Buaileann an tAire McConalogue le hArd-Stiúrthóir an EBT, QU Dongyu maidir le slándáil domhanda an bhia
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., le hArd-Stiúrthóir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), QU Dongyu, chun slándáil domhanda an bhia agus dlúth-chomhoibriú na hÉireann leis an EBT ar bhunathrú córais an bhia a phlé.
Sé an EBT caomhnóir Sprioc na Forbartha Inbhuanaithe (SFT) 2 de chuid na NA, “Zero Hunger” (Easpa an Ocrais), sin é, “Críoch a chur leis an ocras, slándáil an bhia agus an cothú feabhsaithe a bhaint amach, agus talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn”. Is ceist phráinneach í neamhshlándáil an bhia do gach tír ar domhan, leis an gcoimhlint mar an bpríomhthionchar is cúís le hardú rátaí domhanda an ocrais agus an mhíchothaithe, agus iad á ndéanamh níos measa ag athrú na haeráide agus an COVID 19.
Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tAire McConalogue,
“Is mór an sásamh a chuireann sé orm orm fáilte a chur roimh Ard-Stiúrthóir QU go hÉirinn agus an deis a thugann sé dom labhairt leis ar slándáil domhanda an bhia, go háirithe i gcomhthéacs na gcoibhlintí leanúnaí, lena n-áirítear an cogadh san Úcráin. Roinneamar leis freisin ár gcuid taithí ar ár straitéis agraibhia deich mbliain, Fís Bia 2030, a fhorbairt. Díríonn Fís Bia 2030 ar “Córais Inbhuanaithe an Bhia” agus aithníonn sé an gné idirnáisiúnta a bhaineann le beartas an bhia agus na talmhaíochta. Tá caidreamh láidir againn leis an EBT agus táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag tacú le hathrú córais an bhia chun domhan gan ocras a bhaint amach faoin mbliain 2030”.
Dúirt an tArd-Stiúrthóir QU Dongyu,
“Is ceart daonna bunúsach é an bia. Ní mór dúinn foghlaim ó cheachtanna stair na hÉireann agus ó ról ceannaireachta na tíre maidir le slándáil an bhia a chinntiú ag an leibhéal domhanda”.
Bhí cruinniú ag an Ard-Stiúrthóir freisin le Tom Arnold, toscaire speisialta na hÉireann ar chórais an bhia, a bhí ina chathaoirleach ar phróiseas Fís an Bhia 2030.
D’éagraigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cuairt an Ard-Stiúrthóra QU, a raibh oifigigh shinsearacha an EBT in éineacht leis. Thosaigh sé Dé Luain ag Comhdháil Domhanda na bPrátaí agus, ar an Máirt, bhí crinniú ag an Ard-Stiúrthóir le Bord Bia, lena n-áirítear bualadh le roinnt cuideachtaí Origin Green (Foinse Ghlas) an bhia agus na dí, chun an tábhacht a baineann le cáilíochtaí na hinbhuanaitheachta a phlé maidir le táirgí Éireannacha an bhia agus na dí a thabhairt os comhair custaiméirí ar fud an Domhain.
Ansin thug an t-Ard-Stiúrthóir QU cuairt ar fheirm déiríochta Foinse Ghlas i gContae Chill Mhantáin, áit ar mhínigh an feirmeoir Joe Hayden traidisiún feirmeoireachta a mhuintire agus a ghealltanas féin do dheachleachtas táirgeadh an bhia inbhuanaithe.
Chuir an tAire Stáit Martin Heydon TD fáilte níos déanaí roimh an Ard-Stiúrthóir chuig Ionad Taighde Bia Bhaile an Ásaigh de chuid Teagasc, áit ar mhínigh saineolaithe Teagasc dó an ról ar leith atá acu maidir le taighde, oideachas agus seirbhísí comhairleacha na talmhaíochtaa threorú.
Tar éis an chruinnithe a bhí aige leis an Aire McConalogue Dé Céadaoin, thug an tArd-Stiúrthóir cuairt ar EPIC - Músaem Eisimirce na hÉireann - agus bhuail sé leis an Aire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett le haghaidh coinne le Fóram na hÉireann um Fhorbairt Idirnáisiúnta na Talmhaíochta (IFIAD).
Bhuail Ard-Stiúrthóir QU leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney TD tráthnóna Dé Céadaoin. Ansin thug sé cuairt cúirtéise ar Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins in Áras an Uachtaráin.
Chuir cuairt ar an mol dáileacháin Food Cloud i dTamhlacht agus ar Manor Farm Lodge sna Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath, deireadh le turas an Ard-Stiúrthóra ar an Déardaoin.
Tá tuilleadh eolais faoi Fís an Bhia 2030 ar fáil ag: Food Vision 2030 - A World Leader in Sustainable Food Systems
Tá tuilleadh eolais faoin gcomhpháirtíocht idir Éirinn agus an EDB curtha síos sa tuarascáil atá ar fáil ag gov.ie - FAO + Ireland: Partnering for a Peaceful, Equal and Sustainable World
CRÍÓCH