Tacaíocht an phobail á éileamh do Chaisleán na Cathrach agus é in iomaíocht mar an láthair scannánaíochta is mó a bhfuil tóir air san Eoraip
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Caisleán na Cathrach atá á bhainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), agus ina ndearnadh a lán scannán agus scannáin mhór-eachtraíochta teilifíse, ar ghearrliosta do Ghradam Láthair Scannánaíochta 2021 de chuid An Líonra Eorpach um Choimisiúin Scannán (EUFCN). Iarrtar ar phobal na hÉireann a dtacaíocht a thaispeáint do cheann de na caisleáin is mó agus is fearr atá caomhnaithe in Éirinn agus é san iomaíocht don ghradam mar an láthair scannánaíochta is mó a bhfuil tóir air san Eoraip.
Gach bliain, roghnaíonn An Líonra Eorpach um Choimisiúin Scannán(EUFCN) gearrliosta de chúig láthair san Eoraip le bheith san iomaíocht do ghradam iomráiteach EUFCN - An Láthair Scannánaíochta is mó a bhfuil tóir air san Eoraip. Roghnaigh Fís Éireann Caisleán na Cathrach mar láthair scannánaíochta don scannán The Green Knight. Chuaigh an Caisleán i bhfeidhm ar a lán déantóirí scannán toisc an dearadh cosanta atá air, a bhí ceannródaíoch sa tríú haois déag. B’athinsint fantaisíochta ar scéal cáiliúil meánaoiseach Sir Gawain agus an Green Knight a bhí i scannán David Lowery a rinneadh i 2021- sa scannán bhí Caisleán na Cathrach mar Camelot na bhfinscéal Artúrach, páirt a ghlac sé roimhe sin sa scannán Excalibur i 1981.
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), Patrick O’Donovan, T.D .:
“Tá 780 de na láithreacha oidhreachta is aitheanta in Éirinn faoi chúram OOP. Mar chuid dá mhisean, is údar bróid don Oifig rochtain a thairiscint ar a láithreacha do dhéantóirí scannán ó gach cearn den domhan, agus déantar comhoibriú dlúth le criúnna scannánaíochta chun na caighdeáin is airde sábháilteachta, ionracais agus inchreidteachta a bhaint amach.
Tá Caisleán na Cathrach ina sheasamh go bródúil ar oileán creagach ar Abhainn na Siúire agus tá cuid mhaith den bhunstruchtúr fós ann, mar sin ní haon ionadh go bhfuil tóir ag déantóirí scannán ar an áit uathúil, iontach seo.
Is cuidiú é a bheith ar ghearrliosta don ghradam seo chun Caisleán na Cathrach a thaispeáint do phobal spéise níos leithne. Tá seans anois ag an bpobal i gcoitinne vótáil agus tacú le Caisleán na Cathrach agus an duais a thabhairt abhaile.
Má fhaigheann an láthair seo an gradam, cuideoidh sé le haitheantas a thabhairt do cheann de láithreacha iontacha na hÉireann agus d’fhoireann dhíograiseach idir shaineolaithe oidhreachta agus caomhnaithe de chuid OOP atá tiomanta maidir le hoidhreacht chultúrtha na hÉireann a athchóiriú, a chaomhnú agus a chur chun cinn chun go mbainfidh glúin an lae inniu agus na glúnta atá le teacht taitneamh aisti.”
Is iad vótaí an phobail a roghnóidh buaiteoir Ghradam Láthair Scannánaíochta EUFCN 2021.
Is féidir le gach duine vótáil ar líne ag Location Awards 2021 . Beidh críoch leis an vótáil ar an 31 Eanáir, 2022. Fógrófar buaiteoir Ghradam Láthair Scannánaíochta EUFCN 2021 i mBeirlín ag Margadh Scannán na hEorpa 2022 i mí Feabhra.
Tá tuilleadh eolais faoi na gradaim anseo le fáil anseo: EUFCN - Location Awards 2021 - Finalists .
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works