Ráiteas ón Roinn Sláinte maidir le huimhir shaorghlao Theastas Digiteach COVID
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar gheall ar an éileamh mór atá ar uimhir shaorghlao Theastas Digiteach COVID, cinneadh an dara huimhir shaorghlao a chur ar fáil inniu chun freastal ar an líon suntasach glaonna atá á fháil. Is é 1800 807 008 an uimhir nua.
Tá níos mó gníomhairí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoin teastas vacsaínithe agus chun deis a thabhairt do dhaoine teastas téarnaimh a lorg. Beidh an lárionad glaonna ag déileáil le fiosrúcháin phráinneacha sa ghearrthéarma, agus dá réir sin, nílimid ag iarraidh ach ar dhaoine a bhfuil ceist phráinneach acu glaoch ar an lárionad glaonna an tseachtain seo i.e. daoine a bhfuil sé beartaithe acu dul ag taisteal i mí Iúil. Is féidir leat do theastas a lorg am ar bith i rith na seachtainí amach romhainn.
Is féidir ceisteanna maidir le teastas a bhaineann le tástáil COVID-19 a rinneadh go príobháideach a phlé go díreach le do sholáthraí tástála.
Má tá comhairle ghinearálta taistil á lorg agat, féach ar gov.ie/travel.
Is fianaise é Teastas Digiteach COVID an AE (i bhformáid dhigiteach nó páipéir):
Cabhróidh do Theastas Digiteach COVID saor in aisce leat taisteal go sábháilte agus níos éasca laistigh den AE i rith phaindéim COVID-19.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar gov.ie/travel.