Bíodh Deis Labhartha Agat ar Thodhchaí na Foraoiseachta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá suirbhé comhairliúcháin phoiblí maidir le todhchaí na bhforaoisí in Éirinn seolta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu. Is é seo an chéim is déanaí i bhforbairt Straitéis nua Foraoiseachta d’Éirinn
Tá an comhairliúchán mar chuid den obair ar Thionscadal na Coillearnaí d’fhonn comhfhís nua a chruthú agus straitéis nua le haghaidh crann agus foraoisí in Éirinn a fhorbairt. Tá fáilte roimh gach saoránach, eagraíocht phríobháideach, údarás poiblí, comhphobal agus páirtí leasmhar a bheith rannpháirteach.
Tá an ceistneoir ar líne ar fáil anseo ó Dé Céadaoin, an 16 Márta agus beidh tuairim is 15 nóiméad ag teastáil chun é a chríochnú. Tá codanna sa suirbhé ina dtugtar na cúiseanna a chuirimid foraoisí, na háiteanna a chuirtear iad, na cineálacha crainn a chuirimid, agus conas a dhéantar foraoisí a bhainistiú. Féadfaidh freagróirí faisnéis bhreise a thabhairt sa cheistneoir.
Reáchtálfar an comhairliúchán ar feadh sé seachtaine ón lá inniu go dtí 27 Aibreán 2022.
Bhí an méid seo le rá ag an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit le freagracht as an mBithéagsúlacht agus Úsáid na Talún,
“Is cuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha iad na crainn agus cuireann siad go mór lenár ngeilleagar tuaithe. Beidh tionchar ag an bhfís chomhroinnte d'fhoraoisí agus ag an straitéis foraoise atá á forbairt againn ar feadh na glúnta atá le teacht. Molaim don phobal agus do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa suirbhé agus a dtuairimí a chur in iúl. Trí Thionscadal na Coillearnaí táimid ag dul i dteagmháil leis an bpobal, le comhphobail agus páirtithe leasmhara áitiúla ar bhealaí éagsúla; is céim ríthábhachtach chun tosaigh é an comhairliúchán seo i gcruthú straitéis nua foraoise. Is tréimhse spreagúil í seo don fhoraoiseacht, agus tá sceitimíní orm torthaí an chomhairliúcháin seo a fheiceáil."
Úsáidfear an fhaisnéis a chuireann freagróirí ar fáil chun bonn eolais a chur faoin bhFís Náisiúnta Chomhroinnte do Chrainn agus d'Fhoraoisí in Éirinn agus chun Straitéis Foraoise nua na hÉireann a fhorbairt.
Foilseofar an t-ionchur a gheobhaimid ar shuíomh gréasáin na Roinne tar éis an dáta deiridh.
Nótaí do na hEagarthóirí
Nasc Comhairliúcháin Ar Líne
Is féidir teacht ar an suirbhé comhairliúcháin ar líne ag foreststrategy.consultation.ie/en/surveys
Is féidir ábhar eile a bhaineann le foraoiseacht a fháil ag gov.ie/forestry
Doiciméid Tacaíochta
Tá naisc sa suirbhé chuig doiciméid a d'fhéadfadh cabhrú le freagróirí agus iad ag lorg tuilleadh eolais. Áirítear orthu sin:
• Dréacht-fhís náisiúnta chomhroinnte do ról na gcrann, agus na bhforaoisí in Éirinn go dtí 2050
• Déachtfhís náisiúnta comhroinnte le haghaidh 2050
• Doiciméad tacaíochta comhairliúcháin. Ag Obair i dTreo Fhís Chomhroinnte na hÉireann don Fhoraoiseacht agus Straitéis Foraoise Nua.
• Tuarascáil Eolais ar Staid Foraoise na hÉireann
• Staitisticí Foraoise Éireann 2021
• Straitéis Foraoise nua AE do 2030
• Beartas foraoiseachta reatha na Roinne – Foraoisí, táirgí agus daoine
Tionscadal na Coillearnaí
Bhunaigh an tAire Stáit Tionscadal na Coillearnaí i mí Feabhra 2021 chun a chinntiú go dtugtar aghaidh ar an riaráiste ceadúnaithe reatha agus go dtabharfar spreagadh nua do chruthú coillearnaí in Éirinn. Is éard atá i gceist leis an Tionscadal seo ná athbhreithniú agus athnuachan ar phróisis agus ar nósanna imeachta agus cuimsíonn sé rannpháirtíocht páirtithe leasmhara seachtracha chun dearcadh neamhspleách a thabhairt. Is próiseas tasc-tiomáinte é, le spriocanna insoláthartha agus garspriocanna soiléire. Is éard atá i struchtúr Thionscadal na Coillearnaí ná Bord Tionscadail, Bainisteoir Tionscadail, agus 4 Ghrúpa Oibre a bhfuil sé de chúram orthu na príomhréimsí seo a leanas a dhéanamh:
• An riaráiste ceadúnaithe a laghdú
• Cur Chuige Náisiúnta Comhroinnte (chun oibriú ar fhís náisiúnta chomhroinnte do thodhchaí crann agus foraoisí in Éirinn agus Straitéis Foraoiseachta nua)
• Forbairt Eagraíochtúil agus Cumarsáid
• Feabhsú Próisis (chun breathnú ar nósanna imeachta ceadúnaithe Foraoiseachta)
Straitéis Foraoise
Is príomhthiomantas do Thionscadal na Coillearnaí é straitéis foraoise nua a fhorbairt agus tá sé le foilsiú in 2022. Tá an comhairliúchán poiblí mar chuid de raon leathan rannpháirtíochtaí páirtithe leasmhara agus poiblí a múnlóidh an straitéis agus a sholáthróidh comhfhís don fhoraoiseacht. Forbróidh an Roinn Clár Foraoiseachta nua freisin. Déanfar an Clár Foraoiseachta agus an Straitéis Foraoise a scagadh le haghaidh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil agus Measúnacht Chuí agus beidh pleananna foilsithe faoi réir comhairliúchán reachtúil.
CRÍOCH