Beidh an tAire McConalogue ina óstach ar mhórimeacht beartais agraibhia i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 13 Deireadh Fómhair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu go mbeidh sé ina óstach ar imeacht ar bheartas agraibhia ‘Fís don Bhia 2030: Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe’, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Déardaoin, an 13 Deireadh Fómhair.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is í uaillmhian earnáil agraibhia na hÉireann a bheith ina ‘Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe’, mar a léirítear in Fís don Bhia 2030, straitéis deich mbliana a d’fhorbair an earnáil féin agus a seoladh anuraidh. Creidim go bhfuil an poitéinseal ag na misin mhionsonraithe atá leagtha amach ibhFís don Bhia ár n-earnáil talmhaíochta, bhia, foraoiseachta agus mhuirí a athrú ó bhonn sa tréimhse go dtí 2030, agus inbhuanaitheacht ina gnéithe uile − comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta, ina croílár.
Tá cáil ar Éirinn as bia agus deoch shábháilte ardchaighdeáin a tháirgeadh, agus bhain na honnmhairí luach níos mó ná €15 billiún amach in 2021. Ní mór dúinn an cháil sin a chosaint trí inbhuanaitheacht de gach cineál a fheabhsú, go háirithe dár bhfeirmeoirí agus ár n-iascairí, bunchlocha ár n-earnála, i gcomhar le gnólachtaí agraibhia agus pobail tuaithe agus chósta. Táim ag tnúth leis an imeacht tábhachtach seo a óstáil i mí Dheireadh Fómhair”.
Deimhneofar tuilleadh sonraí faoin gcomhdháil níos déanaí.
Tá tuilleadh faisnéise ar Fhís don Bhia 2030 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag: Food Vision 2030 - A World Leader in Sustainable Food Systems