na naíonán sin atá incháilithe don imdhíonadh RSV, níor cuireadh in iúl dúinn ach 23 cás de RSV i mbliana, i gcomparáid le 496 don tréimhse chéanna anuraidh, agus níor cuireadh ach 13 duine san ospidéal ó 316. Níos tábhachtaí fós, ní raibh ach 3 curtha san ICU mar thoradh ar RSV go dtí seo, i measc na naíonán sin a bhí incháilithe don chlár, i gcomparáid le 50 don tréimhse chéanna in 2023."
Tháinig ardú 67% ar líon na gcásanna fliú a fógraíodh, go 277 cás i seachtain 48 (ó 166 i seachtain 47). Tá an ráta fliú is airde i measc na ndaoine idir 1- 4 bliana d'aois, agus iad siúd atá 80+ bliain d'aois ina dhiaidh sin. Cuireadh 73 cás san ospidéal i seachtain 48, i gcomparáid le 42 i seachtain 47.
Tá vacsaíní COVID-19 agus fliú ar fáil ó dhochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna rannpháirteacha agus tá siad ar fáil freisin d'oibrithe cúraim sláinte ag clinicí vacsaínithe in go leor áiteanna oibre. Cuirtear ar fáil saor in aisce iad do ghrúpaí molta, lena n-áirítear iad siúd atá 60 bliain d'aois agus os a chionn, oibrithe cúraim sláinte, aon duine atá ag iompar clainne agus daoine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu. Is féidir le leanaí idir 2-17 mbliana d'aois vacsaín fliú spraeála sróine saor in aisce a fháil.
Tá glacadh leis an vacsaín fliú spraeála sróine do leanaí faoi bhun 16% faoi láthair. I measc daoine fásta os cionn 60 bliain d'aois, is é 58.8% an ráta glactha don vacsaín fliú, agus tá an glacadh leis an teanndáileog COVID-19 is airde sna daoine os cionn 80 ag 56%.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le céard iad na vacsaíní a mholtar duit, téigh chuig Screenings and vaccinations - HSE.ie
Téigh chuig suíomh gréasáin FSS chun liosta de chógaslanna agus dochtúirí teaghlaigh rannpháirteacha a fháil.
Is féidir leat vacsaín fliú saor in aisce a fháil má tá tú:
Is féidir leat teanndáileog COVID-19 saor in aisce a fháil má tá tú:
Is féidir leo siúd atá 6 mhí d'aois - 59 bliain d'aois atá sláintiúil, tar éis plé a dhéanamh ar na cúiseanna atá acu lena soláthraí cúraim sláinte (m.sh., dochtúir teaghlaigh, cógaiseoir nó vacsaíneoir FSS), vacsaíniú a iarraidh.