Leagann an tAire Heydon béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leis an Aontas Eorpach roimh Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas in 2026
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia, agus Mara, Martin Heydon, inniu le Coimisinéir an AE um Thalmhaíocht agus Bia, Christophe Hansen, agus lena chomh-Airí ó gach cearn den AE ag Comhairle Agra-Iascaigh na nAirí sa Bhruiséil.
Dúirt an tAire an méid seo a leanas:
"Bhí áthas orm deis luath a bheith agam bualadh le roinnt de mo chomh-Airí agus freisin leis an gCoimisinéir AE nua, a thug cuairt ar Éirinn an tseachtain seo caite. Oibreoidh mé go dlúth le mo chomhghleacaithe sa tréimhse roimh Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach sa dara leath de 2026. Táim tiomanta dá chinntiú go mbeidh guth láidir inchreidte ag Éirinn i gcinnteoireacht an AE ar raon saincheisteanna tábhachtacha a mbeidh tionchar acu ar threo na n-earnálacha agraibhia agus iascaigh amach anseo."
Ar chlár oibre na Comhairle bhí plé ar sheasamh an fheirmeora i slabhra an tsoláthair bia a neartú, simpliú ar an CBT, agus trádáil AE.
Sa díospóireacht ar sheasamh an fheirmeora i slabhra an tsoláthair bia a neartú, trí athruithe chun comhar trasteorann a neartú maidir le cleachtais éagóracha trádála, agus sna rialacha lena bhforáiltear do chonarthaí i scríbhinn, leag an tAire béim ar an méid seo a leanas:
"Tacaím le tionscnaimh an Choimisinéara Hansen chun seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú a thuilleadh, agus chun iad a chosaint a thuilleadh ar chleachtais éagóracha trádála."
Sa díospóireacht ar shimpliú ar an CBT, d'iarr an tAire Heydon ar an gComhairle díriú ar athruithe a mbeidh an tionchar is mó acu ar fheirmeoirí agus ar lucht riaracháin maidir le hualaí riaracháin a laghdú.
Sa díospóireacht ar thrádáil, d'aithin an tAire Heydon an tábhacht a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta, rud atá ríthábhachtach d'fheirmeoirí na hÉireann agus do thionscal an bhia. Bíonn oibleagáidí cómhalartacha ann mar thoradh ar mhargaí trádála, ach le linn don AE díospóireacht a dhéanamh ar na socruithe sin, ní mór dó aird a thabhairt ar an ngá atá lenár n-earnálacha is leochailí a chosaint agus a chinntiú go bhfuil cothrom na féinne ann.
Sa chomhthéacs sin, maidir le Comhaontú AE-an Cómhargadh Theas, leag an tAire béim air gur saincheist thar a bheith deacair í seo d'Éirinn:
"Tá ábhair imní nach beag ann ó earnálacha atá leochaileach, go háirithe earnáil na mairteola. Tá sé deacair comhaontú a chosaint d'fheirmeoirí an AE mura bhfuil muid sásta go bhfuil feirmeoirí eile faoi réir na n-ardchaighdeán céanna a thugann orthu feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe."