Seachtain Sláinte na mBan: Tugann Airí Sláinte spreagadh do dhaoine ‘labhairt faoin meanapás’ agus iad ag seoladh Céim a Dó den fheachtas Feasachta ar an Meanapás
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly; an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton agus an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler Céim a Dó d'Fheachtas Feasachta Náisiúnta na Roinne Sláinte ar an Meanapás inniu.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas eolas agus oideachas a chur ar fáil maidir leis an meanapás agus deireadh a chur leis an ngeis.
Seoladh an chéad chéim den fheachtas ar Lá Domhanda an Mheanapáis i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Fuarthas amach i dtaighde iar-fheachtais gur mhéadaigh trí cheathrú de na daoine a chonaic é gur mhéadaigh sé a bhfeasacht ar an meanapás, agus dúirt dhá thrian gur mhéadaigh sé a dtuiscint ar an meanapás chomh maith lena leibhéil chompord agus iad ag caint mar gheall air.
Tá an Roinn Sláinte ag leanúint ar aghaidh ag spreagadh comhrá oscailte agus feasacht mhéadaithe ar an meanapás le Céim a Dó den fheachtas lena n-áirítear fógra teilifíse in éineacht le raidió náisiúnta agus áitiúil, nuachtáin agus irisí, fógraíocht lasmuigh ar thaispeántais dhigiteacha agus scáthláin bhus, agus postálacha spriocdhírithe ar na meáin shóisialta.
Comhlánaítear é le gov.ie/menopause, áit a bhfuil faisnéis faoin meanapás agus comharthaí an mheanapáis, comhairle ar bhainistíocht réamhghníomhach agus naisc chuig saineolas cliniciúil cuí.
Rinneadh infheistíocht shuntasach i seirbhísí meanapáis, le cúig cinn as sé chlinic speisialta meanapáis – ceann amháin i ngach líonra máithreachais – ag feidhmiú faoi láthair agus táthar ag súil go n-osclófar an séú clinic go luath.
Soláthraíonn na clinicí seo cóireáil do mhná le siomptóim chasta nach féidir a bhainistiú ag leibhéal an chúraim phríomhúil.
Is féidir cúram meanapáis d'fhormhór na mban a bhainistiú sa phobal. I mí Dheireadh Fómhair 2022, le tacaíocht ó Chiste Sláinte na mBan, d’fhoilsigh an ICGP Mearthreoir Thagartha maidir le Diagnóis agus Bainistíocht an Mheanapáis i gCleachtadh Ginearálta, ag tacú le Dochtúirí Teaghlaigh cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil an meanapás orthu.
I mBuiséad 2023 baineadh CBL ó Teiripe Athsholáthair Hormón (HRT) chun comhionannas rochtana a fheabhsú.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Ceann de na príomhthosaíochtaí a bhí agam mar Aire Sláinte ná rochtain ar chúram sláinte do mhná in Éirinn a fheabhsú agus a chinntiú go gcomhlíontar a riachtanais le haghaidh seirbhísí thar gach céim den saol..
“Le bliain anuas tá feabhas agus leathnú suntasach déanta againn ar sheirbhísí, lena n-áirítear sainchlinicí meanapáis.
“Tá sé tábhachtach, áfach, chomh maith le seirbhísí a sholáthar, go gcumhachtaimid mná freisin ina dtaithí ar pheirimheanapás agus meanapás, agus tá an feachtas seo ina chuid ríthábhachtach de sin.
“Dúirt mná linn roimhe seo gur chruthaigh an easpa cumarsáide maidir le ceist an mheanapáis teir agus stiogma agus atmaisféar inar mhothaigh siad uaigneas agus iargúltacht.
“Beidh taithí ag thart ar 50% dár ndaonra ar an meanapás, agus ní mór dúinn go léir níos mó eolais a bheith againn na siomptóim agus na cóireálacha. Mar sin, labhraímis go léir faoi."
Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Hildegarde Naughton:
"Tá an-áthas orm go bhfuil daoine ag labhairt faoi, comhartha go bhfuilimid ag tosú go mall chun an stiogma a bhaineann leis an meanapás a scriosadh.
“An tseachtain seo bhí an deis agam an obair iontach atá á déanamh sa Chlinic Speisialtóra Meanapáis in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh a fheiceáil dom féin.
“D'oscail an clinic i mí na Nollag agus léiríonn méid na gníomhaíochta sa chlinic an gá atá leis na seirbhísí saineolacha seo, ar féidir leo tionchar claochlaitheach a imirt ar shaol na mban.
“Trí bheith ullmhaithe leis na huirlisí chun cabhrú le siomptóim a bhainistiú go réamhghníomhach, is féidir linn an chéim seo den saol a dhéanamh níos dearfaí do chách.”
Dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta Mary Butler:
“Cé go mbíonn tionchar ag an meanapás ar leath ár ndaonra go díreach, tá aithne againn go léir ar dhuine atá ag dul tríd, bíodh sí ina ball teaghlaigh, ina cara nó ina comhghleacaí.
“Cuideoidh an feachtas seo agus na hacmhainní den scoth atá ar fáil ar gov.ie/menopause le gach duine an comhrá a oscailt maidir leis an meanapás agus deireadh a chur le haon stiogma a bhaineann leis.
“Tá a fhios againn gur féidir le meanapás dul i bhfeidhm ar ghiúmar duine mar gheall ar mhíchothroime hormónach, agus is féidir leis cur isteach ar mheabhairshláinte freisin.
“Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach a bheith ar an eolas faoi na siomptóim, an chúis le hathruithe ar an gcorp agus ar iompar a aithint agus cumhacht a bheith agat cúnamh a lorg trí theagmháil a dhéanamh le dochtúir teaghlaigh."
Dúirt Príomhoifigeach Altranais, Cosantóir Shláinte na mBan sa Roinn Sláinte agus Comhchathaoirleach Thascfhórsa Sláinte na mBan Rachel Kenna:
“Ní mór dúinn go léir níos mó eolais a bheith againn faoin meanapás, ní hamháin chun cabhrú linn féin ach freisin chun tacú leo siúd timpeall orainn a d’fhéadfadh a bheith ag dul tríd.
“Mholfainn do dhuine ar bith atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil úsáid a bhaint as na hacmhainní den scoth ar gov.ie/menopause. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh faoi chóireálacha a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach duit.
“Ní fhéadfainn moladh a dhóthain a thabhairt don tabhacht a bhaineann le teagmháil a dhéanamh le cairde agus líonra daoine a thógáil a thuigeann cad atá tú ag dul tríd. Is féidir le heispéiris a roinnt a bheith an-chumhachtach."
Mairfidh Céim a Dó den fheachtas Feasachta ar an Meanapás ón 11 Márta 2023 go dtí an 14 Aibreán 2023.
Léirigh taighde a choimisiúnaigh an Roinn Sláinte i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna go gcuireann 55% de na mná a bhfuil peirimheanapás agus meanapás orthu síos air mar eispéireas diúltach, agus ní dhéanann ach 22% cur síos air mar eispéireas dearfach.
Léirigh sonraí ón taighde:
Thuairiscigh mná gurb iad na siomptóim ba dhéine ná athruithe teochta (76%), athruithe ar an fhuil mhíosta (73%), tuirse (72%), fadhbanna codlata (68%), athruithe i gcruth na colainne (58%), fadhbanna cognaíocha (56%), athruithe giúmar (54%) agus pian in ailt (53%).
Bhí comhghaol láidir ann freisin idir minicíocht agus déine na siomptóm.
Tá Plean Gníomhaíochta Sláinte na mBan 2022-2023 tiomanta don chur chuige i leith cúram meanapáis in Éirinn a athrú.