Reachtaíocht Stairiúil um Chlárú Uathoibríoch arna rith ag an Dáil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rith dhá Theach an Oireachtais an Bille um an gCóras Coigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch 2024 agus seolfar anois é chuig an Uachtarán lena achtú.
Foráiltear leis an mBille do scéim nua coigiltis scoir d'oibrithe nach bhfuil ina gcomhaltaí de scéim pinsin cheana féin. Tá sé mar aidhm leis, cumhdach pinsin agus leordhóthanacht fhoriomlán na bpinsean a mhéadú in Éirinn. Is í Éire an t-aon tír ECFE nach bhfuil córas Cláraithe Uathoibríoch nó córas atá comhchosúil leis, i bhfeidhm aici go fóill mar bhealach chun coigilteas pinsin a chur chun cinn.
Bunaítear leis an mBille freisin comhlacht poiblí neamhspleách, an tÚdarás Náisiúnta um Choigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch, chun an córas a riar agus comhlíonadh a chinntiú, faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Roghnaíodh Tata Consultancy Services (TCS), príomheagraíocht domhanda, seirbhíse TF, comhairliúcháin, agus eagraíocht réiteach gnó, mar an tairgeoir tosaíochta, chun an riarachán seo a sholáthar mar sheirbhís bhainistithe.
Déanfaidh an tÚdarás rannpháirtithe a shainaithint agus a chlárú, déanfaidh sé ranníocaíochtaí a bhailiú agus a chomhthiomsú, socróidh sé go ndéanfar ranníocaíochtaí a infheistiú, déanfaidh sé cuntais rannpháirtithe a bhainistiú, lena n-áirítear roghanna an diúltaithe, fiontraíochtaí agus roghanna rannpháirtithe, agus éascóidh sé íocaíocht coigiltis tráth an scoir. Ciallóidh sé seo nach mbeidh ach fíorbheagán oibre riaracháin ag fostóirí maidir le Clárú Uathoibríoch.
Tá TCS ina sholáthraí riaracháin pinsean do NEST sa Ríocht Aontaithe ó 2011 i leith. Cé go bhfuil dearadh éagsúil air, is ionann NEST (an tIontaobhas Náisiúnta Coigiltis Fostaíochta) agus an leagan céanna don Scéim um Chlárú Uathoibríoch atá ag Rialtas na Ríochta Aontaithe. Faoi láthair, freastalaíonn sé ar thart ar 13 milliún rannpháirtí.
Tá ionad seachadta domhanda ag TCS atá lonnaithe i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, a fhostaíonn beagnach 1,400 duine agus a sholáthraíonn seirbhísí éagsúla lena n-áirítear riarachán pinsin, cibearshlándáil, tacaíocht TF, agus seirbhís do chustaiméirí.
Agus í ag trácht ar rith an Bhille, dúirt an tAire Humphreys:
“Is beartas fíorchlaochlaitheach é clárú uathoibríoch agus is cúis bhróid dom é sin a bhaint amach d’Éirinn. Cinnteoidh sé go mbeidh fir agus mná atá ag obair go dian ar fud na tíre in ann airgead a shábháil dá dtodhchaí, le cabhair óna bhfostóirí agus ón Stát. Tá lúcháir orm go bhfuil an reachtaíocht stairiúil seo rite anois ag dhá Theach an Oireachtais agus táim ag tnúth lena achtú go luath.”
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Tá áthas orm freisin go bhfuil an próiseas soláthair curtha i gcrích againn chun seirbhís bhainistithe a aimsiú chun an Scéim um Choigiltis Scoir um Chlárú Uathoibríoch a sholáthar agus a oibriú agus táim ag tnúth le dul i dteagmháil le TCS mar an tairgeoir tosaíochta le haghaidh na seirbhísí sin.”
Dúirt an tAire freisin:
“Rinneadh trácht ar Chlárú Uathoibríoch le blianta fada – anois tá sé ag tarlú faoi dheireadh thiar thall. Agus an dá gharsprioc mhóra seo curtha i gcrích, tá traein AE ag druidim go tapa lena ceann scríbe agus táimid ar an mbóthar ceart chun an tionscnamh suntasach seo a sheachadadh do mhuintir na hÉireann.”
I measc príomhghnéithe na scéime tá: -
1) Feidhmiú De Réir a Chéile
2) Tacaíochtaí Coigiltis
3) Rogha
4) Simplíocht