D'fhógair an tAire Butler €750,000 i maoiniú ar son tionscnaíocht chun Áiteanna Traenála Síceolaíocht Comhairleoireachta a chistiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Soláthróidh €750,000 i dtacaíocht airgeadais:
Tá sonraí de thionscnaíocht nua chun tacaíocht a thabhairt d'áiteanna traenála sa síceolaíocht chomhairleoireachta fógartha ag an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler. Soláthrófar tacaíocht airgeadais do scoláirí atá cláraithe don bhliain acadúil 2023/2024 ar aghaidh, mar thoradh ar an leithdháileadh de €750,000 ón mBúiséad 2023.
Tabharfar an cistiú isteach i gcéimeanna agus gheobhaidh scoláirí atá cláraithe ón mbliain seo ar aghaidh pacáiste tacaíochta airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana dá gclár dochtúrachta.
Dúirt an tAire Butler:
"Is idirghabháil riachtanach í an síceolaíocht chomhairleoireachta i réimse leathan de shuíomhanna cúram sláinte. Ach go háirithe, tá ról ar leith ag síceolaithe comhairleora i seirbhisí meabhairshláinte a sholáthar, do dhaoine fásta agus páistí, i gcúram príomhúil agus sain-seirbhisí meabhairshláinte agus foirne ildisciplíneacha ar nós Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (SMLO). "
Soláthróidh an €750,000 i maoiniú réimse leathan tacaíochta airgeadais ar feadh na dtrí bliana den chlár dochtúireachta ar fad
Dúirt an tAire Butler:
"Léiríonn an maoiniú seo tiomantas an Rialtais i leith rochtain ar thraenáil shíceolaíochta a neartú agus tá sé comhionann le tacaíocht airgeadais de €75,000 le linn na dtrí bliana de staidéar an scoláire. Íocfar 60% de tháillí ar son scoláirí atá sa dara agus sa tríú bhliain den síceolaíocht chomhairleoireachta, chomh maith le híocaíocht urraíochta a fháil a chomhróidh le costais, ar nós taisteal agus cóiríocht.
"Déanann an Rialtas seo tiomantas ar bhonn leanúnach i dtaobh forbairt a dhéanamh i leith gach gnéith de sheirbhisí meabhairshláinte go náisiúnta, agus príomh aidhm is ea feabhas a chur ar an rochtain atá ar ár seirbhisí agus aga feithimh a laghdú. Mar thoradh ar na tacaíochtaí airgeadais seo, feicfear síceolaithe comhairleora faoi oiliúint agus síceolaithe comhairleora nua-cháilithe ag obair in ár seirbhisí meabhairshláinte, ag éascú feabhas i dtaobh na dúshláin a bhaineann le earcaíocht agus coinneáil. "
Oibríonn an Roinn Sláinte ar bhonn leanúnach leis FSS chun cláracha a fhorbairt do phleanáil d’fhórsa saothair, le béim ar leith ar áiteanna traenála a bheith ar fáil agus go bhfuil deiseanna ann do chéimithe a bheith ag obair san FSS.
Nótaí