Fógraíonn an tAire Ryan agus an tAire Stáit Naughton maoiniú €30 milliún thar 3 bliana chun tacú le líonra Inbhuanaithe, ar fud na tíre, d'Oifigí poist
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan, agus an tAire Stáit le freagracht as Cúrsaí Poist, Hildegarde Naughton, pacáiste maoinithe €30 milliún inniu thar thréimhse shocraithe 3 bliana chun tacú le líonra oifigí poist inbhuanaithe ar fud na tíre.
Thug na hAirí Ryan agus Naughton meamram ag cur síos ar an bpacáiste maoinithe chuig an gComh-Aireacht inné. Tríd an mbeart seo, aithníonn an Rialtas an tábhacht a bhaineann le líonra Oifigí Poist ar ardchaighdeán do shaoránaigh ar fud na hÉireann, chomh maith le ról lárnach agus iontaofa na máistrí poist inár bpobail.
Ag labhairt dó ó oifig an phoist i Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, áit ar fógraíodh sonraí na scéime, dúirt an tAire Hildegarde Naughton, a bhfuil freagracht speisialta air as Cúrsaí Poist:
"Is cuid ríthábhachtach dár bpobal iad oifigí poist; atá le feiceáil go soiléir i mbonn míosúil os cionn milliún cuairteoir chuig oifigí poist. Tá ról lárnach ag oifigí poist sa tsochaí ina hiomláine agus don Rialtas trí sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar i mbailte, sráidbhailte agus cathracha ar fud na tíre. Táim muiníneach go gcosnóidh an scéim ilbhliantúil €30 milliún seo, arbh ionann í agus €10 milliún gach bliain ar feadh trí bliana, ár líonra oifigí poist agus cinnteoidh sí gur féidir le teaghlaigh agus gnólachtaí ar fud na tíre rochtain a fháil ar sheirbhísí laistigh dá bpobail féin.
"Is beart céaduaire é fógra an lae inniu i stair an Rialtais, áit a bhfuil tacaíocht dhíreach airgeadais á soláthar againn anois do mháistrí poist a oibríonn cuid mhaith dár líonra. Ba mhór an loghadh dom gan an deis seo a thapú chun obair na máistrí poist agus oibrithe poist a mholadh le linn tréimhsí a bhí thar a bheith dúshlánach le linn airde COVID-19; go deimhin, thug siad brí iomlán nua don téarma seirbhís phoiblí."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Naughton:
"Cuirfidh líonra nuachóirithe oifigí poist réimse níos fearr agus níos leithne seirbhísí baincéireachta pobail agus ríomhthráchtála ar fáil - do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Tríd an mbeart seo táimid ag cur béime ar ár dtiomantas do líonra oifigí poist inbhuanaithe ar fud na tíre. Tabharfaidh fad an phacáiste tacaíochta – tréimhse 3 bliana – cinnteacht do mháistrí poist agus don phobal, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann tionscnaimh agus seirbhísí tráchtála nua a fhorbairt. Is é an aidhm atá again ná líonra oifigí poist inbhuanaithe agus dírithe ar bhonn tráchtála a chosaint agus a chothú."
Ag trácht dó ar an mbeart, dúirt an tAire Ryan:
"Tá ról lárnach ag oifig an phoist i gcreatlach shóisialta na tíre seo, i bpobail uirbeacha, agus go háirithe faoin tuath in Éirinn. Cuirfidh an pacáiste seo idirghabháil aonuaire €10 milliún in aghaidh na bliana ar fáil thar thréimhse trí bliana (2023-2025 san áireamh) - chun tacú le líonra inbhuanaithe oifigí poist de réir ár ngealltanas i gClár an Rialtais. Cuideoidh an beart seo lena chinntiú gur féidir le daoine rochtain a bheith acu ar sheirbhísí tábhachtacha trí líonra na n-oifigí poist. Tá sé mar bhonn agus mar thaca ag tiomantas an Rialtais do líonra atá leordhóthanach ó thaobh scála agus acmhainne de do dhaoine a bheith in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí seo, is cuma cá gcónaíonn siad."
Cuireann An Post seirbhísí tábhachtacha ar fáil dá chustaiméirí agus do phríomhsheirbhísí rialtais do shaoránaigh. Tá an rialtas tiomanta d'oibriú leis An Post agus le máistrí poist lena chinntiú go bhfuil ról láidir ag an líonra i gcónaí maidir le seirbhísí Stáit a sholáthar.
Tacóidh an beart a fógraíodh inniu leis an líonra reatha de thart ar 900 oifig poist. Go háirithe, is é an aidhm atá ann na hoifigí poist is leochailí a chosaint – chun rochtain ar sheirbhísí ar fud na tíre a chosaint.
Íocfar an maoiniú amach, chun cothromaíocht a chinntiú idir tacaíocht airgeadais ríthábhachtach agus cinnteacht a sholáthar, agus fócas tráchtála a choinneáil ag an am céanna. Dáilfear airgead idir gné sheasta/ráthaithe agus gné athraitheach, bunaithe ar fheidhmíocht, a chinnfear tar éis comhairliúcháin idir An Post agus an Aontas Máistrí Poist na hÉireann agus faofa ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Scaoilfear sonraí beachta a bhaineann le heisíoc cistí in am trátha, tar éis na gcomhairliúchán seo.
CRÍOCH
Is comhlacht tráchtála Stáit é An Post a bhfuil sainordú aige gníomhú ar bhonn tráchtála. Tá freagracht reachtúil air as seirbhís poist an Stáit agus as líonra na n-oifigí poist. Is úinéirí gnó neamhspleácha iad máistrí poist atá ar conradh ag An Post chun oifigí poist a reáchtáil ar fud na hÉireann. Is iad máistrí poist neamhspleácha a oibríonn formhór na n-oifigí poist. Ní fostaithe Stáit iad máistrí poist, ná ní fostaithe de chuid An Post iad agus, dá réir sin, ní íoctar tuarastal seasta leo. Díorthaítear a n-ioncam ar tháille in aghaidh an idirbhirt.
Tá gealltanas tugtha ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoina Ráiteas Straitéise "tacú leis An Post leanúint ar aghaidh ag forbairt mar chuideachta stáit tráchtála láidir agus dinimiciúil, ag seachadadh a Phlean Straitéisigh a léiríonn cuspóirí an rialtais agus a sholáthraíonn líonra inbhuanaithe oifigí poist ar fud na tíre a thairgeann raon seirbhísí ríomhthráchtála, airgeadais agus rialtais".
Tá claochlú mór ar An Post agus ar líonra na n-oifigí poist ar siúl, ar aon dul le Plean Straitéiseach na cuideachta. Chun an plean a chur i bhfeidhm (a meastar go bhfuil a chostas thart ar €150 milliún) chuir an Rialtas iasacht fhadtéarmach úis íseal €30 milliún ar fáil don chuideachta i mí na Nollag 2017 - chun tacú le hathnuachan líonra na n-oifigí poist agus chun é a chosaint (€15 milliún) agus comhlíonadh leanúnach seirbhíse seachadta poist 5 lá in aghaidh na seachtaine (€15 milliún). Foilseofar tuarascáil ón nGrúpa Idir-Rannach, a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go gcuirfí seirbhísí breise rialtais ar fáil trí An Post agus trí líonra na n-oifigí poist, go luath.
D'fhógair An Post ciste faoisimh paindéime €8.5 milliún i Meitheamh 2021, a rachaidh chun tairbhe do gach oifig poist thar thréimhse 18 mí go dtí deireadh na bliana seo (2022).
Tá Clár an Rialtais soiléir - lena chinntiú go bhfuil líonra nuachóirithe postoifigí againn a sholáthróidh raon seirbhísí airgeadais agus ríomhthráchtála do shaoránaigh agus d'fhiontar, mar chuid den tiomantas do líonra oifigí poist inbhuanaithe ar fud na tíre. I measc chuspóirí an rialtais do An Post tá leas a bhaint as deiseanna nua a chuireann ríomhthráchtáil agus an geilleagar digiteach ar fáil.
Chun idirghabháil an lae inniu a dhéanamh, beidh gá le leasú ar an Acht Poist agus Teileachumarsáide 1983; lorgófar faomhadh don dréachtreachtaíocht in am trátha.