Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh bhreis infheistíochtaí inbhuanaithe a bheith á ndéanamh ag Euronext
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Céadaoin), d’fháiltigh an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, roimh an bhfógra atá déanta ag Euronext, go bhfuil tacar táirgí agus seirbhísí Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (CSR) á sheoladh chun deis a thabhairt do Mhargaí Caipitil na hEorpa dlús a chur le fás inbhuanaithe.
Cheana féin, tá Euronext Bhaile Átha Cliath ag feidhmiú mar ionad barr feabhais Ghrúpa Euronext le haghaidh Glasbhannaí. Bhí an-rath ar thairiscint Ghlasbhannaí Euronext a tugadh isteach i mí na Samhna seo caite i rith dara Seachtain Maoinithe Aeráide na hÉireann, agus is fianaise é fógra an lae inniu ar fhorbairt shuntasach ar an tairiscint i ndáil le bannaí eile CSR-ghaolmhara, lena n-áirítear bannaí sóisialta agus bannaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht.
Chomh maith leis sin, inniu d’fhógair Euronext gurb é an chéad stocmhalartán chun Comhshocrú Domhanda na Náisiúnta Aontaithe um Ghrúpa Gnó na nAigéan Inbhuanaithe a fhormhuiniú. Tá Gormbhannaí, a chruinníonn caipiteal chun tionscadail mhuirí agus aigéanbhunaithe a mhaoiniú, san áireamh anois faoi rannóg gníomhaíochtaí na mBannaí CSR ó Bhaile Átha Cliath.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donohoe:
“Is dearbhú é seo, a bhfáiltím roimhe, ar an ról ceannaireachta atá ag Rialtas na hÉireann tríd an straitéis Mhaoiniú na hÉireann (Ireland for Finance) agus an obair atá ar bun againn le comhlachtaí cosúil leis an mBanc Domhanda chun infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn. Is tuilleadh fianaise fós é an méadú sa bhreis ar 70% sa líon eintiteas a bhfuil Glasbhannaí á n-eisiúint ó Bhaile Átha Cliath acu ó mhí na Samhna seo caite go bhfuil cuspóir beartais phoiblí anois ag athrú agus is gearr gur réaltacht tráchtála a bheidh ann.” “Fáiltím go mór roimh thiomantas Euronext d’infheistíochtaí inbhuanaithe agus dá thiomantas do Bhaile Átha Cliath.”
Léirigh géarchéim Covid-19 ábharthacht na mbannaí atá dírithe ar SCR, agus idir Márta agus Meitheamh 2020 tugadh méadú faoi deara i líon na mbannaí sóisialta agus inbhuanaithe a eisíodh i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Áirítear san eisiúint is déanaí seo glasbhannaí, bannaí sóisialta agus inbhuanaitheachta ó Eintitis Airgeadais, Corparáidí, Bardais agus Rialtas Áitiúil.
CRÍOCH