Buaileann an tAire McConalogue le Rúnaí Talmhaíochta na Stát Aontaithe i Washington DC
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, inniu (Dé Céadaoin) lena chontrapháirt, Rúnaí Talmhaíochta na Stát Aontaithe, Tom Vilsack, i gceanncheathrú Roinn Talmhaíochta na Stát Aontaithe (USDA) i Washington DC, le haghaidh plé leathan.
Tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:
"Bhí an-áthas orm bualadh leis an Rúnaí Vilsack go pearsanta den chéad uair, tar éis dom dul i dteagmháil leis go fíorúil roimhe seo. Ghabh mé buíochas leis as an gcaidreamh oibre dearfach idir an dá Roinn agus an dá thír. Tá sé seo le feiceáil sa chomhaontú a fógraíodh le déanaí maidir le deimhniú sláinte tréidliachta, a cheadóidh onnmhairí caoireola ó Éirinn go SAM. Is forbairt í seo a bhfuilim an-tógtha léi.
"D'ardaigh mé freisin leis an Rúnaí Vilsack na deacrachtaí a eascraíonn d'onnmhairí mairteola na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe, a thagann isteach faoi chuóta mairteola 'Tír Eile', agus cuóta 2022 líonta go hiomlán cheana féin. Is deis thábhachtach éagsúlaithe margaidh iad onnmhairí mairteola na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe (a bhfuil luach €36m go gach 7,000 tonna acu), agus tá ardmheas orthu ag custaiméirí trádála SA. Léirigh mé leis an Rúnaí Vilsack go raibh súil agam go mbeifear in ann teacht ar réiteach teicniúil a ligfeadh d'onnmhairí mairteola na hÉireann ar ardchaighdeán chuig na Stáit Aontaithe leanúint ar aghaidh gan bacainní taraife an-ard a bheith rompu.
"Le linn an chruinnithe, leag mé amach ár n-uaillmhian Fís Bia 2030 d'Éirinn a bheith ina ceannaire domhanda i gcórais bhia inbhuanaithe sna deich mbliana amach romhainn agus na trí cholún inbhuanaitheachta – comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch.
"Mhol mé an Rúnaí Vilsack as comhbhunú thionscnamh AIM4Climate; a bhfuil Éire ina ball de; ina leagtar amach uaillmhian infheistíocht dhomhanda i dtaighde aeráide don talmhaíocht a dhúbailt ó €4 bhilliún go €8 mbilliún faoin 27ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27) i mí na Samhna i mbliana. Tá súil agam go gcuirfidh neart na hÉireann sa taighde talmhaíochta le teacht ar réitigh ar ár ndúshlán comhroinnte maidir leis na hastaíochtaí iomlána a bhaineann le táirgeadh bia a laghdú tuilleadh."
Ina dhiaidh sin, bhuail an tAire McConalogue le Comhairleoir Talmhaíochta an Tí Bháin, Kelliann Blazek, in éineacht le toscaire speisialta na hÉireann ar chórais bhia, Tom Arnold. Leanfar le rannpháirtíochtaí polaitiúla i Washington DC níos déanaí inniu, agus an tAire McConalogue ag bualadh le príomhbhaill de Choistí Talmhaíochta Sheanad agus Tithe na Stát Aontaithe.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hAmbasáid na hÉireann, lena n-áirítear an tAmbasadóir Mulhall agus attaché talmhaíochta na hÉireann, an Dr Finbar Brown, as a dtiomantas na gealltanais pholaitiúla ardleibhéil seo a éascú; rud a léiríonn arís an caidreamh dearfach atá ag Éirinn le rialtas SAM. Tá rannpháirtíocht láidir m'oifigeach Roinne lena gcomhghleacaithe USDA thar a bheith tábhachtach freisin chun comhthuiscint agus comhoibriú a fheabhsú."
Tráthnóna inniu (Dé Céadaoin) beidh Ceiliúradh ar bhia agus ar dheoch na hÉireann á reáchtáil ag Ambasáid na hÉireann, le Bord Bia; go háirithe agus muid tnúth leis an deis a bheidh ann amach anseo d’uaineoil na hÉireann a bheith ar fáil ar mhargadh na Stát Aontaithe, anois go bhfuil comhaontú déanta ar theastas sláinte tréidliachta.
Ag labhairt di roimh fháiltiú an lae inniu ag ambasáid na hÉireann i Washington chun seoladh an fheachtais AE trí bliana atá le teacht ag Bord Bia a chomóradh, dúirt Tara McCarthy go mbeidh cuid lárnach de chur chun cinn uaneoil na hÉireann sna Stáit Aontaithe á shuíomh mar tháirge préimhe a bhfuil buntáistí arda sláinte agus cothaithe ag baint leis agus béim á leagan ag an am céanna ar thiomantas na hÉireann do shábháilteacht bia.
"Léiríonn ár dtaighde dúinn go bhfuil tomhaltas uaineoil ag fás sna Stáit Aontaithe agus go bhfuil tomhaltóirí, go háirithe tomhaltóirí níos óige, oscailte do níos mó uaineola a ithe agus go bhfuil siad sásta níos mó a íoc as uaineoil 'ardchaighdeáin' a thógtar go heiticiúil agus a thagann ó thimpeallacht nádúrtha," a dúirt sí. "Chuige sin, díreoidh Bord Bia ar phróifíl uaineoil na hÉireann a ardú trí fheasacht a chur air mar tháirge préimhe a fhaightear ó fheirmeacha teaghlaigh, agus atá inrianaithe go hiomlán ón bhfeirm go dtí an forc. Tá sé ríthábhachtach branda a chruthú atá mar shiombail d'oidhreacht, de cháilíocht agus d'iontaoibh na hÉireann nó de 'dhintiúir ghlasa'.
I mí an Mheithimh, seolann Bord Biadianfheachtas cómhaoinithe AE, Working with Nature – European Beef and Lamb, ina n-infheistíonn Bord Bia €1 mhilliún i seimineáir mhargaíochta agus chur chun cinn, imeachtaí agus gníomhaíochtaí cur chun cinn ó 2022 go 2025. Le linn an fheachtais trí bliana, díreoidh Bord Bia ar níos mó ná 350 príomhdhéantóir trádála agus cinnteoireachta agus beidh níos mó ná 6,000 ceannaitheoir inrochtana dár n-onnmhaireoirí feola ag seónna trádála idirnáisiúnta. Cuirfidh Bord Bia fáilte freisin roimh 15 ionadaí trádála thar lear cuairt a thabhairt ar fheirmeacha agus próiseálaithe na hÉireann.
Cuirfidh an tAire McConalogue críoch le cuid Washington DC den mhisean trádála amárach (Déardaoin), nuair a osclóidh sé seimineár arna chomh-óstáil leis an mBanc Domhanda ar an téama: "Córais Bhia Inbhuanaithe: An pobal domhanda a chothú, spriocanna aeráide a bhaint amach, agus freagairt don chomhthéacs nua a eascraíonn as géarchéim na hÚcráine"