Bunaíonn an tAire Burke grúpa comhairleoirí ar mná ar fad a bheidh air chun scrúdú a dhéanamh ar shaoire mháithreachais do chomhairleoirí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Reáchtálfaidh an tAire Peter Burke an chéad chruinniú inniu (29 Márta 2021) den ghrúpa comhairleoirí ar mná ar fad a bheidh air chun scrúdú a dhéanamh ar shaoire mháithreachais do chomhairleoirí contae agus cathrach.
Níl ach comhairleoirí ar mná iad ar an ngrúpa seisir, comhairleoir amháin ó gach ceann de na páirtithe, Fine Gael, Fianna Fáil, Sinn Féin, an Comhaontas Glas agus Páirtí an Lucht Oibre, chomh maith le comhairleoir neamhspleách amháin. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé tábhachtach go raibh an grúpa ionadaíoch ar na comhairleoirí mná i dtoghcheantair uirbeacha agus tuaithe agus ionadaíoch ar ghrúpa daoine a mbeadh an taithí acu ar na fadhbanna a bhíonn roimh ionadaithe tofa ar mná iad
Dúirt an tAire Burke go bhfuil sé thar am plé a dhéanamh ar shaoire mháithreachais do chomhairleoirí agus go bhfuil sé mar rún aige bearta a chur ar bun chomh luath agus is féidir.
"Ní haon áibhéil a rá go bhfuil sé thar am saoire mháithreachais a chur ar fáil do chomhairleoirí mná. Tá sé ar cheann de na tosaíochtaí polaitíochta atá agam córas saoire mháithreachais a bhunú do chomhairleoirí mná. Cé gur tharraing mo chomhghleacaí Helen McEntee aird ar an gceist seo le déanaí, tá an cheist á plé ní hamháin sa Dáil ach inár nÚdaráis Áitiúla freisin le tamall maith. Tosaíonn go leor iarrthóirí a ngairmeacha polaitíochta inár seomraí comhairle. Má táimid ag iarraidh méadú a chur ar rannpháirtíocht na mban agus scoth na mban atá againn sa rialtas áitiúil a choinneáil, ní mór dúinn gníomhú anois chun aghaidh a thabhairt ar cheann de na constaicí is mó roimh rannpháirtíocht na mban, is iad sin an easpa saoire máithreachais agus polasaithe nach n-oireann do shaol an teaghlaigh.
"Molann an Tuarascáil Moorhead go ndéanfaidh coiste páirtithe leasmhara scrúdú ar choinníollacha oibre do Chomhairleoirí. As an gcoiste sin, thionóil mé foghrúpa atá tiomanta amháin do phlé a dhéanamh ar conas is fearr is féidir linn saoire mháithreachais agus soláthar lena mbaineann a chur i bhfeidhm inár gcomhairlí contae agus cathrach. Tá sé chomhairleoir mná ar an ngrúpa sin, comhairleoirí a d'ainmnigh gach ceann de na cúig phríomhpháirtí sa Rialtas Áitiúil chomh maith le comhairleoir neamhspleách amháin. Buailfidh siad liom den chéad uair inniu chun a dtéarmaí tagartha a chomhaontú. Cé go bhfuil constaicí dlí le plé, chomh maith leis an easpa cearta fostaíochta atá ar fáil do shealbhóirí oifige cosúil le comhairleoirí, táim muiníneach go gcuimhneoidh an grúpa sin ar mholtaí indéanta lena gcur faoi mo bhráid i mo cháil mar Aire.
"Gealltar sa Chlár Rialtas go méadófar rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht áitiúil agus náisiúnta. Ní mór dúinn dianiarracht a dhéanamh chun go léireoidh ár seomraí comhairle comhdhéanamh na sochaí, rud nach ndéanann siad faoi láthair. Tá mná faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht rófhada agus níl ag éirí linn ar chor ar bith comhionannas ionadaíochta a bhaint amach. Cé go mbíonn cúiseanna casta leis sin, táim muiníneach go dtabharfaidh saoire mháithreachais tacaíocht d'iarrthóirí agus polaiteoirí ar mná iad agus go gcumasóidh sí leibhéal rannpháirtíochta níos airde sna blianta atá le teacht."
Ballraíocht foghrúpa
Joanna Byrne, Comhairle Contae Lú, Sinn Féin
Darcy Lonergan, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, An Comhaontas Glas
Elena Secas, Cathair Luimnigh Thoir, Páirtí an Lucht Oibre
Lorraine Hall, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gael
Karey McHugh Farag, Comhairle Contae na Gaillimhe, Neamhspleách
Norma Moriarty, Comhairle Contae Chiarraí, Fianna Fáil
Críoch