Buaileann na hAirí McConalogue agus Humphreys le chéile chun rialú madraí a phlé
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, le chéile inné (an 9 Eanáir) chun plé a dhéanamh ar conas is féidir lena Ranna dul i ngleic le hábhair imní atá acu maidir le rialú agus úinéireacht madraí.
Chomhaontaigh an tAire McConalogue agus an tAire Humphreys grúpa oibre a bhunú a scrúdóidh saincheisteanna mar fhíneálacha faoin Acht um Rialú Madraí, forfheidhmiú ag leibhéal údaráis áitiúil, maoir mhadraí a sholáthar, micrishliseadh, úinéireacht fhreagrach madraí a chur chun cinn agus ceadúnais.
Tiocfaidh an grúpa le chéile sna laethanta amach romhainn agus tuairisceoidh siad don bheirt Airí.
Dheimhnigh an tAire McConalogue agus an tAire Humphreys freisin go rachaidh siad i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha agus go rachaidh siad i dteagmháil leo chun iad a nuashonrú go rialta ar dhul chun cinn an ghrúpa.
Ag fáiltiú dó roimh bhunú an ghrúpa oibre, dúirt an tAire McConalogue:
“Mar bheirt Airí le príomhfhreagracht maidir le madraí, thionóil an tAire Humphreys agus mé féin cruinniú an-fhiúntach ag díriú ar oibriú go dlúth le chéile san am atá romhainn.
“Tá tiomantas soiléir ón mbeirt againn dul i ngleic leis an gceist seo agus a chinntiú go bhfuil an dlí chomh láidir agus is féidir lena chinntiú go bhfuil daoine agus ainmhithe sábháilte.
“Tá níos mó i gceist lenár madraí ná peataí, is iad ár gcompánaigh agus ár gcairde dílse iad. Léiríonn na radhairc léanmhara a chonaiceamar le déanaí, áfach, gur féidir le madraí bagairt a dhéanamh mura bhfuil siad á rialú i gceart ag a n-úinéirí. Oibreoidh mé féin agus an tAire Humphreys ar seo go réamhghníomhach san am atá romhainn.”
Ag labhairt di i ndiaidh chruinniú an lae inné, dúirt an tAire Humphreys:
“Is féidir le hionsaithe ó mhadraí tionchar tubaisteach a bheith acu ar theaghlaigh, mar atá feicthe againn le linn roinnt eachtraí le seachtainí beaga anuas.
“Cé go mbaineann rialú madraí le roinnt Ranna Rialtais éagsúla, chomh maith lenár n-údaráis áitiúla, tá sé ríthábhachtach go rachaimid i ngleic leis an gceist seo.
“Sin an fáth, mar chéad chéim, gur chinn an tAire McConalogue agus mé féin grúpa oibre a bhunú a bhreithneoidh gach ceist reachtaíochta agus forfheidhmithe ábhartha maidir le madraí.
“Tabharfaidh an t-athbhreithniú seo na príomhghníomhairí le chéile chun breathnú ar na bearta is féidir a dhéanamh chun daoine agus ainmhithe a choinneáil sábháilte.”