Béim leagtha ag McConalogue ar Dhúshláin Phráinneacha Covid-19, an Bhreatimeachta agus Dúshláin eile Margaidh Béim leagtha ag McConalogue ar an imní a bhaineann le Mercosur
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., béim inniu ar an ngá atá ann a bheith réidh ar bhonn leanúnach chun na bearta tacaíochta riachtanacha AE a chur i bhfeidhm chun cuidiú le feirmeoirí agus le hearnáil talmhaíochta an AE aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shuntasacha margaidh mar gheall ar Covid-19 agus ar an mBreatimeacht. Dúirt an tAire McConalogue arís an méid a dúirt sé cheana maidir leis an imní atá ar Éirinn i dtaobh chomhaontú trádála AE / Mercosur agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar chúrsaí feirmeoireachta na hÉireann ach go háirithe.
Dúirt an tAire McConalogue le linn fhíschomhdháil neamhfhoirmeálta idir Airí Talmhaíochta agus Mara na hEorpa inniu,
"Tá paindéim Covid-19 fós ag cur isteach go mór ar an earnáil agraibhia agus d'fhéadfadh gur gearr go mbeidh an earnáil sa bhearna bhaoil agus deireadh ag teacht le hidirthréimhse an Bhreatimeachta. Beidh tacaíocht shuntasach agus leanúnach de dhíth chun slabhraí soláthair a choinneáil ag obair agus chun nach dtitfidh an tóin as earnáil ríthábhachtach. Beidh réitigh níos fadtréimhsí agus níos inbhuanaithe de dhíth chomh maith, i réimse infheistíochta thionscal an bhia ar mhaithe le héagsúlacht margaidh agus táirgí, mar shampla."
Chomh maith leis sin ghlac an tAire an deis a bhí ann, de bharr gur chuir an Ostair pointe AOB chun tosaigh, béim a leagan arís ar an imní seanbhunaithe atá ar Éirinn maidir le Comhaontú Comhlachais an AE-Mercosur. Dúirt sé go bhfuil gá ann fós saincheisteanna maidir leis an ngeilleagar agus leis an timpeallacht a réiteach agus go bhfuil sé ag súil le go mbeidh an Measúnú Tionchair Eacnamaíochta agus Inbhuanaitheachta a choimisiúnaigh an Rialtas ina leith tugtha chun críche. D'iarr sé chomh maith go dtabharfaí measúnú an Choimisiúin ar éifeachtaí carnacha na gComhaontuithe Saorthrádála cothrom le dáta.
CRÍOCH