Cruinniú Iomlánach na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas, Caisleán Bhaile Átha Cliath
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
Beidh an Taoiseach, Micheál Martin TD, ina chathaoirleach ar an gceathrú cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Beidh an Taoiseach in éineacht le baill den Chomh-Aireacht a bheidh ag bualadh le Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann, faoi cheannas an Chéad Aire Arlene Foster agus an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill.
Seo é an chéad Chruinniú Iomlánach de CATT ó mhí na Samhna 2016 agus tugtar deis leis do Rialtas nua na hÉireann agus Feidhmeannacht athbhunaithe Thuaisceart Éireann bualadh le chéile go foirmiúil den chéad uair agus tuairimí a mhalartú maidir le raon leathan de shaincheisteanna comhleasa agus imní.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Táim ag tnúth le bualadh leis an gCéad Aire, LeasChéad Aire O’Neill, agus a gcomhghleacaithe i bhFeidhmeannacht Thuaisceart Éireann.
Deis thábhachtach is ea an cruinniú iomlánach seo dúinn le plé a dhéanamh ar an iliomad saincheisteanna comhleasa tábhachtacha ar fud an oileáin, Covid-19 agus Brexit san áireamh.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin le béim a leagan ar thacaíocht iomlán an Rialtais do chaomhnú agus neartú an chomhair Thuaidh-Theas agus tiomantas an Rialtais don áirithiú go gcuirfear an Comhaontú Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua ina iomláine.
Tá an Rialtas dírithe ar obair leis an bhFeidhmeannacht tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas chun tionscadail a sheachadadh a dhéanann tairbhe do dhaoine ar fud an oileáin, lena n-áirítear nascthacht níos mó idir Thuaidh agus Theas; infheistíocht i réigiún an Iar-Thuaiscirt agus i bpobail na teorann agus tacú le hathmhuintearas mar chuid lárnach de Phróiseas na Síochána. “