An tAire Ring ag iarraidh ar an bpobal an deis a thapú le tuairimí a roinnt faoi shaincheisteanna atá ag cur isteach ar phobal na tuaithe in Éirinn
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá suirbhé ar líne seolta inniu (Dé Céadaoin an 4 Meán Fómhair) ag an Uasal Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tuairimí an phobail a fháil maidir leis na príomhdhúshláin agus deiseanna atá roimh phobal na tuaithe in Éirinn sna cúig bliana atá romhainn.
Is cuid de phróiseas comhairliúcháin arna cur i gcrích ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an suirbhé seo d'fhonn beartas nua uile-Rialtais don tréimhse 2020-2025 a fhorbairt agus eolas a dhéanamh dó.
“Is deis atá sa suirbhé seo do dhaoine a gcuid tuairimí a léiriú maidir le saincheisteanna atá ag cur isteach ar phobal na tuaithe
“Tá léargas tábhachtach le fáil ó dhaoine atá ag maireachtáil agus ag tógáil clainne faoin tuath ar fud na tíre maidir leis na dúshláin a mbíonn tionchar acu ar an saol faoin tuath agus ar na deiseanna atá ar fáil i gceantair thuaithe. Cuideoidh na léargais seo chun eolas a dhéanamh do bheartas an Rialtais i leith pobal tuaithe na hÉireann sna chéad cúig bliana eile.”
Beidh an beartas nua réamhbhreathnaiteach, ag cur leis an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas trí Phlean Gníomhaíochta an Rialtais d'Fhorbairt Tuaithe, agus léireofar ann athruithe atá ag teacht ar an obair agus ar an tsochaí ina mairimid.
Glacfar san áireamh sa bheartas nua seo treochtaí déimeagrafacha laistigh de phobail tuaithe , agus leagfar béim níos mó ar athrú aeráide, an Breatimeacht agus na hathruithe atá ag teacht ar phoist agus ar mar a oibrímid. Díreofar ar phobail agus geilleagair faoin tuath a neartú, agus aithneofar bearta beartais nach mór a chur i bhfeidhm d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.
“Cé go mbíonn dúshláin i gceist le hathrú, bíonn deiseanna i gceist leis chomh maith, agus ní mór dúinn leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá ar fáil chun geilleagair agus pobail faoin tuath a neartú don am atá le teacht.
“Tá rannpháirtíocht an phobail agus na ndaoine atá ag maireachtáil agus ag obair faoin tuath in Éirinn ríthábhachtach chun cuidiú linn an beartas nua seo a fhorbairt agus chun beartabeartais a aithint nach mór a chur i bhfeidhm anois chun tacú le ceantair thuaithe amach anseo. Molaim go mór do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé seo chun cuidiú linn a chinntiú go mbainfear barr acmhainne amach i gceantair thuaithe.”
Beidh an suirbhé comhairliúcháin phoiblí ar fáil ar líne ag go dtí Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2019 anseo .
Foilsíodh Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais d'Fhorbairt Tuaithe i mí Eanáir 2017. Bhí an Plean ar an gcéad chur chuige uile-Rialtais i leith fhorbairt na tuaithe, ina raibh breis agus 270 gníomh a bhí le seachadadh ar fud an Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí eile chun tacú le dul chun cinn geilleagrach agus sóisialta i bpobail tuaithe inÉirinn. Ba é an Plean Gníomhaíochta an príomhbhealach chun tacaíocht an Rialtais d'fhorbairt tuaithe a chur i bhfeidhm le trí bliana anuas, agus leanann ráta curtha i bhfeidhm na mbeart a chuimsítear sa Phlean de bheith an-ard.
Faoi láthair tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail i mbun beartas nua tuaithe a fhorbairt d'Éirinn, chun leanúint den Phlean Gníomhaíochta d'Fhorbairt Tuaithe a thiocfaidh chun deireadh a shaolré trí bliana i ndeireadh na bliana 2019. Sa bheartas nua, léireofar tiomantas an Rialtais ar fad do cheantair thuaithe na hÉireann agus glacfar príomhthionscnaimh eile san áireamh ar nós Tionscadal Éireann 2040, Future Jobs Ireland agus Plean Gníomhaíochta an Rialtais le dul i ngleic le hAthrú Aeráide.
Beidh an beartas nua tuaithe réamhbhreathnaitheach, beidh tréimhse 5 bliana i gceist leis agus díreofar ar phobail agus geilleagair thuaithe a neartú. Glacfar san áireamh forbairtí geilleagracha, sochaíocha agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn. Áirítear orthu sin déimeagrafacha atá ag athrú laistigh de phobail tuaithe, an díriú níos mó atá ar dhul in oiriúint don athrú aeráide, an earnáil agraibhia a éagsúlú, na chéad leagan eile de na cláir CAP agus LEADER, bealaí nua oibre agus athruithe atá ag teacht ar phoist agus Breatimeacht.
D'fhonn an beartas seo a fhorbairt, reáchtáil an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail sraith de cheardlanna comhairliúcháin le roinnt míonna anuas chun tuairimí a fháil ó pháirtithe leasmhara maidir le saol na tuaithe in Éirinn. Ag leanúint ó na himeachtaí sin, tá an Roinn anois ag cur fáilte roimh aiseolas níos leithne, trí shuirbhé ar líne, maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá roimh dhaoine atá ag obair agus ag maireachtáil i gceantair thuaithe in Éirinn. Is féidir tabhairt faoin suirbhé go dtí an 11 Deireadh Fómhair 2019.