Fógraíonn an tAire O’Donovan pleananna um Dhún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fhógair an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), Patrick O’Donovan, T.D., go bhfuil pleananna curtha chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliathtoday um athchóiriú agus uasghrádú Dhún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce. Cuirfidh caomhnú agus feabhsú áiseanna do chuairteoirí ar an láthair le cumas OPW an foirgneamh míleata suntasach seo a léiriú don phobal.
Dúirt an tAire O’Donovan said:
“Táim féin agus OPW geallta um rochtain agus eispéireas cuairteoirí ar Pháirc an Fhionnuisce a fheabhsú, mar is taitneamhacht tábhachtach náisiúnta í. Baineann tábhacht le foirgnimh agus láithreacha míleata maidir le turasóireacht idirnáisiúnta agus cuirfidh an infheistíocht atá molta le háiseanna turasóireachta an Stáit. Tacóidh an tionscadal seo le cúram agis caomhnú na hoidhreachta náisiúnta againn agus neartóidh sé bonneagar cuairteoirí ar an láthair agus i bPáirc an Fhionnuisce.”
Mar gheall ar infheistíocht um neartú Pháirc an Fhionnuisce mar láthair oidhreachta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, in 2018 dhein OPW athbhreithniú ar eispéireas cuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce le tacú ónár bpáirtnéirí straitéiseacha Fáilte Ireland. Mhol ‘Athbhreithniú Straitéiseach ar Eispéireas Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce’ conas a chuirfeadh an t-acmhainn iontach seo leis an eacnamaíocht turasóireachta – idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta – trí neartú cuí ar bhonneagar cuairteoirí agus gnéithe oidhreachta mar Dhún na hArmlainne a chaomhnú.
Is aidhm do OPW an Dún a chaomhnú agus é a oscailt mar eispéireas nua spreagúil idirghníomhach do chuairteoirí, a léireoidh stair mhíleata an Dúin siar trí na haoiseanna. Déanfar na rampair a chaomhnú agus a athchóiriú chun Siúlán Rampar a chruthú, le radharcanna ar an bPáirc, ar an gcathair agus ar na sléibhte. Déanfar athchóiriú ar na Stórais Armlainne chun stair an dúin a léiriú, le taispeántas físfuaime. Beidh áiseanna agus oifig eolais laistigh de na foirgnimh a tógadh in 1801, agus siúlán móta taobh istigh de na hurdhúin déshleasacha.
Tá an Dún féin suite laistigh de thírdhreach míleata Ghleann na Life, cóngarach do Ghairdíní Náisiúnta Éireann um Chuimhneachán Cogaidh agus Ospidéal Ríoga Chill Mhaighneann ó dheas agus Cnoc an Arbhair agus Reiligí Míleata Ghráinseach Ghormáin soir agus ó thuaidh. Bheadh an Dún mar lárionad ar Chonair Oidhreachta agus Míleata ar an dtaobh seo den chathair, mar ionad cuairteoirí don Pháirc agus a thimpeallacht ó dheas.
Cruthóidh oibreacha athchóirithe ar Dhún na hArmlainne áiseanna nua don phobal laistigh de Pháirc an Fhionnuisce. Déanfar deisiú, caomhnú, athrú úsáide agus mionoibreacha eile ar fhoirgnimh Dhún na hArmlainne um rochtain agus úsáid an phobail.
Um breis eolais nó cóip den iarratas pleanála, déan teagmháil le preasoifig OPW ag pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Téann stair Dhún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce siar trí chéad bliain. Baineann suntas ar leith leis maidir le hailtireacht, míleatacht, stair, sóisialacht agus seandálaíocht. Tá sé ar cheann de na foirgnimh is mó aitheantais i bPáirc an Fhionnuisce. Is Struchtúr faoi Chosaint é Dún na hArmlainne faoi Phlean Forbartha Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath 2016 – 2022.
Ba é John Corneille Sóisear a dhearaigh an Dún Ríoga Armlainne, mar a tugadh air i dtús. Thosaigh an obair thógála thart faoi 1736 ar an dtalamh ard mar a raibh Teach an Fhionnuisce (1611), láthair straitéiseach míleata le radharc ceannasach ar an gcathair agus ar an gceantar mórthimpeall. Um púdar gunna a stóráil a ceapadh é agus bhí sé faoi chúram na nÚdarás Míleata anuas go dtí 1988 nuair a dhíchoimisiúnaíodh é agus tháinig sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Leagan amach tipiciúil cearnógach atá ann le ceithre urdhún agus móta tirim.
Tá roinnt struchtúr ón 18ú go dtí an 20ú aois taobh istigh de na ballaí rampair, dhá dhún do phúdar gunna san áireamh. Thóg Thomas Eyre, Ard-Suirbhéir, dún eile eatarthú in 1758. Chuir Francis Johnston urdhún déshleasach ar an dtaobh thoir in 1801, um chóiríocht le haghaidh oifigigh agus saighdiúirí an dúin agus a dteaghlach.
Ó thaobh ailtireachta de, is iomaí athrú agus breisiú a cuireadh air le himeacht aimsire, mar is gnáthach i gcás láithreacha míleata. Tá suíomh straitéiseach aige i bPáirc an Fhionnuisce agus is ceann de phríomhfhoirgnimh na Páirce é.
Is láthair an-suntasach é Dún na hArmlainne ó thaobh ailtireachta agus staire. Is struchtúr faoi chosaint é (DCC RPS No: 6760) agus Séadchomhartha Taifeadta (RMP No. DU018-007019-).