Buaileann na hAirí leis na bainc maidir le dúshláin reatha in earnáil na muiceola
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, agus a chomhghleacaí leis an Aire Stáit Martin Heydon, TD, leis na príomhbhainc chun na dúshláin reatha in earnáil na muiceola agus an tábhacht a bhaineann lena dtacaíocht leanúnach a phlé.
Ag bualadh le hionadaithe ó AIB, Banc na hÉireann agus Banc Uladh, leag an dá Aire béim ar a thábhachtaí atá earnáil na muc, a hathléimneacht iomlán agus an tábhacht a bhaineann lena tacaíocht dá gcustaiméirí tríd an gcor chun donais reatha sa timthriall gnó. Mar fhreagra air sin, leag na bainc béim ar a gcaidreamh fadtéarmach leis an earnáil agus ar infhaighteacht tacaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear scéimeanna iasachta Stát-tacaithe. Ba í an phríomhtheachtaireacht gur cheart d’fheirmeoirí a bhfuil deacrachtaí sreabhadh airgid acu dul i dteagmháil leis na bainc a luaithe is féidir chun roghanna a phlé agus go mbeadh na bainc fós tiomanta do thacaíocht a thabhairt dá gcustaiméirí sa tréimhse amach romhainn.
Bhuail na hAirí ar leithligh freisin le Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann (CBSC) chun an Scéim Iasachta Tionchar an Bhreatimeachta agus an Scéim Ráthaíochta Creidmheasa COVID-19 a phlé, atá á maoiniú araon ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Is féidir na scéimeanna airgeadais seo a úsáid le haghaidh airgeadas caipitil oibre agus áirítear leo gnéithe a thugann aghaidh ar riachtanais airgeadais reatha feirmeoirí muc. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag sbci.gov.ie.
Is i gcomhthéacs na gcruinnithe seo a d’ardaigh an tAire McConalogue a imní ag Comhairle na nAirí an tseachtain seo caite agus cruinnithe leanúnacha le páirtithe leasmhara. Beidh an tAire Haydon ina chathaoirleach ar chruinniú Comhchéime na Muc Dé Céadaoin.
CRÍOCH