Buaileann an tAire McConalogue le heagraíochtaí feirme maidir le slabhraí soláthair na hÚcráine
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, leis na príomheagraíochtaí feirme agus le Teagasc inné chun an tionchar ar thalmhaíocht agus ar shlabhraí soláthair na hÉireann tar éis an ionraidh mhídhleathaigh ar an Úcráin a phlé.
Thug an tAire McConalogue agus oifigigh na Roinne breac-chuntas ar an dúshlán atá roimh fheirmeoirí sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma agus gur dócha go gcuirfear isteach ar shlabhraí soláthair ón réigiún ar feadh tréimhse. Tagann méideanna suntasacha beathaithe agus leasacháin dhomhanda ón Úcráin agus ón Rúis agus déantar iad a thrádáil tríd na tíortha sin.
“Tá ár n-earnáil ag tabhairt aghaidh ar cheann de na dúshláin is suntasaí le blianta beaga anuas. Ag amanna mar seo, ní mór dúinn céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh chun srian a chur le haon chur isteach ar ár slabhraí soláthair beatha agus bia. Tá a fhios agam go d'tabharfaidh feirmeoirí aghaidh ar an dúshlán atá rompu. Trí oibriú le chéile agus i gcomhar, is féidir linn a chinntiú go bhfuil an earnáil inslithe i gcoinne na nithe is measa a d'fhéadfadh teacht as cur isteach ar an slabhra soláthair."
D’fhógair an tAire go bhfuil sé de chúram aige ar Teagasc a bheith i gceannas ar Choiste Náisiúnta um Shlándáil Fodair agus Bia chun gach rogha a fhiosrú chun an tionchar ar fheirmeacha a íoslaghdú agus pleanáil a dhéanamh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.
“Tá práinn ag baint le hobair an choiste seo agus chuir mé de chúram air bualadh le chéile agus a gcuid oibre a chríochnú gan mhoill. Tá an chéad chruinniú den choiste ann Dé hAoine seo agus tá deis ann sna seachtainí atá romhainn cinntí a dhéanamh chun cabhrú linn athléimneacht a thógáil. Tá obair an Choiste Náisiúnta um Shlándáil Fodair agus Bia ar an bpríomhthosaíocht sa Roinn.”
Ar deireadh ghabh an tAire buíochas leo siúd a d'fhreastail ar an gcruinniú agus leag sé béim ar an ngá atá ann leanúint ar aghaidh ag obair le chéile go gasta.
“Gabhaim buíochas leis na hAirí Hackett agus Heydon chomh maith leis na heagraíochtaí feirme agus Teagasc as freastal ar an gcruinniú. Bhí sé úsáideach mar tá an fhís chomhchoiteann chéanna againn go léir maidir le bheith ag obair le chéile chun an tionchar ar ár n-earnáil agraibhia a íoslaghdú. D'iarr mé ar an gcruinniú seo go dtiocfadh ár bhfeirmeoirí le chéile chun teacht ar chomhaontú ar an gcaoi is fearr is féidir linn céim ar aghaidh a ghlacadh go tráthúil. Leanfaidh mé ag obair go dlúth leis an earnáil sna laethanta amach romhainn agus muid ag obair le chéile ar an dúshlán suntasach seo.”
Buailfidh an tAire le baill de na tionscail leasacháin, gráin agus allmhairithe inniu (Dé Céadaoin an 9).