Béim curtha arís ag an Aire McConalogue ar thábhacht an Chláir REAP
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níos luaithe sa bhliain, d’oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD glao ar iarratais faoin gClár Píolótach Agra-Chomhshaoil Torthaí-Bhunaithe (REAP). Fuarthas an-chuid freagraí ó fheirmeoirí mar thoradh ar an nglao sin agus faomhadh beagán faoi bhun 5,000 rannpháirtí dá bharr. Is clár píolótach é REAP arna dhearadh chun triail a bhaint as an tsamhail torthaí-bhunaithe ar fud na tíre, chomh maith le hiniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann leis an tsamhail a mhéadú mar chuid den chéad scéim náisiúnta agra-chomhshaoil eile atá le teacht i ndiaidh GLAS. Is céim ríthábhachtach é an tionscadal seo ó thaobh Phlean Gníomhaíochta 2021 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur i ngníomh.
Caithfidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara talamh a thugtar isteach faoin gclár REAP a mheasúnú agus a scóráil. Tá measúnachtaí na chéad bhliana faoi lán seoil anois chun stádas comhshaoil agus bithéagsúlachta na talún a bhunú. Tá comhairleoirí ag obair chun páirceanna oiriúnacha REAP a shainaithint i gcleachtas a d’fhéadfadh suas go 46,000 heicteár a thabhairt isteach faoin tionscadal. I dteannta comhairleoirí, tabharfaidh feirmeoirí faoi oibreacha feabhsúcháin comhshaoil chun luach comhshaoil a dtalún a fheabhsú agus a scór comhshaoil a mhéadú in 2022. Is iad na feirmeacha leis na scóir is airde a gheobhaidh na híocaíochtaí is mó. Chun páirt a ghlacadh sa tionscadal agus pionóis a sheachaint, caithfidh comhairleoirí measúnachtaí agus scóir thalún REAP a chur faoi bhráid córas GLAM na Roinne faoin spriocdháta an 15 Lúnasa.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá ríméad orm go bhfuil an tionscadal REAP faoi lán seoil anois. Ullmhóidh an tionscadal seo talmhaíocht na hÉireann chun páirt a ghlacadh sa chur chuige torthaí-bhunaithe a bheidh ina chuid den Chomhbheartas Talmhaíochta nua. Tacóidh an cur chuige dreasacht-bhunaithe le feirmeoirí tairbhí comhshaoil a sheachadadh. Tacaíonn REAP le hioncam feirme trí €12,600 a sholáthar d’fheirmeacha rannpháirtíochta thar théarma an chonartha REAP. D’fhonn a chinntiú go n-éireoidh le REAP, táimid ag cur i gcuimhne do rannpháirtíochtaí uile agus dá gComhairleoirí a measúnachtaí páirce agus sonraí scórála a chur faoi bhráid na Roinne roimh an spriocdháta an 15 Lúnasa.”
Tá na sonraí go léir maidir le REAP le fáil ar gov.ie - Results Based Environment Agri Pilot Programme (REAP) (www.gov.ie).
Tá sonraí maidir le Plean Gníomhaíochta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Cúrsaí Mara 2021 le fáil ar gov.ie - Statement of Strategy 2021 - 2024 (www.gov.ie)
CRÍOCH