Ómós tugtha ag an Taoiseach don fhile Derek Mahon
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
Chuir an Taoiseach Micheál Martin a bhrón in iúl faoi bhás an fhile Derek Mahon.
Dúirt an Taoiseach,
“Ba cúis bhróin dom a chloisteáil go raibh Derek Mahon imithe ar shlí na fírinne.’’
“File den chéad scoth ab ea Derek. Ghnóthaigh sé aitheantas go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus bhain sé go leor gradam amach.’’
“Bhí sé ina bhall oirirc don Aosdána. Níos túisce i mbliana chuaigh dán dá chuid, Everything is Going to be All Right, i bhfeidhm go mór ar dhaoine ar fud na hÉireann, tráth a rabhamar ag dul i ngleic leis an bpaindéim dhomhanda. ‘’
“Bhí bua thar an ngnáth ag Derek agus tá oidhreacht iontach tugtha aige do shaol na filíochta agus na litríochta.’’
“Is mian liom mo chomhbhrón a dhéanamh le páirtí Derek, Sarah, agus lena thriúr clainne, Rory, Katie agus Maisie.
“Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”
Críoch