Seolann an tAire Sláinte agus an tAire Stáit Staidéar Nua ar Iompraíocht Leanaí Scoile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, an Staidéar ar Iompraíochtaí Sláinte Leanaí in Aois Scoile 2018 a sheoladh inniu.
Is staidéar idirnáisiúnta é an staidéar. Is í an Roinn Sláinte a choimisiúnaigh an chuid Éireannach den staidéar agus is é an tIonad Taighde ar Chur Chun Cinn na Sláinte in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a chuir i gcrích í. Sa chuid Éireannach, léirítear a lán treochtaí dearfacha in iompraíochtaí sláinte leanaí agus tarraingítear aird ar roinnt réimsí ar ábhair imní iad.
Léirítear sa staidéar gur thuairiscigh 64% de leanaí nár ól siad alcól riamh. Tá sé sin cothrom le méadú 6% ar an bhfigiúr don bhliain 2014.
I gcás 54% de na leanaí sin a thuairiscigh gur ól siad alcól riamh, fuair siad an t-alcól ó thuismitheoir, ó chaomhnóir nó ó shiblín nó thóg siad an t-alcól ó áras an teaghlaigh. Ba ó chairde a fuair 30% eile an t-alcól.
Léirítear sa staidéar freisin gur bhain 11% de leanaí idir 10 mbliana d’aois agus 17 mbliana d’aois triail as an tobac. Tá sé sin cothrom le laghdú 5% ar an bhfigiúr don bhliain 2014, nuair a bhain 16% triail as an tobac. Thuairiscigh 22% de leanaí gur bhain siad triail as toitíní leictreonacha.
Dúirt an tAire Harris:
"Tá lúcháir orm an staidéar luachmhar seo a sheoladh. Tá sláinte agus folláine ár leanaí ar cheann de na príomhtháscairí ar shláinte an náisiúin agus tá áthas orm a lán treochtaí dearfacha a fheiceáil ina leith sin. Is dea-scéala é go háirithe go leanann caitheamh tobac agus úsáid alcóil i measc leanaí de bheith ag laghdú.
"Mar sin féin, is cúis imní é an líon déagóirí atá ag baint triail as toitíní leictreonacha agus as táirgí vápála. Tabharfar aghaidh air sin trí bhearta a thabharfaidh mé isteach sa bhliain 2020, lena n-áireofar reachtaíocht nua lena dtoirmiscfear an díol toitíní leictreonacha le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois."
Dúirt an tAire Harris freisin:
"Mar gheall ar an tionchar damáisteach is féidir leis an alcól a imirt ar an inchinn atá ag fás, is dearfach an rud é gur tháinig laghdú ar an líon leanaí a bhain triail as an alcól agus ar an líon leanaí a thuairiscigh go raibh siad ar meisce riamh. Cuireann sé iontas orm, áfach, gurb é áras an teaghlaigh an fhoinse is coitianta alcóil do leanaí. Mar thuismitheoirí agus mar aosaigh ag a bhfuil ról i saol daoine óga, is gá dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar an bhfionnachtain sin. Is gá dúinn an cultúr i leith an alcóil a athrú in Éirinn má táimid chun maolú a dhéanamh ar an tionchar díobhálach a imríonn an t-alcól ar a lán daoine óga.
"Léirítear sna figiúirí maidir leis an mbulaíocht agus maidir leis an tsláinte ghnéasach a thábhachtaí atá an obair luachmhar atá á déanamh ag an Roinn Sláinte agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i gcomhar le tuismitheoirí, le scoileanna agus le heagraíochtaí don óige chun cabhrú le daoine óga forbairt a dhéanamh ar na scileanna a theastaíonn chun athléimneacht, muinín agus caidreamh sláintiúil a ghnóthú."
Dúirt an Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige:
"Fáiltím roimh fhoilsiú na tuarascála ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile agus roimh an méid a chuireann sí leis an eolas atá againn ar shaol na leanaí. Is acmhainn thábhachtach í an tuarascáil agus cuirtear i láthair inti na príomhtháscairí ar ghnéithe tábhachtacha de shaol na leanaí, lena n-áirítear torthaí a bhaineann leis an tsláinte, leis an bhfolláine shóisialta agus mhothúchánach agus leis an gcaidreamh atá ag leanaí lena dtuismitheoirí agus lena gcairde. Baineann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige úsáid fhorleathan as na sonraí sin sa tuarascáil ‘Staid Leanaí an Náisiúin’ agus sa tacar táscairí ‘Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile’ araon."
Is é atá sa staidéar freisin ná faisnéis faoi ghníomhaíocht fhisiciúil agus faoi chaitheamh milseán agus deochanna siúcraithe. Cé gur thuairiscigh 52% de leanaí go ndéanann siad aclaíocht ceithre huaire nó níos mó in aghaidh na seachtaine, thuairiscigh 9% de leanaí idir 10 mbliana d’aois agus 17 mbliana d’aois nach ndéanann siad aon ghníomhaíocht fhisiciúil ar bith. Níor tháinig aon athrú ar an dá fhigiúr sin ón mbliain 2014 amach agus tá siad ag teacht, tríd is tríd, leis na fionnachtana atá i staidéir eile.
Tháinig laghdú suntasach ar chaitheamh milseán agus deochanna boga; thuairiscigh 21% de leanaí go n-itheann siad milseáin uair amháin nó níos mó in aghaidh an lae agus thuairiscigh 7% díobh go n-ólann siad deochanna boga uair amháin nó níos mó in aghaidh an lae. Thit na figiúirí sin ó 27% agus ó 13% faoi seach ón mbliain 2014 amach.
Dúirt an tAire Catherine Byrne:
"Fáiltím roimh na fionnachtana atá sa staidéar ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile atá á sheoladh againn inniu, go háirithe an laghdú ar an líon leanaí a itheann milseáin agus a ólann deochanna boga. Is fianaise é sin go bhfuil difear á dhéanamh ag an gcuid mhór grúpaí, scoileanna ina measc, atá ag iarraidh bia sláintiúil a chur chun cinn. Fáiltím freisin roimh an laghdú beag a bhí ann ar an líon leanaí a thuairiscigh go dtéann siad a luí nó go dtí an scoil agus ocras orthu. Is gá dúinn deireadh a chur go hiomlán leis sin, áfach. Cúis imní eile is ea an líon leanaí a ghlacann páirt i leibhéil dhóthanacha ghníomhaíochta fisiciúla, rud atá ró-íseal go fóill.
"Cé gur dearfach an rud é gur tháinig laghdú ar an líon leanaí a chaith tobac, a d’ól alcól nó a d’úsáid cannabas idir na blianta 2014 agus 2018, tá a lán oibre le déanamh againn go léir go fóill chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh ár leanaí agus chun tacú leo bheith sláintiúil agus folláin."
Deirtear sa tuarascáil gur thuairiscigh 30% de leanaí go ndearnadh bulaíocht orthu sa chúpla mí seo a chuaigh thart (suas ó 25% sa bhliain 2014) agus gur thuairiscigh 16% díobh go ndearnadh cibearbhulaíocht orthu. Tháinig laghdú 4% ar an sásamh leis an saol agus ar an sonas, ó 47% sa bhliain 2014 go 43%. Ba lú i bhfad an líon cailíní a thuairiscigh go raibh siad sona ná an líon buachaillí a thuairiscigh go raibh siad sona.
Thuairiscigh 24% de dhaoine óga idir 15 bliana d’aois agus 17 mbliana d’aois go raibh caidreamh collaí acu riamh, síos ó 27% sa bhliain 2014. Ina measc sin a thuairiscigh go raibh caidreamh collaí acu, áfach, tháinig laghdú 4%, go 29%, ar úsáid an phiollaire breithrialaithe sa bhliain 2018. Tháinig laghdú 9%, go 64%, ar an gcéatadán de dhaoine óga a d’úsáid coiscín.
Dúirt an tAire Byrne freisin:
"Ábhar imní ar leith is ea an laghdú beag a tháinig ar an sonas agus ar an sásamh leis an saol, rud atá ag teacht le suirbhéanna eile a rinneadh ar ár ndaoine óga le déanaí. Cuireann sé iontas orm gur coitianta bulaíocht san fhíorshaol ná bulaíocht ar líne. Léiríonn sé sin dom an ról an-tábhachtach a imríonn aosaigh inár scoileanna agus inár bpobail maidir le timpeallachtaí measúla sláintiúla a chur chun cinn do dhaoine óga agus maidir le tacú le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ina gcosnaítear folláine mheabhrach, lena n-áirítear an spórt, na healaíona agus an cultúr."
Agus í ag cur na dtorthaí i láthair, dúirt an tOllamh Saoirse Nic Gabhainn, Príomhthaighdeoir ar fhoireann taighde an staidéir ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile, Éire, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:
"Tá lúcháir orainn an tuarascáil seo a chur faoi bhráid na nAirí. Ní hé amháin go léirítear inti an feabhas leanúnach a bhí ann i roinnt réimsí a bhaineann le sláinte agus folláine an linbh, ach tarraingítear aird inti freisin ar na príomhréimsí ina dteastaíonn gníomhaíocht ar leibhéal na scoile, ar leibhéal an teaghlaigh agus ar leibhéal an phobail."
Dúirt sí freisin:
"Tá sé ríthábhachtach go bhfreagrófaí go cinntitheach don ardráta úsáide toitíní leictreonacha agus do na patrúin sheasta bhulaíochta atá léirithe sa séú tuarascáil náisiúnta seo ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile."
Is é atá sa staidéar ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile HBSC ná staidéar idirnáisiúnta a dhéantar i 47 gcinn de thíortha agus de réigiúin i gcomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Tugtar sa staidéar léargas luachmhar ar iompraíochtaí sláinte leanaí scoile, áit a ndéantar faireachán ar threochtaí in iompraíochtaí sláinte amhail caitheamh tobac, vápáil, úsáid alcóil, gníomhaíocht fhisiciúil, iompraíocht ó thaobh bia agus réim bia de, bulaíocht agus táscairí folláine amhail sonas, meabhairshláinte agus sásamh leis an saol.
Is í an Roinn Sláinte a chistíonn an staidéar ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile in Éirinn. Ag obair dó faoi stiúir ag an Ollamh Saoirse Nic Gabhainn, is é an tIonad Taighde ar Chur Chun Cinn na Sláinte in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a rinne an suirbhé ar 15,500 leanbh ó 255 cinn de bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna.
CRÍOCH
Irish Health Behaviour in School-aged Children Study 2018
Staidéar ar Iompraíocht Sláinte Leanaí in Aois Scoile 2018
Alcól
An fháil ar an alcól
Caitheamh tobac
Toitíní leictreonacha
Úsáid cannabais
Iompraíochtaí ó thaobh Bia agus Réim Bia de