Tugann an Taoiseach cuairt ar an Úcráin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhain an Taoiseach Micheál Martin Cív amach ar maidin chun dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a léiriú i bhfianaise chogadh neamhdhleathach agus mímhorálta na Rúise ar an Úcráin.
Rachaidh sé i mbun plé le linn na cuairte le húdaráis na hÚcráine ar mar is féidir le hÉirinn agus an AE tacú le riachtanais reatha na tíre atá agus na riachtanais bheidh i gceist amach anseo.
Feicfidh an Taoiseach é féin an léirscrios atá déanta ag an mbombardú agus ag na hionsaithe spriocdhírithe atá á ndéanamh ar shibhialtaigh le linn ionradh agus forghabháil fhórsaí na Rúise.
Athdhearbhóidh sé tacaíocht iomlán na hÉireann maidir le leanúint le smachtbhannaí in aghaidh réimeas Putin, iarracht na hÚcráine chun ballraíocht iomlán san AE a bhaint amach, chomh maith le tiomantas na hÉireann obair le comhghleacaithe an AE chun atógáil na hÚcráine a chinntiú.
Roimh an gcuairt, dúirt an Taoiseach:
“Seasann muintir na hÉireann leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine i bhfianaise chogadh uafáis na Rúise atá mímhorálta agus gan chúis.
Níl dada eile é an bombardú agus ionsaithe ar shibhialtaigh ach coireanna cogaidh, agus ar mo chuairt tá mé chun tacaíocht na hÉireann a léiriú ó thaobh pleananna chun iadsan atá taobh thiar de na hionsaithe seo a choinneáil cuntasach.
Tá spiorad agus diongbháilteacht mhuintir na hÚcráine ina spreagadh dúinn ar fad, agus cuirfidh Éire gach uile thacaíocht ar fáil d’iarracht na hÚcráine chun ballraíocht iomlán san AE a bhaint amach, agus fáilteoidh Éire roimh shibhialtaigh atá ag teitheadh ón gcogadh seo agus tacóidh sí leo.”
Críoch