Fógraíonn na hAirí Donnelly agus Feighan pleananna suntasacha chun leibhéil salainn, siúcra, saillte sáithithe agus calraí i mbianna próiseáilte a laghdú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Frank Feighan TD inniu “Treochlár d'Athfhoirmliú Táirgí Bia in Éirinn” agus d’fhógair siad bunú an Tascfhórsa um Athfhoirmliú Bia chun an Treochlár a chur i bhfeidhm.
Is gné lárnach de Bheartas Murtall agus Phlean Gníomhaíochta na hÉireann é foilsiú an Treochlár Athfhoirmlithe a leagann síos spriocanna chun leibhéil saillte sáithithe, siúcra, salainn agus calraí i mbianna próiseáilte a laghdú.
D'ullmhaigh Fo-Ghrúpa Athfhoirmlithe an Ghrúpa Maoirseachta um Chur i bhFeidhm Beartas Murtall, an tOllamh Ivan Perry ó COC, an Treochlár, gníomh 2021 i bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach Éire Sláintiúil 2021-2025. Áiríodh le hobair an ghrúpa próiseas comhairliúcháin leis an tionscal bia agus deochanna. Ró-itear bianna a bhfuil go leor saille, siúcra agus salainn iontu in Éirinn, agus i go leor tíortha eile, a chuireann le leibhéil arda galair neamh-thógálacha lena n-áirítear brú fola ard, diaibéiteas Chineál 2 agus murtall.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá ríméad orm foilsiú an Treochlár agus bunú an Tascfhórsa a fhógairt. Tá na naisc idir aiste bia agus galair neamh-thógálacha seanbhunaithe, agus tá sé seo fíor go háirithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, áit a mbíonn claonadh ag daoine bia níos próiseáilte a ithe. Cuideoidh obair an Tascfhórsa, ag obair i gcomhar leis an tionscal bia, le héagothroime a chomhrac trí cháilíocht an bhia atá ar fáil a fheabhsú."
Dúirt an tAire Feighan:
“Fáiltím roimh fhoilsiú an Treochláir um Athfhoirmliú Bia inniu agus táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis an Tascfhórsa chun an Treochlár a chur i bhfeidhm. Táimid go léir an-ghnóthach agus ní bhíonn sé éasca i gcónaí, fiú agus ár ndícheall á dhéanamh againn, an rogha is sláintiúla a ithe nó a cheannach. Is céim thábhachtach agus dhearfach chun tosaigh é seo do shláinte agus folláine gach duine agus cuideoidh sé le cáilíocht chothaitheach an bhia phróiseáilte atá ar fáil do thomhaltóirí a fheabhsú agus beidh tairbhí inláimhsithe aige do shláinte an phobail."
Cumasóidh bunú Tascfhórsa um Athfhoirmliú Bia, atá suite laistigh d’Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, teagmháil mhionsonraithe agus ar leibhéal catagóire leis an tionscal bia chun cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sa Treochlár. Soláthraíonn sé acmhainn thiomnaithe chun oibriú le gach leibhéal tionscail chun dul chun cinn a chinntiú agus chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa phróiseas ardteicniúil athfhoirmlithe. Leanfaidh an Tascfhórsa lena chuid oibre go dtí deireadh 2025, arb é sin deireadh shaolré na spriocanna sa Treochlár agus foilseoidh sé tuarascálacha bliantúla ionas gur féidir an dul chun cinn a baineadh amach a thomhas agus a aibhsiú.
Is príomhghníomh é Athfhoirmliú Bia freisin i Straitéis “Farm to Fork” an AE, agus comhlíonann an Treochlár gníomh sa Straitéis Fís don Bhia 2030. Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD:
“Is gníomh é an Treochlár um Athfhoirmliú Táirgí Bia i straitéis nua na hÉireann um Fhís don Bia 2030 a leagann béim, agus cur chuige córais bhia á ghlacadh aige, ar an nasc idir bia agus sláinte. Beidh rannpháirtíocht éifeachtach leis an tionscal bia ina phríomhfhachtóir chun an Treochlár a chur i bhfeidhm. Cuirim fáilte mhór roimh bhunú an Tascfhórsa chun oibriú le páirtithe leasmhara sa tionscal bia chun cuidiú le tógáil ar an dul chun cinn atá déanta cheana ag gnólachtaí bia maidir le hathfhoirmliú a gcuid táirgí le blianta beaga anuas."
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, an Dr. Pamela Byrne:
“Fáiltíonn an FSAI roimh an deis dul i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Sláinte agus an Tascfhórsa Náisiúnta um Athfhoirmliú Bia a threorú. Cruthaítear go mbeidh tionchar dearfach ag athfhoirmiú bianna ar cháilíocht an aiste bia agus cuirfidh laghdú salainn, siúcra agus saillte sáithithe i dtáirgí bia go dearfach le daonra níos sláintiúla. Tá an FSAI, tríd an Tascfhórsa, ag tnúth le dul i dteagmháil leis an tionscal bia agus le páirtithe leasmhara eile chun na gníomhartha sa Treochlár Athfhoirmlithe a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn sna ceithre bliana amach romhainn."
Is céim thábhachtach i dtreo folláine agus cáilíocht bhia na hÉireann a fheabhsú foilsiú an Treochlár agus bunú an Tascfhórsa. Tógann sé ar an dul chun cinn atá déanta cheana féin i dtreo athfhoirmlithe le blianta beaga anuas agus is forbairt dhearfach í i dtreo sprioc Éire Shláintiúil sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú.
Seoladh “Meáchan Sláintiúil d’Éirinn”, an Beartas Murtall agus Plean Gníomhaíochta 2016-2025 (OPAP), i Meán Fómhair 2016 faoi choimirce chlár oibre Éire Shláintiúil. Clúdaíonn an OPAP tréimhse 10 mbliana suas go dtí 2025 agus tá sé mar aidhm aige treochtaí murtaill a aisiompú, deacrachtaí sláinte gaolmhara a chosc agus an t-ualach foriomlán do dhaoine aonair, do theaghlaigh, don chóras sláinte, agus don tsochaí agus don gheilleagar i gcoitinne a laghdú. Déanann grúpa tras-earnála agus tras-Roinne (Grúpa Maoirseachta um Chur i bhFeidhm Beartas Murtall - OPIOG) cathaoirleacht ar an gcur i bhfeidhm faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte. Aithníonn an Plean gur fadhb chasta ilghnéitheach í an murtall agus go dteastaíonn réiteach ilchodach uaithi, agus gach earnáil den tsochaí ag glacadh páirte ann.
Is é gníomh 3.1 den OPAP “Spriocanna athfhoirmlithe thionscal an bhia a chomhaontú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn”. Ba é seo tosaíocht Fhoghrúpa Athfhoirmlithe an OPIOG faoi chathaoirleacht an Ollaimh Ivan Perry, Scoil na Sláinte Poiblí, UCC., a thionóil a chéad chruinnithe in 2018. Mar chuid den phróiseas chun an Treochlár a ullmhú, tionóladh dhá cheardlann le hionadaithe tionscail, agus tar éis don OPIOG iad a bhreithniú, seoladh dréachtleagan den Treochlár le haghaidh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara. Tá spriocanna sa Treochlár maidir le leibhéil salainn, siúcra, saillte sáithithe agus calraí a laghdú go 2025 ó bhunlíne 2015.
Tá an Tascfhórsa um Athchóiriú Bia á bhunú chun cur i bhfeidhm an Treochláir a chur chun cinn. Déanfaidh an Roinn Sláinte é a mhaoiniú agus beidh sé lonnaithe in Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus déanfaidh Grúpa Maoirseachta agus Monatóireachta faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte maoirseacht air.