Fógraíonn an tAire Smyth cistiú le haghaidh nuálaíocht Geilleagair Chiorclaigh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, an tseachtain seo cistiú is fiú €1.5 milliún do Circuléire sa bhliain 2023 chun eolas ar an ngeilleagar ciorclach, forbairt acmhainne an gheilleagair chiorclaigh agus cur chun feidhme an gheilleagair chiorclaigh ag an lucht tionscail Éireannach a chothú agus a bhreisiú.
Is é is Circuléire ann ná ardán monaraíochta ciorclaí atá tiomnaithe d’fhorbairt a dhéanamh ar thionscadail nuálaíochta agus taispeána atá deartha chun tacú leis an aistriú ó gheilleagar líneach chuig geilleagar ciorclach. Bunaíodh Circuléire sa bhliain 2020, agus clár trí bliana aige ar dtús. Tá dul chun cinn suntasach déanta aige ar mhóiminteam geilleagair chiorclaigh a chruthú i measc an lucht tionscail ón uair sin i leith. Is é an toradh a bheidh ar an tacaíocht cistiúcháin sin a fhadú isteach sa bhliain 2023 ná go gcuirfear leis an móiminteam a cruthaíodh go dtí seo agus go gcoimeádfar rannpháirtíocht an lucht tionscail ar bun.
Rinne an tAire Smyth an fógra le linn an spreagaithisc uaidh do Chomhdháil Fhíorúil Circuléire 2022: Nuálaíocht Éireannach Geilleagair Chiorclaigh a Thaispeáint, a cuireadh ar siúl an tseachtain seo.
D’aithin an tAire Smyth an ról tábhachtach a imríonn Circuléire agus a chomhpháirtithe tionscail san aistriú chuig geilleagar ciorclach. Dúirt sé:
"Ó tionscnaíodh é sa bhliain 2020 i leith, tá Circuléire agus a bhaill ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht geilleagair chiorclaigh, agus iad ag tacú le monaróirí agus lena slabhraí soláthair glacadh le prionsabail gheilleagair chiorclaigh. Cabhróidh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, rud a dtacóidh Circuléire leis, le hÉirinn a spriocanna a bhaint amach maidir le gáis cheaptha teasa a laghdú faoin mbliain 2030."
Aithníonn geallsealbhóirí agus an lucht tionscail luach an róil a imríonn Circuléire, atá ar aon dul le cuspóirí na Straitéise don Gheilleagar Ciorclach agus an Phlean Gnímh don Aeráid araon. Taispeánadh i gcomhdháil fhíorúil Circuléire 2022 na tionchair, an léargas agus na ceachtanna a tháinig as treoirthionscadail nuálaíochta trasearnála ar chistigh Circuléire iad san earnáil tógála, san earnáil troscán, san earnáil feistí liachta, san earnáil plaisteach agus san earnáil teicstílí.
CRÍOCH
Is é atá i gceist leis an ngeilleagar ciorclach ná aistriú amach ó shamhail ‘líneach’ reatha an domhain um acmhainní ‘a thógáil, a dhéanamh agus a chaitheamh ar shiúl’, áit a mbaintear acmhainní, a n-iompaítear ina dtáirgí iad, a n-úsáidtear iad agus a gcaitear ar shiúl iad, chuig samhail ina gcuirtear cosc ar dhramhaíl a tháirgeadh ar an gcéad dul síos. Is é an toradh atá air sin go gcoinnítear ábhair, comhpháirteanna agus táirgí i mbun úsáide sa gheilleagar ar feadh na tréimhse is faide is féidir. Tá sé bunaithe ar thrí phrionsabal, mar atá: an dramhaíl agus an truailliú a dhíothú; táirgí agus ábhair a scaipeadh (agus iad ar a luach is airde); agus an dúlra a athghiniúint trí tháirgí a dhearadh chun go mbeidh siad níos marthanaí agus chun go mbeidh sé níos fusa iad a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil.
Beidh dea-thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ag gabháil le geilleagar ciorclach a sholáthar. Is féidir le creat beartais dea-dheartha um an ngeilleagar ciorclach na tairbhí comhpháirteacha a shainaithint chun go soláthraítear deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta le feabhsuithe comhshaoil, agus go soláthraítear feabhsuithe comhshaoil le deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta. Tá tíortha ar fud na hEorpa ag aistriú i dtreo cleachtais gheilleagair chiorclaigh agus ag glacadh na gcleachtas sin. Tá an tAontas Eorpach ag saothrú straitéis ‘an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip’ uaidh. Cuid dhílis den straitéis sin is ea an geilleagar ciorclach. I mí an Mhárta 2020, sheol an tAontas Eorpach an Dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach uaidh. Ar an leibhéal náisiúnta, d’fhoilsigh Éire an chéad Straitéis Uile-Rialtais don Gheilleagar Ciorclach uaithi i mí na Nollag 2021 chun comhleanúnachas beartais a chinntiú ar fud na hearnála poiblí agus chun breac-chuntas a thabhairt do gheallsealbhóirí agus don phobal ar an gcur chuige foriomlán a ghlacann an rialtas i leith an gheilleagair chiorclaigh.
Téann an tAcht um an nGeilleagar Ciorclach, 2022, níos faide fós tríd an gcur chuige beartais sin a aistriú ina cheanglas reachtúil. Chomh maith leis sin, beidh sé mar bhonn agus thaca reachtúil riachtanach ag gníomhartha éagsúla lena neartófar forfheidhmiú dramhaíola i ndáil le dumpáil mhídhleathach agus le bruscar a chaitheamh, mar shampla trína chumasú gur féidir úsáid a chomhlíonann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a bhaint as TCI agus teicneolaíochtaí eile i ngníomhartha forfheidhmiúcháin. Is é an Straitéis don Gheilleagar Ciorclach an creat beartais náisiúnta le haghaidh aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. Leis an Acht seo, déantar an straitéis sin, agus an gealltanas go ndéanfaí aistriú chuig geilleagar ciorclach, a chur ar bhonn reachtúil soiléir. Cuirfear an Clár Náisiúnta don Gheilleagar Ciorclach (a n-oibríonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é) ar an mbonn reachtúil céanna.
Rud ba leithne fós, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide feachtas chun ‘maireachtáil chiorclach’ a mhíniú agus chun feasacht a mhúscailt ar na dóigheanna difriúla a bhfuil ‘geilleagar ciorclach’ á thógáil ag an rialtas.
Is é is Circuléire ann ná comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí ar chruthaigh Irish Manufacturing Research í i gcomhpháirt le trí chomhpháirtí straitéiseacha: an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus EIT Climate-KIC. I dteannta comhpháirtithe tionscail, tá sé mar aidhm ag Circuléire cabhrú le monaróirí agus lena slabhraí soláthair aistriú ó shamhlacha líneacha gnó go samhlacha ciorclacha gnó.