Abhcóide Sinsir ceaptha ag an Aire Cosanta, An Tánaiste Micheál Martin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Cosanta, an Tánaiste Micheál Martin inniu, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne, gur ceapadh an Abhcóide Sinsearach Peter Ward chun scrúdú práinneach a dhéanamh ar riar cásanna a bhaineann le pearsanra Óglaigh na hÉireann a cúisíodh nó a ciontaíodh i gcionta.
Iarrfar ar an Abhcóide Sinsearach teacht ar ais le moltaí maidir le bainistiú na gcásanna sin agus aon chumhachtaí feabhsaithe a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun próisis, rialacháin, reachtaíocht agus socruithe tuairiscithe a fheabhsú.
Thug an Tánaiste le fios freisin go bhfuil treoir tugtha aige d’oifigigh a chinntiú go ndéanfar aon phearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann a chiontaítear faoi láthair, nó os comhair na gcúirteanna maidir le hionsaí gnéasach tromchúiseach nó éigniú, a bhaint láithreach as seirbhís ghníomhach, gan dochar dá gcásanna.
Is féidir é seo a chur i bhfeidhm trí shásra atá ann anois ar a dtugtar ‘saoire áitiúil’ a chur i bhfeidhm.
Dúirt an Tánaiste: “Tá an tAbhcóide Sinsearach Peter Ward ceaptha agam chun riar na gcásanna seo laistigh d’Óglaigh na hÉireann a scrúdú ar bhealach cuimsitheach neamhspleách, agus chun teacht ar ais chugam le moltaí.
“Tá treoir tugtha agam do m’oifigigh freisin a chinntiú go gcuirfear aon duine atá bainteach faoi láthair i gcás a bhaineann le hionsaí gnéasach nó éigniú ar shaoire ar a dtugtar saoire áitiúil, gan dochar do thoradh deiridh a gcás.
"Táim sásta go bhfuil sásraí reatha ann chun déileáil le cionta an-tromchúiseacha amhail ionsaí gnéasach."
D’iarr an Tánaiste an tseachtain seo caite ar an gCeann Foirne tuairisc a thabhairt i dtaobh líon na gcomhaltaí d’Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh agus ar ciontaíodh iad i gcion sibhialta, nó atá os comhair na gcúirteanna sibhialta i dtaca le cionta coiriúla tromchúiseacha.
Léiríodh san iniúchadh, a fuarthas an tseachtain seo, go bhfuil 68 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann ar ciontaíodh iad, nó atá os comhair na gcúirteanna sibhialta faoi láthair, ar chúisimh choiriúla lena n-áirítear cionta gnéis, ionsaí fisiciúil, cionta a bhaineann le hord poiblí, tiomáint faoi thionchar díagus cionta drugaí.
Tá comhairle dlí á lorg ag an Tánaiste ón Ard-Aighne maidir leis an tuarascáil seo.