Budget 22 Pobail a chosaint agus tacú le híospartaigh i gcroílár Bhuiséad Dlí agus Cirt 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Dlí agus Cirt, Heather Humphreys TD, roimh ghealltanas suntasach an Rialtais ár bpobail a chosaint agus tacú le híospartaigh trí leithdháileadh atá méadaithe go mór a dháileadh ar an Earnáil Dlí agus Cirt i mBuiséad 2022.
Chuir an tAire Humphreys, in éineacht leis an Aire Stáit James Browne agus Aire Stáit Hildegarde Naughton, fáilte roimh an maoiniú breise €145 milliún - arb ionann é agus méadú breis is 5% ar leithdháileadh na bliana 2021 agus arb ionann an maoiniú iomlán anois don Earnáil Dlí agus Cirt don bhliain 2022 agus €3.153 billiún.
Tacóidh sé chomh maith leis na hathchóirithe leanúnacha ar thug an tAire Helen McEntee achoimre orthu i bPlean Dlí agus Cirt 2021 agus le hathchóirithe eile atá á bhforbairt do Phlean Dlí agus Cirt 2022.
Dúirt an tAire Humphreys:
"Is pobail a chosaint agus tacú le híospartaigh bun agus barr gach a ndéanaimid sa Roinn Dlí agus Cirt.
"Tá sé de cheart ag gach pobal a bheith sábháilte agus go n-aireoidís sábháilte. I m'Aire Dlí agus Cirt, táim thar a bheith dírithe, mar atá léirithe leis an maoiniú breise atá curtha ar fáil sa Bhuiséad seo, ar ár gcuid pobal a choinneáil sábháilte agus coiriúlacht ina cuid foirmeacha go léir a chosaint; trí dhaoine óga a atreorú ó bheith rannpháirteach i mbuíonta coireachta eagraithe, cibearchoireacht a chosc, dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe agus tacú le híospartaigh na coireachta."
"Ar fud na hearnála, tá infheistíocht i bhfad níos mó déanta againn i dtacaíochtaí do dhaoine agus do phobail a bhfuil tionchar ag coireacht orthu, agus tá feabhas curtha chomh maith ar an réimse leathan seirbhísí a chuirimid ar fáil don phobal - lena n-áirítear dlús a chur le digitiú na seirbhísí sin.
Agus muid ag teannadh le céad bliain ó bunaíodh an Garda Síochána, ciallaíonn earcú 800 Garda agus 400 ball foirne Garda go bhfuilimid ar an mbóthar ceart chun sprioc an Rialtais 15,000 ball faoi mionn sa Gharda Síochána agus 4,000 ball foirne Garda a bhaint amach."
Maoineoidh Buiséad Dlí agus Cirt na bliana 2022:
maoiniú méadaithe €5.2 milliún d'íospartaigh lena n-áirítear finnéithe leochaileacha agus chun troid i gcoinne foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe – lena n-áirítear feabhsúcháin ar Aonaid Seirbhísí Cosanta Roinne an Gharda Síochána (ASCRanna)
Ag obair in éineacht leis an Aire McGrath, tá Ciste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail nua bunaithe ag an Aire Humphreys agus ag an Aire McEntee, le heisíocaíocht tosaigh €2m, chun úsáid a bhaint as fáltais ó choireacht chun tacú le hinfheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sábháilteachta pobail.
Táthar ag súil go dtiocfaidh fás ar an gciste sna blianta amach romhainn. Tá trí Chomhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail bunaithe ar bhonn píolótach sa Longfort, i bPort Láirge agus i lárchathair thuaidh Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Ba chor cinniúnach sa troid i gcoinne coireacht eagraithe a bhí i mbunú an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla 25 bliain ó shin. Tá éirithe thar barr le CAB, agus le gníomhaireachtaí Stáit eile, i ndáil le fáltais ó choireacht a ghabháil ó na coirpigh agus buíonta a fhéachann leis an saol a mhilleadh inár gcuid pobal.
“Tá sé cuí go ndéanfaimis 25 bliain ó bunaíodh CAB a chomóradh le bunú an Chiste Nuálaíochta Sábháilteachta Pobail, a léireoidh an rath atá ar CAB trína thuilleadh maoinithe a chur ar fáil do thionscadail a mhéadóidh sábháilteacht pobail.
“Gheobhaidh CAB é féin maoiniú breise d'fhonn cuidiú leis leanúint leis an obair iomlán riachtanach a dhéanann sé le dul i ngleic le coireacht eagraithe.
Chuir James Browne, TD, Aire Stáit d'Athchóiriú Dlí, Ceartas Óige agus Inimirce, fáilte mhór roimh an maoiniú breise buiséid d'earcaíocht sa Gharda Síochána agus do chláir um Cheartas Óige agus roimh an maoiniú d'acmhainní breise chun tacú leis an obair a dhéanann an Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta agus le gealltanas Chlár an Rialtais i leith Scéim inimirce chun Daoine atá Gan Doiciméid go Fadtéarmach a thabhairt chun Rialtachta.
Dúirt an tAire Browne:
“Is den ríthábhacht é do phobail fud fad na tíre go leanfaimid d'infheistíocht a dhéanamh sna Gardaí agus mar sin cuirim an-fháilte roimh an maoiniú a chuirfidh ar ár gcumas 800 Garda breise a earcú an bhliain seo chugainn. Mar gheall ar an méadú €6.7 milliún sin, beidh maoiniú breis is €21 milliún ar fáil sa bhliain 2022 chun tacú leis an Straitéis um Cheartas i leith an Aosa Óig. Tá sin thar a bheith tábhachtach chun idirghabhálacha praiticiúla go luath a dhéanamh do leanaí agus daoine óga. Mar atá a fhios againn ón bhfianaise, is den ríthábhacht seo chun dúshaothrú leanaí ag grúpaí coiriúla a chosc.
Cuirim fáilte freisin roimh an maoiniú níos mó do sholáthar foirne i ndáil lenár seirbhísí inimirce chun moltaí Thuarascáil Catherine Day a chur i bhfeidhm, agus chun scéim a bhunú a thabharfaidh daoine gan doiciméid chun rialtachta, dhá ghné atá ina bpríomhghealltanais i gClár an Rialtais.”
Thug an tAire Browne aitheantas chomh maith don soláthar níos mó €500,000 i ndáil le costais bhunaithe an Údaráis Rialála Cearrbhachais, arb ionann é agus leithdháileadh €700,000 ar an iomlán don bhliain 2022.
Leag an tAire Stáit Hildegarde Naughton béim ar an infheistíocht bhreise chun tacú le híospartaigh agus le troid i gcoinne foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe, chomh maith leis an infheistíocht níos mó i gcúram sláinte sna príosúin:
“Léiríonn an maoiniú breise de bhreis is €5m do thacaíochtaí d'íospartaigh agus le dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe go bhfuil dul i ngleic leis na coireanna sin agus tacú le híospartaigh ina thosaíocht ag an Rialtas seo.
“Cuirfidh sin ciste foriomlán €13 milliún ar fáil dúinn le dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe, lena n-áirítear €1 milliún breise chun Aonaid Seirbhísí Cosanta Roinne an Gharda Síochána a fheabhsú.
“Tá ASCRanna i ngach rannán Gardaí anois sa tír agus cuireann siad cur chuige seasta agus gairmiúil ar fáil i ndáil le coireacht ghnéasach, droch-úsáid leanaí agus drochíde bhaile.
“Tacóidh maoiniú an Bhuiséid chomh maith lenár bplean nua le dul i ngleic le foréigean baile, gnéasach agus inscne-bhunaithe, a bheidh le foilsiú sna seachtainí amach romhainn, agus na hathchóirithe leanúnacha i ndáil le 'Tacú le hAistear an Íospartaigh', an plean atá againn le cuidiú le híospartaigh agus finnéithe leochaileacha i gcásanna foréigin ghnéasaigh.
“Tá mé sásta freisin go rabhthas ábalta €2.4m breise a chur ar fáil do chúram sláinte sna príosúin ina n-áirítear €1m lena chur ar chumas Sheirbhís Phríosúin na hÉireann tuilleadh síceolaithe agus sainaltraí meabhairshláinte a earcú chun tacú leis an líon substaintiúil daoine leochaileacha atá sa chóras príosúin.
“Beidh an maoiniú seo do SPÉ thar a bheith tábhachtach chun tacú leis an obair mhionsonraithe atá ag teastáil do chóras nua an Bhoird Parúil atá anois i mbun oibre.”
Vóta an Gharda Síochána
€2.062 billiún an t-oll-leithdháileadh iomlán do vóta an Gharda Síochána sa bhliain 2022. Áirítear sa mhaoiniú soláthar do na nithe seo a leanas:
Dúirt an tAire Humphreys:
“Cé go raibh ar choláiste oiliúna an Gharda Síochána sa Teampall Mór dúnadh go sealadach de bharr COVID, tá ríméad orm gur cuireadh tús le hearcú ábhar Gardaí le linn na bliana 2021, agus cuirfidh an maoiniú a fógraíodh inniu ar ár gcumas an earcaíocht nach rabhthas ábalta a dhéanamh le linn COVID a thabhairt ar ais agus 800 Garda a earcú sa bhliain 2022.
“Leanfar de Ghardaí faoi éide a bhogadh as róil riaracháin an bhliain seo chugainn agus cuirfidh sin ar chumas an Gharda Síochána díriú ar dhualgais túslíne póilíneachta, agus tacaíocht acu ó 400 ball foirne breise Garda a bheidh le hearcú.
“Ón mbliain 2017, tá níos mó ama ag 820 Garda chun tabhairt faoi phríomh-dhualgais phóilíneachta mar gheall ar earcú foirne sa Gharda Síochána agus cinnteoidh earcú 400 ball foirne Garda breise go leanfar de sin.
“Chomh maith leis sin, tacóidh an leathnú ar Aonad Rothar na nGardaí le póilíneacht shofheicthe a bheith i mbailte agus i gcathracha na tíre.
“Táim sásta go bhfuilim ábalta a dheimhniú go dtacóidh an maoiniú breise a fógraíodh inniu freisin le hinfheistíocht a dhéanamh in TFC, i ngairis shoghluaiste agus i dtacaíochtaí oiliúna chun cuidiú leis na Gardaí ar fad a gcuid oibre a dhéanamh go héifeachtúil.”
Vóta Dlí agus Cirt
Mhéadaigh an Vóta Dlí agus Cirt faoi breis is €42 milliún a fhágann gur €499 milliún an t-oll-leithdháileadh iomlán.
Infheistíocht TFC – Nuachóiriú ar Sholáthar Seirbhíse
Tá €10 milliún breise curtha ar fáil chun seirbhísí digiteacha a mhéadú go mór sa tseirbhís. Áireofar seirbhís inimirce dírithe chustaiméirlárnach atá go hiomlán digiteach a fhorbairt. Méadófar éifeachtúlachtaí leis an infheistíocht chomh maith le léargais bunaithe ar shonraí chun tacú le forbairt beartas.
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
47.9 milliún an maoiniú iomlán a bheidh i gceist de bharr leithdháileadh méadaithe €3.3 milliún sa bhliain 2022. Fágfaidh sin go mbeidh an Bord ábalta freastal ar an éileamh atá ag méadú dá chuid seirbhísí lena n-áirítear comhairle dlí a chur ar fáil chomh maith le seirbhísí cúnaimh dhlíthiúil d'íospartaigh cionta gnéasacha.
Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann
Tá ról lárnach an Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann san earnáil dlí agus cirt agus tá €4.1 milliún i maoiniú breise faighte chun tacú le Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann lena n-áirítear costais aistrithe a bhaineann le haistriú chuig saotharlann nua i mBacastún sa bhliain 2022. Táthar ag cur maoiniú caipitil de bhreis is €25 milliún ar fáil chun an tsaoráid seo, a bhfuil géarghá leis, a thabhairt chun críche sa bhliain 2022. Tá sin sa bhreis ar an mbuiséad caipitil nach mór €55 milliún sa bhliain 2021.
Is mar a leanas atá na réimsí eile a bheidh ag fáil maoiniú breise:
Beidh an tAire Airgeadais agus an tAire Dlí agus Cirt ag cur togra faoi bhráid an rialtais go ríghairid chun táillí ar fad a bhaineann le hOrduithe Díolúine Speisialta a tharscaoileadh don chuid eile den bhliain 2021. Cuirfidh an beart sin tuilleadh le tacaíochtaí roimhe seo, lena n-áirítear táillí cúirteanna agus dleachtanna máil d'fhíoncheannaithe a tharla sa bhliain 2020 agus 2021. Leanfar d'athbhreithniú a dhéanamh ar Orduithe Díolúine Speisialta agus bainfear úsáid as sin chun Scéim Ghinearálta an Bhille um Alcól a Dhíol 2021 a fhorbairt.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Is tosaíocht mhór í do mo Roinnse infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí ar fud na hearnála dlí agus cirt a dhigitiú. Chomh maith le infheistíocht slándála a dhéanamh sa Gharda Síochána, sa tSeirbhís Chúirteanna agus i Seirbhís Príosún na hÉireann, táimid ag déanamh infheistíocht mhór i gcórais na Roinne, go háirithe i dtaobh seirbhís inimirce custaiméirlárnach atá go hiomlán digiteach a fhorbairt.
Tá béim curtha arís againn ar ár dtiomantas do sheirbhís éifeachtúil inimirce trí thacaíocht a thabhairt don infheistíocht TFC seo trí leibhéil bhreise foirne a chur ar fáil chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil níos gasta agus chun scéim rialtachta a thabhairt isteach do dhaoine atá gan doiciméid go fadtéarmach in Éirinn.”
Vóta na bPríosún
€401.3 milliún an buiséad iomlán a bheidh ag Vóta na bPríosún don bhliain 2022.
Tá €2.4 milliún breise curtha ar fáil chun infheistíocht a mhéadú i seirbhísí leighis, meabhairshláinte, síceolaíochta agus seirbhísí eile do ghrúpa leochaileach i gcóras príosúin na tíre, tagann sin as roinnt athbhreithnithe lena n-áirítear an Measúnú Riachtanas Sláinte agus athbhreithniú an Choimisiúin chun Céastóireacht a Chosc. Tá sin ag teacht le gealltanas an rialtais an ráta athchiontaithe a laghdú agus sábháilteacht pobail a fheabhsú.
Tá €4 milliún i maoiniú breise curtha ar fáil freisin ar fud raon réimsí eile maidir le TFC, cibearshlándáil agus costais oibriúcháin eile lena n-áirítear párolla.
Vóta na gCúirteanna
Áirítear leithdháileadh €1 milliúin breise don Chlár Nuachóirithe Cúirteanna san ollmhéid €164 milliún atá leithroinnte do Vóta na gCúirteanna a chuireann leis an €8 milliún a chuireadh ar fáil cheana féin i Meastacháin na bliana 2021 agus a coimeádadh don bhliain 2022.
Sa bhreis air sin tacóidh an leithdháileadh caipitil níos mó do Vóta na gCúirteanna leis an gClár Nuachóirithe lena n-áirítear maidir le TFC.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm go raibh sé indéanta tuilleadh maoiniú sa bhreis a chur ar fáil chun tacú leis an gClár Nuachóirithe Cúirteanna atá dírithe ar sheirbhísí cúirteanna a leagan amach timpeall an úsáideora, teicneolaíocht dhigiteach a threisiú chun seirbhísí agus próisis a chuíchóiriú agus, i ndeireadh na dála, córas cúirteanna a chur ar fáil atá níos inrochtana do chách.
“Tá go leor athruithe tarlaithe de bharr na paindéime a bhfuil go leor gnéithe den saol athraithe ó bhonn dá mbarr. Tá go leor athruithe curtha i bhfeidhm ag na Cúirteanna, amhail úsáid níos mó a bhaint as éisteachtaí físe, agus tacóidh an maoiniú Buiséid seo leis an tSeirbhís Chúirteanna de réir mar a chuireann sí go leor de na hathruithe sin i bhfeidhm go buan, chomh maith le tacú le hathchóirithe suntasacha maidir le Cúirteanna Teaghlaigh agus an obair thábhachtach riarachán an dlí shibhialta a chuíchóiriú.”
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
Tá leithdháileadh níos mó €4.1 milliún (21%) faighte ag vóta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le leibhéal breise foirne (€3.2m) agus maidir le costais neamhphárolla (€0.9m).
I ndiaidh méaduithe suntasacha i maoiniú le blianta beaga anuas, is ionann leithdháileadh iomlán na bliana 2022 don Choimisiún agus €23 milliún - méadú faoi shé i gcomparáid leis an mbliain 2015.
Dúirt an tAire Humphreys:
"Táim sásta go bhfuilim ábalta acmhainní a mhéadú tuilleadh don Choimisiún um Chosaint Sonraí i mBuiséad 2021, i ndiaidh méaduithe le blianta beaga anuas. Tháinig méadú ar na héilimh a bhí ar an CCS sa bhliain 2021 ina mhisean cearta cosanta sonraí a chosaint.
D'fhonn aitheantas a thabhairt don leathnú atá ag teacht ar ról rialála an Choimisiúin chomh maith leis an héilimh atá ag méadú, táim ag cur €4.1 milliún breise ar fáil don Choimisiún sa bhliain 2022 chun a chur ar chumas an Choimisiúin foireann speisialtóra agus theicniúil a earcú agus chun dul i ngleic leis an ualach cásanna atá ag méadú chomh maith le castacht na gcásanna a bhfuil ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt orthu".
An tÚdarás Póilíneachta
€3.9 milliún an t-ollmhéid atá leithroinnte ar an Údarás Póilíneachta don bhliain 2022.
Bearta Covid
Dúirt an tAire Humphreys:
"Cé go bhfuilimid, ar an dea-uair, ag maolú srianta anois, ní mór dúinn leanúint de sheirbhísí túslíne san Earnáil Dlí agus Cirt a mhaoiniú de réir mar atáimid ag aistriú go sábháilte ón éigeandáil Covid-19. Is chuige sin a bhfuil €20 milliún curtha i leataobh ag an Rialtas don Earnáil sa bhliain 2022 agus tá an maoiniú sin tábhachtach agus tá an-fháilte roimhe."