Deimhníonn an tAire McConalogue gur cuireadh isteach 124,274 iarratas ar BISS agus ar scéimeanna eile bunaithe ar cheantar faoin spriocdháta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, go ndearna 124,274 feirmeoir iarratas ar líne ar an scéim Tacaíochta Ioncaim Bhunúsaigh don Inbhuanaitheacht (BISS) agus ar scéimeanna eile atá bunaithe ar cheantar roimh spriocdháta an 15 Bealtaine.
Mhaígh an tAire:
“Is bunchloch é an t iarratas seo de na scéimeanna ar fad atá bunaithe ar cheantar atá á reáchtáil ag mo roinn. Ó tharla go bhfuil a fhios agam a thábhachtaí atá na scéimeanna seo do theaghlaigh atá i mbun feirmeoireachta, táim sásta gur chuir an oiread sin feirmeoirí a n iarratais BISS i gcrích chomh maith lena n iarratais eile le haghaidh scéimeanna atá bunaithe ar cheantair.”
Cuimsítear leis an iarratas atá bunaithe ar cheantar raon scéimeanna lena n áirítear an Éiciscéim, an Liúntas Tacaíochta Ioncaim Athdháilte Comhlántach (CRISS), Liúntas Tacaíochta Ioncaim Comhlántach d’Fheirmeoirí Óga (CIS-YF), Cúnamh Próitéin, Beart Ionchorpraithe Tuí (SIM), Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), Beart Báinsí Ilspeicis (MSSM) agus an Beart Sadhlais Seimre Deirge (RCSM) agus éilimh bhliantúla ar an Scéim Timpeallachta Tuaithe le haghaidh Agra-Aeráide (ACRES) agus Scéim na Feirmeoireachta Orgánaí (OFS).
Cuireadh 13,155 iarratas eile nach bhfuil san áireamh sa mhéid sin isteach ar Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP roimh an spriocdháta an 15 Bealtaine.
Agus an tAire ag labhairt faoin scéim seo, dúirt sé:
“Is taca tábhachtach í Scéim Leasa Mairteola Déiríochta CSP lena chinntiú go mbeidh an táirgeacht ó ainmhithe mairteola ó thréad na mba bainne ar chaighdeán níos fearr. Tá an scéim seo ar cheann de na bearta sa phlean gníomhaíochta deich bpointe maidir le tacú le córais lao bainne agus le córais mhairteola in Éirinn.”
Chuir an tAire leis sin:
“Tá sé thar a bheith dearfach gur chuir an oiread sin feirmeoirí isteach ar an scéim roimh an spriocdháta. Léirítear sa bhfigiúr seo an iarracht mhór a rinne na feirmeoirí, na Comhairleoirí SCL agus mo roinn chun cabhrú le feirmeoirí sna scéimeanna seo agus leis na riachtanais éagsúla a théann leo. Ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt do na seirbhísí comhairleacha a d’oibrigh go han chrua lena bhfeirmeoirí cliaint chun réimse spriocdhátaí iarratais a bhaint amach le roinnt míonna anuas.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Chun tacú le feirmeoirí, reáchtáil mo roinn 17 gclinic inar bhuail siad leis na feirmeoirí féin ar fud na tíre. Tacaíodh le beagnach 1,400 ag na seisiúin seo agus fuair 365 eile cúnamh díreach ag an oifig phoiblí i bPort Laoise. Chuir agus fuair Deasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha de chuid mo roinne os cionn 10,000 glaoch ó fheirmeoirí ón 2 Aibreán chun cuidiú leo lena n iarratais agus lena gceisteanna. Ba mhaith liom go ndéanfadh gach feirmeoir incháilithe a n-íocaíochtaí a uasmhéadú, mar go bhfuil a fhios agamsa agus ag gach duine i mo roinn a thábhachtaí atá siad do theaghlaigh feirmeoireachta.”
DEIREADH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Iarratais Dheireanacha
Glacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh an 15 Bealtaine. Ach beidh pionós 1% in aghaidh gach lae atá an t iarratas deireanach de réir na dTéarmaí agus Coinníollacha.
BISS agus Scéimeanna agus Leasuithe eile atá bunaithe ar cheantair
Sa chás go bhfuil a n iarratais BISS agus a n iarratais ar scéimeanna eile bunaithe ar cheantair déanta ag na feirmeoirí, agus iad ag iarraidh leasú a dhéanamh anois, is féidir leo athruithe mar sin a dhéanamh ar líne ag www.agfood.ie go dtí meán oíche Dé hAoine an 31 Bealtaine, gan aon phionós.
Aistriú na dTeidlíochtaí
Fuarthas 33,342 iarratas chun teidlíochtaí íocaíochta a aistriú.
De réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha, ba é an 15 Bealtaine 2024 an dáta deiridh le haghaidh na n iarratas ar Aistriú na dTeidlíochtaí. Ach, má dhéantar athrú ar iarratas BISS ar líne, agus go bhfágann sé nach mbeidh a dhóthain talún ag an bhfeirmeoir chun a theidlíochtaí ar fad a úsáid, beidh an deis aige iarratas ar Aistriú na dTeidlíochtaí a chur isteach go dtí meán oíche ar an 31 Bealtaine 2024. Níl sé seo ar fáil ach amháin d’fheirmeoirí atá in ann a léiriú go ndearna siad athrú ar a n-iarratas BISS faoin 31 Bealtaine 2024 agus gurb é an t-athrú sin amháin is cúis leis an ngá chun teidlíochtaí a aistriú.
Miondealú ar an scéim
Scéim | Iarratais Incháilithe * | |
Iomlán* | 124,274 | |
BISS** | c. 120,000 | |
CRISS** | c. 120,000 | |
ECO | 120,461 | |
ANC | 116,892 |
**Tabhair faoi deara go bhféadfadh na figiúirí seo athrú de réir mar a dhéanfar próiseáil ar ghnóthaí teidlíochta sna míonna atá le teacht