Leabhrán Faisnéise Bhreithe agus Rianaithe le seoladh chuig gach teaghlach ar fud na hÉireann
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu (Dé Luain, 25 Iúil), fáilte roimh sheoladh leabhrán ar an Acht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, atá le seachadadh do gach teaghlach in Éirinn. Seolfar chuig suíomhanna cónaithe eile ar fud na tíre é chomh maith, agus scaipfear na mílte cóip ar dhaoine atá ina gcónaí thar lear trí líonra ambasáidí na hÉireann. Is cuid lárnach é an leabhrán den fheachtas faisnéise poiblí a thosaigh ar an 1 Iúil agus é mar aidhm aige a chinntiú go bhfuil an pobal ar an eolas faoin dlí nua. Tógfaidh sé roinnt seachtainí chun na leabhráin a sheachadadh chuig gach teaghlach go náisiúnta, agus go hidirnáisiúnta.
Agus aird á tarraingt ar an bhforbairt, dúirt an tAire O’Gorman:
“Soláthróidh an reachtaíocht stairiúil seo ceart iomlán agus soiléir ar rochtain ar theastais bhreithe, faisnéis bhreithe agus luathsaoil do gach duine a uchtaíodh, a cuireadh faoi chúram duine eile, faoi chlárú breithe mídhleathach nó a bhfuil ceisteanna eile acu maidir lena mbunús. Faoi dheireadh agus go deifnídeach, tugann sé aghaidh ar an séanadh éagórach ar chearta féiniúlachta daoine le blianta fada anuas sa Stát seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh gach duine a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an reachtaíocht nua seo ar an eolas faoi na hathruithe ar an dlí agus cad a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo dóibh. Is bealach é seachadadh na leabhráin do gach teaghlach chun a chinntiú go mbeidh deis ag daoine léamh faoi na hathruithe seo, agus na seirbhísí agus tacaíochtaí nua atá á gcur ar fáil, i bpríobháideacht a dtithe féin agus ina gcuid ama féin. Ba mhaith liom go mbeadh daoine soiléir maidir lena gcearta faoin Acht agus go mbeadh a fhios acu freisin go bhfuil comhairleoireacht agus tacaíocht ann dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu.”
Tugann an tAcht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú, 2022, ceart soiléir do gach duine rochtain iomlán a bheith aige nó aici ar a bhfaisnéis bhreithe, luathsaoil, chúram agus leighis. Leis an dlí nua, bunaítear seirbhís rianaithe láidir agus Clár um Rogha Teagmhála, chomh maith le réimse beart nua saincheaptha chun dul i ngleic le fadhbanna a thagann chun cinn do dhaoine a bhfuil tionchar ag clárú breithe mídhleathach orthu. Tá réimse leathan comhairleoireachta agus tacaíochta ar fáil freisin ach é a iarraidh. Beidh na seirbhísí seo go léir saor in aisce d’iarratasóirí.
Ráthóidh an reachtaíocht freisin go ndéanfar taifid thábhachtacha a chosaint agus, mar sin, is céim bhunúsach luachmhar í i bhforbairt an Ionaid Náisiúnta um Thaighde agus Cuimhneachán atá pleanáilte.
Tá an tAcht um Fhaisnéis Bhreithe agus Rianú 2022 á thosú ar bhonn céimnithe. Ag tús na míosa seo (Iúil 2022), osclaíodh Clár Rogha Teagmhála nua, arna oibriú ag Údarás Uchtála na hÉireann, le haghaidh iarratas. Tugann an Clár seo cumhacht do dhaoine a roghanna a thaifeadadh maidir le teagmháil le daoine eile agus maidir le faisnéis a roinnt agus a fháil. Forálann an tAcht go gcaithfidh an Clár Tosaíochta Teagmhála a bheith oscailte ar feadh íostréimhse 3 mhí sula nglacfar le hiarratais ar theastas breithe agus faisnéis bhreithe a bhaineann leis. I mí Dheireadh Fómhair 2022, osclófar seirbhísí Faisnéise agus Rianaithe faoin reachtaíocht. Ón am seo, is féidir iarratais ar thaifid a dhéanamh chuig Údarás Uchtála na hÉireann agus chuig Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach.
Is féidir le daoine tuilleadh eolais a fháil agus is féidir leo iarratas a dhéanamh ar an gClár Rogha Teagmhála trí chuairt a thabhairt ar birthinfo.ie.