Buaileann an tAire McConalogue agus an Státrúnaí Coffey le chéile ag Seó Bhaile Mhoireil
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, lena mhacasamhail ón RA, an Státrúnaí Thérèse Coffey MP, ag Seó Bhaile Mhoireil ar an Déardaoin.
Phléigh an tAire agus an Státrúnaí, arbh í seo an chéad uair acu bualadh le chéile, saincheisteanna comhroinnte, lena n-áirítear an caidreamh trádála idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta, iarratas na hÉireann ar Thásca Geografacha faoi Chosaint i leith Mhairteoil Fhéarchothaithe na hÉireann, a gcomh-uaillmhianta maidir le cúrsaí aeráide agus caighdeáin sláinte ainmhithe chomh maith leis na hearnálacha mara agus bia mara.
Ag labhairt dó i ndiaidh a gcruinnithe, dúirt an tAire McConalogue:
“Bhí mé an-sásta bualadh leis an Státrúnaí Coffey i mBaile Mhoireil. Cruinniú thar a bheith úsáideach a bhí ann agus chuireamar ár dtuairimí in iúl dá chéile ar cheisteanna a bhaineann linn beirt.
“Anois agus Creat Windsor aontaithe, agus an tAE agus an RA ag dul i ngleic le dinimic nua trádála, leanfaidh Éire uirthi ag lorg caidreamh láidir trádála leis an gcomharsa is gaire dúinn. Tá an caidreamh trádála eadrainn na céadta bliain d'aois agus cé go bhfuilimid ag iarraidh an oiread margaí ardluacha a oscailt agus a fhorbairt agus is féidir, beidh an RA ina chomhpháirtí trádála ríthábhachtach d'Éirinn i dtólamh.
“Tá castachtaí áirithe ann, a bhfuil ár Ranna ag obair go dlúth orthu go fóill, i dtaca leis an Múnla Oibriúcháin Spriocdhírithe (MOS) beartaithe a bhfuil an RA i mbun comhairliúchán poiblí faoi i láthair na huaire. D'aontaíomar go leanfar leis an gcaidreamh láidir oibre seo chun go mbeidh an trádáil eadrainn sa todhchaí chomh saoráideach agus is féidir.”
Foscríbhinn: An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus a mhacasamhail ón RA, an Státrúnaí Thérèse Coffey MP, ag Seó Bhaile Mhoireil i Lios na gCearrbhach.