Aontaíonn an Rialtas iniúchadh a dhéanamh ar thairiscint chun An Craobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan a óstáil
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Aontaíonn an Rialtas iniúchadh a dhéanamh ar thairiscint chun An Craobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan a óstáil
D’fháiltigh Catherine Martin T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Thomas Byrne T.D., an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, roimh chinneadh an Rialtais inniu iniúchadh a dhéanamh ar thairiscint chun An Craobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan AIG a óstáil ag Club Gailf Phort Mearnóg.
Tá aon chinneadh deiridh chun tacú leis an tairiscint chun An Craobhchomórtas Oscailte a óstáil faoi réir ag toradh dearfach ar an bplé a bheidh ar siúl leis an R&A agus Club Gailf Phort Mearnóg thar thréimhse an tsamhraidh agus faoi réir measúnú tionchair eacnamaíoch dearfach. Tá na hAirí ag súil go dtabharfar moladh os comhair an Rialtais san fhómhar.
Leanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le rannpháirtíocht ghníomhach leis an R&A agus Club Gailf Phort Mearnóg ina leith seo. Tabharfar faoi theagmháil freisin le Comhairle Contae Fhine Gall agus le príomhpháirtithe leasmhara, go háirithe iad siúd san earnáil lóistíochta iompair agus bonneagair.
Is é an Craobhchomórtas Oscailte an chraobh gailf is sine agus is mó le rá ar domhan agus d’éirigh go hiontach lena óstáil i bPort Rois in 2019 ar fud an oileáin. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a d’fhéadfadh a bheith le hóstáil an Chraobhchomórtais Oscailte lasmuigh den Ríocht Aontaithe den chéad uair agus thabharfadh sé deis lárnach naisc a dhoimhniú agus scéal spóirt roinnte a leathnú ar bhonn Thuaidh-Theas agus Thoir-Thiar.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Is cúis áthais dom cinneadh an Rialtais féachaint an bhféadfaí An Craobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan AIG a óstáil ag Club Gailf Phort Mearnóg. Bheadh tionchar dearfach ag óstáil an dá chraobh seo mar chúrsaí aitheanta mar ionaid Chraobhchomórtais, le tacaíocht ón Rialtas, ar an mbearna rannpháirtíochta inscne sa spórt a dhúnadh, agus ar rannpháirtíocht na mban agus ar an gcomhionannas sa ghalf a threisiú. Is mórcheann scríbe gailf í Éire, agus mhéadódh sé seo freisin cáil na hÉireann mar ionad domhanda gailf dá mbeimis ag óstáil na mórchomórtas seo ar an oileán ag Port Mearnóg agus Port Rois.”
Dúirt an tAire Stait State Thomas Byrne:
“Fáiltím roimh chinneadh an Rialtais dul i dteagmháil leis an R&A maidir lenár n-óstáil ar na craobhacha íocónacha seo. Tá sé léirithe go seasta ag Éirinn go bhfuil ar a cumas mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta den scoth a óstáil agus táim lánchinnte gur mar sin a bheidh an cás i gcás Chraobhchomórtas Oscailte na mBan AIG agus an Craobhchomórtas Oscailte, má éiríonn leis an tairiscint seo. Creidim freisin go bhféadfadh oidhreacht láidir rannpháirtíochta a bheith mar thoradh ar óstáil na n-imeachtaí spóirt idirnáisiúnta móra seo a spreagfaidh an fás ar leibhéil rannpháirtíochta i gailf, de réir mar a leanann an Rialtas lena chuid oibre chun a oiread daoine a bheith chomh gníomhach go fisiciúil agus páirteach sa spórt agus is féidir.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Chuirfeadh óstáil an Chraobhchomórtas Oscailte agus Craobhchomórtas Oscailte na mBan AIG ag Club Gailf Phort Mearnóg tuilleadh le cáil na hÉireann mar cheann scríbe gailf atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain a bhfuil aon trian de na cúrsaí naisc nádúrtha ar domhan inti. Tuigtear go maith an luach a thugann sé seo dár n-earnáil turasóireachta, agus do chúrsaí, pobail agus gnólachtaí ar fud an oileáin.
Tá tacaíocht tugtha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán le hóstáil rathúil a dhéanamh ar raon mórimeachtaí idirnáisiúnta thar roinnt spóirt, lena n-áirítear galf, rugbaí, agus peil, agus tá sí ag ullmhú chun Corn Ryder 2027 a óstáil i Máinéir Átha Dara i Luimneach, mar aon le Craobhchomórtas Euro 2028 UEFA a óstáil.
Déanann an Roinn measúnú ar gach iarratas ar thacaíocht d’ócáid mhór ar a tuillteanas féin. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbaintear sochair eacnamaíocha, rannpháirtíochta agus spóirt as aon infheistíocht Stáit.