Foilsíonn an tAire O’Brien Tuarascáil an Fhóraim um Ionchuimsiú Sóisialta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Joe O’Brien, an tAire Stáit ag na Ranna Coimirce Sóisialaí agus Forbartha Tuaithe agus Pobail ar a bhfuil freagracht speisialta as Forbairt Pobail agus Carthanas, Tuarascáil an Fhóraim um an Ionchuimsiú Sóisialta 2021 inniu.
Imeacht náisiúnta é an Fóram um an Iochuimsiú Sóisialta bliantúil ina dtagann daoine a ndéanann an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta difear dóibh, anuas ar na heagraíochtaí pobail a dhéanann ionadaíocht dóibh, le chéile le hoifigigh ó Ranna Rialtais ábhartha, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as ionchuimsiú sóisialta. D’eagraigh an Roinn Coimirce Sóisialaí an Fóram i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Líonra na hEorpa in aghaidh na Bochtaineachta, Éire (EAPN) agus Obair Phobail Éireann (CWI).
Dúirt an tAire O’Brien:
“Imeacht bliantúil tábhachtach é an Fóram um an Ionchuimsiú Sóisialta a thugann an deis dúinne, an lucht déanta beartas, éisteacht le dearcthaí, agus eispéiris saoil, iad siúd atá thíos le bochtaineacht agus na daoine a dhéanann ionadaíocht dóibh.”
Thit Fóram 2021 amach ar líne den chéad uair, mar gheall ar shrianta COVID-19, ón 12 go dtí an 16 Aibreán 2021, agus d’fhreastail breis agus 350 duine ó Ranna Rialtais, pobail agus eagraíochtaí éagsúla timpeall na tíre i rith na seachtaine. Ba é an chéad Fhóram a cuireadh ar siúl ó ghlac an Rialtas leis an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020-25: Uaillmhian, Spriocanna, Gealltanais agus ó foilsíodh go luath in 2020 é. Ba é téama an Fhóraim “An Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta a Chur i bhFeidhm: bochtaineacht a laghdú agus ionchuimsiú sóisialta a fheabhsú”.
Dúirt an tAire O’Brien freisin:
“Mar gheall gurbh é seo an chéad uair a cuireadh an Fóram ar siúl i ndiaidh gur foilsíodh an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta 2020-2025, bhí an-dúil agam, agus an clár á fhorbairt don Fhóram, a chinntiú gur dhírigh sé ar an Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta a chur i bhfeidhm, mar gheall gurb é an beartas náisiúnta uileghabhálach do laghdú bochtaineachta agus ionchuimsiú sóisialta.”
Bhí ceithre cheardlann a cuireadh ar bun i rith na seachtaine i gceist leis an bhFóram agus cuireadh na Seisiúin Iomlánacha Tosaigh agus Deiridh ar siúl roimhe agus ina dhiaidh. Chuir na ceardlanna an deis ar fáil do rannpháirtithe roinnt de na téamaí ón Treochlár um an Ionchuimsiú Sóisialta a phlé:
Cuirtear léargas ginearálta ar fáil sa tuarascáil ar an imeacht, an Seisiún Tosaigh Iomlánach, tuarascálacha ar chur i láthair a rinne na cainteoirí ag an imeacht, Plé Ceardlainne an Fhóraim, na príomhthéamaí a tháinig chun solais ón bplé seo agus an Seisiún Deiridh Iomlánach.
Seolfar an tuarascáil chuig baill Ghrúpa Stiúrtha an Treochláir um an Ionchuimsiú Sóisialta, atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Treochláir agus cinnteoidh siad go gcuirtear ar aird na limistéar ábhartha laistigh dá Ranna.
Foilsíodh na Monatóirí um an Ionchuimsiú Sóisialta don bhliain 2018 agus 2019 freisin inniu. Cuireadh iad le chéile in aon cháipéis amháin mar gheall nárbh fhéidir Monatóir 2018 a fhoilsiú in 2020 mar gheall ar phaindéim COVID-19.
Déanann an Monatóir um an Ionchuimsiú Sóisialta tuairisciú ar dhul chun cinn i dtreo an Sprioc Shóisialta Náisiúnta um Laghdú na Bochtaineachta a bhaint amach trí nuashonruithe rialta, tráthúla agus inrochtana a sholáthar ar phríomhtháscairí náisiúnta.
Dúirt an tAire O’Brien, agus fáilte á cur aige roimh an bhfoilseachán seo:
Cuireann an foilseachán seo nuashonruithe ar fáil ar dhul chun cinn ar an sprioc náisiúnta shóisialta um laghdú bochtaineachta, an sprioc bhochtaineachta a bhaineann go sonrach le leanaí agus rannchuidiú na hÉireann le sprioc bhochtaineachta na hEorpa 2020 ina measc.
“Cuirtear léargas suimiúil ar fáil sna tuarascálacha seo ar threochtaí maidir leis an mbochtaineacht agus an laghdú atá tagtha air le cúpla bliain anuas i measc réimse táscairí”
Tá na tuarascálacha seo ar fáil ag ANSEO
CRÍOCH