Seachtain Sláinte na mBan: Cuireann an tAire Sláinte béim ar dhul chun cinn suntasach maidir le liostaí feithimh fada do sheirbhísí gínéiceolaíochta a laghdú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly roimh fhigiúirí nua a léiríonn dul chun cinn suntasach maidir le liostaí feithimh fada do sheirbhísí gínéiceolaíochta a laghdú.
Tugann Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023, an chéad chéim eile sa chur chuige ilbhliantúil chun liostaí feithimh ospidéil a laghdú agus a athchóiriú go hinbhuanaithe, tosaíocht do sheirbhísí Gínéiceolaíochta agus liostaí feithimh.
Le haghaidh 2023, tá cistiú €443 milliún san iomlán á leithdháileadh chun dul i ngleic le Liostaí Feithimh agus leithdháileadh €363 milliún de seo ar Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2023, chun athchóirithe fadtéarmacha a chur i bhfeidhm agus gníomhaíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a sholáthar chun riaráistí a d'éirigh níos measa le linn na paindéime a ghlanadh.
Léiríonn anailís ar liostaí feithimh gínéiceolaíochta go bhfuil laghdú 53% tagtha ar líon na ndaoine atá ag fanacht níos mó ná 18 mí le haghaidh cóireála le bliain anuas, ó 3,566 go 1,659.
Tá laghdú faoi níos mó ná a leath tagtha ar an líon atá ag feithimh 12-18 mí, ag titim ó 2,502 go 1,218.
Taifeadadh feabhsuithe ar leith in Ospidéal Rotunda Bhaile Átha Cliath nuair a thit na huimhreacha feithimh 6-12 mí agus 12-18 mí 66% agus 82% faoi seach.
In Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe, tá laghdú tagtha ar fhigiúirí do gach catagóir liostaí feithimh ó 0-18+ mí, agus mar thoradh air sin tá laghdú iomlán 34% tagtha ar fhigiúirí na rannóige gínéiceolaíochta othar seachtrach i nGaillimh.
I gcomhthéacs Sheachtain Sláinte na mBan de chuid na Roinne Sláinte, leagann na figiúirí seo béim ar thionchar intomhaiste na n-iarrachtaí reatha chun dul i ngleic le liostaí feithimh gínéiceolaíochta, lena n-áirítear líonra de 20 clinic gínéiceolaíochta siúlach “Féach agus Cóireáil” a bhunú.
Faoin múnla gínéiceolaíochta siúlach cúraim a bunaíodh in 2020, bunaíodh 12 as 20 clinic a bhí beartaithe, agus leithdháil Buiséad 2023 cistiú don 21 chlinic.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Is tosaíocht de chuid an Rialtais é dul i ngleic le liostaí feithimh agus táimid anois ag feiceáil an chaoi a bhfuil leathnú agus feabhsuithe ar sheirbhísí gínéiceolaíochta ag cabhrú chun líon na ndaoine atá ag feitheamh le tréimhsí fada ar choinní a laghdú.
”Tá forbairt clinicí gínéiceolaíochta “Féach agus Cóireáil” ag cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanas an-soiléir, ag aithint go bhfuil seirbhísí gínéiceolaíochta faoi bhrú leanúnach.
“Taobh thiar de gach uimhir ar liosta feithimh tá bean atá ag fanacht – i bpian agus i míchompord go minic – le cóir leighis riachtanach a fháil. Trí amanna feithimh a laghdú agus rochtain a fheabhsú, táimid ag feabhsú torthaí cliniciúla do mhná agus ag comhlíonadh ár dtiomantas do sheirbhísí níos fearr mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta um Shláinte na mBan."
Faoin múnla gínéiceolaíochta siúlach cúraim a bunaíodh in 2020, bunaíodh 12 as 20 clinic a bhí beartaithe. Tá clinicí breise á bhforbairt agus osclófar iad i mbliana. Ina theannta sin, leithdháil Buiséad 2023 cistiú ar an 21ú chlinic. .
Beidh tionchar díreach ag na clinicí gínéiceolaíochta imshruthaithe ar liostaí feithimh gínéiceolaíochta ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta, mar go n-aithneofar mná, go ndéanfar iad a thriáiseáil, agus go d-treorófar iad chuig cóireáil a fháil i suíomh siúlach, nuair a mheastar é a bheith oiriúnach go cliniciúil.
Cuideoidh na clinicí seo le: