Fógraíonn Airí Rialtais cúnamh COVID-19 don Bhrasaíl
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá An tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD agus An tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD, le roinnt Ranna Rialtais, FSS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) agus gníomhaireachtaí stáit, ag obair le chéile chun cúnamh a sholáthar don Bhrasaíl mar fhreagairt ar an ráig COVID-19 atá ag dul in olcas ann.
Fágfaidh síntiús de 47,520 fial den druga Atracurium Baile Átha Cliath inniu do Sao Paulo, an Bhrasaíl agus tá sé bronnta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Rialtas na hÉireann.
Tá An Stiúrthóir Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála (cuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta) ag comhordú seoladh an chógais seo tríd an Meicníocht Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag obair leis An Roinn Sláinte, FSS, Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, An Roinn Iompair, na Coimisinéirí Ioncaim agus eile. Tá an tacaíocht seo ó Éirinn mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an AE atá ar bun faoi láthair chun freagra comhoibritheach a sholáthar tar éis iarratas na Brasaíle ar chúnamh.
Dúirt An tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
"Tá áthas orm go bhfuil Éire in ann freagra a thabhairt ar iarrtas ón mBrasaíl ar chúnamh ar bhallstáit an AE. Tacóidh an cógas seo le hoibrithe cúram sláinte sa líne tosaigh sa Bhrasaíl cúram tarrthála a sholáthar d’othair COVID-19 a bhfuil sé de dhíth orthu. Táim buíoch do gach duine a d’oibrigh le chéile chun an síntiús ríthábhachtach seo a chur i gcrích."
Dúirt An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD:
"Tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag cabhrú le comhordú an seolta seo de chógais ríthábhachtacha chun na Brasaíle – déanfaidh cúmamh mar seo difríocht mhór do mhuintir na Brasaíle agus iad ag troid go dian i gcoinne Covid-19. Táimid ag freagairt fadhb dhomhanda agus beidh iarracht dhomhanda ag teastáil uainn chun í a shárú. Is meabhrúchán tráthúil dúinn go léir an cúnamh seo a sheoladh go bhfuil tíortha fós ag streachailt dul i ngleic leis an bpaindéim seo agus táim an-sásta go bhfuilimis in ann cabhrú.”
Dúirt An tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy, TD;
“Tá Éire bródúil as a páirt a ghlacadh san iarracht chomhordaithe seo ag Ballstáit an AE freagra a thabhairt ar iarratas na Brasaíle ar chúnamh ina streachailt le COVID. Cuideoidh na cógais ríthábhachtacha seo atá á gcur ar fáil ag Éirinn i gcúram criticiúil na n-othar COVID-19 is leochailí in ospidéil na Brasaíle. Seasann Éire le muintir na Brasaíle, agus tuigimid go gcuireann Brasaíligh go bríomhar leis an saol in Éirinn. Cosúil linne, bhí siadsan scartha ó theaghlaigh, ó chairde agus ó ghaolta le linn na paindéime seo agus níl sé ceart ach dlúthpháirtíocht a thaispeáint. Tá An Clár Chúnamh Éireann, arna bhainistiú ag An Roinn Gnóthaí Eachtracha, ag tacú le costais seachadta an síntiúis seo de chúnamh míochaine, cuid de ranníocaíocht €100 milliún de chuid Chúnamh Éireann le sláinte phoiblí dhomhanda i mbliana.”
Dúirt Janez Lenarčič, Coimisinéir Eorpach um Bainistíocht Géarchéime:
"Tá Foireann na hEorpa tiomanta don troid dhomhanda i gcoinne na paindéime agus a dtionchar sláinte, sóisialta, eacnamaíoch, daonnúil, slándála agus polaitiúil. Ní raibh ár bhfreagracht dhomhanda mar aisteoir daonnúil riamh chomh suntasach ó thosaigh paindéim COVID-19. Téann tionchar Meicníocht um Chosaint Shibhialta an AE i bhfad níos faide ná teorainneacha an AE, agus leis an gcur chuige seo, tá Foireann na hEorpa ag taispeáint ceannaireachta, freagrachta agus dlúthpháirtíochta leo siúd is mó a théann an coróinvíreas i bhfeidhm orthu.”