Rialuithe níos láidre comhaontaithe ag an Rialtas ar ligean gearrthéarmach
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, roimh cheadú an Rialtais rialuithe rialála níos láidre a chur i bhfeidhm i ndáil le ligean gearrthéarmach ar áiteanna cónaithe príobháideacha neamhphríomha i gcriosanna brú cíosa.
Dúirt an tAire O’Brien go mbeadh níos mó áiteanna cónaithe ar ais sa mhargadh cíosa fadtéarmaí mar thoradh ar na rialuithe nua i gCriosanna Brú Cíosa (CBC) ina bhfuil na costais chíosa is airde agus ina bhfuil an deacracht is mó uilig ag teaghlaigh cóiríocht inacmhainne a fháil.
Ciallóidh an leasú, má achtaítear é, nach mbeidh ardáin ar líne ábalta maoine i gCriosanna Brú Cíosa a fhógairt nach bhfuil an cead pleanála riachtanach acu. Is cion a bheidh ann gan na forálacha seo a chomhlíonadh do na húinéirí maoine aonair agus do na hardáin ar líne araon.
Faoi Rialacháin an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 2) 2019 faoi láthair, ní mór do dhuine iarratas ar chead pleanála a dhéanamh lena údarás áitiúil chun úsáid na maoine a athrú, chun gur féidir úsáid a bhaint aisti chun críoch turasóireachta agus ligin ghearrthéarmaigh. Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, is féidir le húdaráis phleanála caingean dlí a thionscnamh mura bhfuil an cead atá de dhíth ag maoin.
Is éard a bhí le rá ag an Aire O’Brien faoin gcomhaontú:
“Tá a fhios againn go bhfuil líon ollmhór maoine tarraingthe amach as an margadh cíosa fadtéarmaí le blianta beaga anuas agus go bhfuil siad á n-úsáid anois sa mhargadh ligin ghearrthéarmaigh, gníomh a bhfuil tionchar diúltach aige ar an gcóiríocht chónaithe phríobháideach ar cíos a chuirtear ar fáil agus atá ar fáil agus bíonn impleachtaí iarmhartacha ann dá réir do phraghsanna cíosa. Rinneadh an treocht sin níos éasca tríd an úsáid a bhaintear as ardáin ar líne agus bhí sin ag tarlú go háirithe i limistéir uirbeacha ina bhfuil éileamh ard ar thithíocht.
“Leis na rialuithe nua seo beimid ag láidriú na rialachán atá i bhfeidhm agus ag cinntiú go mbaintear an úsáid is fearr as áiteanna cónaithe i limistéir a bhfuil géar-riachtanas tithíochta iontu. Beidh na rialuithe rialála seo i bhfeidhm ar feadh thréimhse sé mhí ar dtús agus bunóidh an Roinn Turasóireachta i gcomhar le Fáilte Ireland clárú nua sa tréimhse sin mar a gealladh faoin gclár ‘Tithíocht do Chách’.
“Is maith atá a fhios ag an Rialtas faoin mbrú atá ar an margadh cíosa faoi láthair agus tá súil againn go gcuideoidh na rialuithe nua agus ollmhóra seo leis an mbrú sin a mhaolú.”
CRÍOCH
Tabhair ar Aird
Déantar foráil do na rialuithe nua sa Bhille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Uimh. 2) atá á chur tríd an Oireachtas faoi láthair agus táthar ag súil go ndéanfar é a achtú roimh bhriseadh an tsamhraidh.