Faigheann an tAire McConalogue cuóta breise Ronnach d’Iascairí na hÉireann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’éirigh leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, sciar méadaithe de chuóta Ronnach a fháil do chabhlach na hÉireann.
Tar éis dianrannpháirtíochta ag an gComhairle na nAirí Iascaigh an AE a thosaigh Dé Domhnaigh, d’éirigh le hAire McConalogue leithdháileadh buan de chuóta Ronnach breise do chabhlach na hÉireann a shocrú:-
“Dhírigh an tsaincheist seo ar leithdháileadh agus ar dháileadh cuóta ronnach AE a bhí nasctha go stairiúil le comhaontú leis an Iorua. Níl an cuóta seo leithdháilte le dhá bhliain anuas agus bhí mé meáite ar réiteach ar an gceist seo a bhaint amach. Is é ronnach an stoc peiligeach is tábhachtaí in Éirinn agus chuaigh na ciorruithe de bharr na n-aistrithe cuóta faoin Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm go mór ar ár gcabhlach. Cé nach bhfuil an leithdháileadh buan nua seo de chuóta Ronnach ag teacht in ionad an chuóta ar fad atá caillte againn, is fiú thart ar €3 milliún in aghaidh na bliana d’iascairí na hÉireann.”
I mbliana, tháinig idirbheartaíocht an AE leis an RA agus leis an Iorua chun críche roimh Chomhairle mhí na Nollag. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh aon ghá le Gabhálacha Iomlána Incheadaithe (TACanna) ná cuótaí, mar go mbeidh feidhm ag cuótaí bliana iomlána deiridh ón 1 Eanáir 2024.
Dúirt an tAire McConalogue:-
“Tá an chuid is mó de stoic éisc tráchtála na hÉireann roinnte anois leis an Ríocht Aontaithe agus soláthróidh tabhairt chun críche sásúil na hidirbheartaíochta déthaobhacha AE-RA cobhsaíocht dár n-iascairí a bhfuil géarghá léi. Léiríonn na torthaí deiridh toradh cothromaithe foriomlán do na príomhchuótaí éisc d’Éirinn. Tá méaduithe againn do roinnt dár stoic thábhachtacha tráchtála lena n-áirítear Nephrops sa Bhanc Porcupine, Láimhíneach na Mara Cheilteach agus Scoilltáin agus Cadóg agus Faoitín Thiar Thuaidh. Tá Gabhálacha Iomlána Incheadaithe srianta, seachghabháil amháin socraithe do stoic leochaileacha chun cabhrú leo téarnamh.”
Ag tabhairt a thuairim ar thoradh an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an AE agus an Iorua, dúirt an tAire:
“Fáiltím roimh an treocht anuas leanúnach i leibhéal na bhFaotíní Gorma a úsáidtear in aistriú cuóta an AE go dtí an Iorua chomh maith le leibhéal rochtana na hIorua ar iasc an Faoitín Gorm in uiscí na hEorpa, go háirithe sna huiscí sin iarthar na hÉireann. Tá ranníocaíocht na hÉireann le haistriú na bhFaoitíní Gorma do 2024 níos lú ná an teorainn 4% a bhunaigh mé sna blianta roimhe seo. Ina theannta sin, laghdaítear leibhéal traidisiúnta rochtana na hIorua ar uiscí an AE go thart ar 41% don bhliain 2024.”
“Cuirfidh deireadh tráthúil ar idirbheartaíocht an AE le Tríú Tíortha cinnteacht ar fáil dár n-iascairí agus ligfidh siad dóibh a gcuid gníomhaíochtaí a phleanáil don bhliain amach romhainn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hionadaithe na hEagraíochta Iascaireachta as a rannpháirtíocht agus a gcuid oibre le linn an phróisis seo chomh maith le huaireanta fada agus obair m'fhoirne chun an toradh dearfach seo a bhaint amach d’iascairí na hÉireann don bhliain amach romhainn,” a dúirt an tAire McConalogue mar fhocal scoir.
CRÍOCH