Foilsíonn an tAire Ryan Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhoilsigh Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach inniu. Tríd an Ráiteas a fhoilsiú, comhlíontar ceann amháin de na gealltanais atá sa Treochlár d’Fhuinneamh Geoiteirmeach a foilsíodh i mí na Samhna 2020. Tá foilsiú an Ráitis ar cheann amháin de na gníomhartha sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 freisin.
Is é fuinneamh geoiteirmeach an teas atá faoi bhun dhromchla an dlúthdhomhain. Cuimsíonn sé teas atá stóráilte ón ngrian agus teas ó chroí an Domhain. Ní hé amháin go bhfuil sé inathnuaite, ach tá sé slán, iontaofa agus áitiúil freisin. Is féidir é a úsáid chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú agus chun leictreachas a ghiniúint. A bhuí leis an dul chun cinn a rinneadh sa teicneolaíocht le deich mbliana anuas, is féidir le fuinneamh geoiteirmeach ról lárnach a imirt anois inár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh carbóin de.
Tríd an Ráiteas Beartais a fhoilsiú, músclófar feasacht ar an acmhainneacht chorraitheach atá ag an gcineál fuinnimh inathnuaite sin. Tá an Ráiteas Beartais ina chéim thábhachtach i dtreo dul i ngleic leis na bacainní atá ann ar fhuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt in Éirinn freisin.
Is féidir fuinneamh geoiteirmeach éadomhain a rochtain ar fud na hÉireann ar fad, agus tá acmhainneacht aitheanta ag ár n-acmhainní geoiteirmeacha doimhne chun ár bhfoirgnimh agus ár dtionscail a dhícharbónú. Tá an ráiteas beartais ina léiriú ar an dianphróiseas comhairliúcháin phoiblí a seoladh sa réimse seo agus ar dhíospóireacht an Ghrúpa Chomhairligh um Fhuinneamh Geoiteirmeach. Tagann na comhaltaí den ghrúpa comhairleach ó cholúin chomhshaoil, gheo-eolaíocha, tionscail agus shóisialta, ó ranna rialtais agus ó rialálaithe. Foilsíodh Tuarascáil Comhairliúcháin in éineacht leis an Ráiteas Beartais.
Tá sé mar aidhm leis an mbeartas forbairt inbhuanaithe acmhainní geoiteirmeacha na hÉireann a chur chun cinn chun tacú leis na gealltanais a thug Éire i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide trí na nithe seo a leanas a leagan amach:
1. An cur chuige roghnaithe i leith rialáil, agus
2. An raon feidhme do straitéis chun forbairt inbhuanaithe acmhainní geoiteirmeacha na hÉireann a chur chun cinn chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú agus chun na hacmhainní sin a úsáid san earnáil tionsclaíochta agus i nginiúint cumhachta.
Ag labhairt dó faoin Ráiteas Beartais nua, dúirt an tAire Ryan:
"Tá an Ráiteas seo ina chéim thábhachtach i dtreo dul i ngleic leis na bacainní atá ann ar fhuinneamh geoiteirmeach a fhorbairt in Éirinn agus i dtreo ár n-aird a dhíriú ar an acmhainneacht chorraitheach atá aige. Le teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh, gabhtar an teas inathnuaite faoinár mbun chun teas slán ísealcharbóin a sholáthar dár gcuid tithe, gnólachtaí agus tionscal. D’fhéadfaí fuinneamh geoiteirmeach ardteochta atá le fáil go domhain faoin talamh a úsáid sa todhchaí chun tuirbíní giniúna leictreachais a chumhachtú anseo in Éirinn, fiú.
"Ní bhraitheann sé ar an aimsir, ar an séasúr ná ar an am den lá – is féidir fuinneamh geoiteirmeach a tháirgeadh ar fud an lae agus na bliana ar fad agus is slí chumhachtach eile é inar féidir linn bogadh ar shiúl ó bhreoslaí iontaise a úsáid agus i dtreo todhchaí fuinnimh níos glaine a áirithiú. Táim buíoch den Ghrúpa Comhairleach um Fhuinneamh Geoiteirmeach as cabhrú linn an ráiteas beartais seo a thabhairt i gcrích agus as an tiomantas a bhí ag a chomhaltaí cabhrú linn straitéis a chur le chéile le haghaidh an earnáil a fhorbairt. Rud a bheidh ríthábhachtach maidir leis an straitéis sin is ea leanúint le caidreamh a dhéanamh leis an bpobal, le grúpaí pobail agus le geallsealbhóirí eile ar fud an tionscail agus an lucht léinn."
Aithnítear sa Ráiteas Beartais nach leor creat rialála a sholáthar do thionscadail fuinnimh gheoiteirmigh chun an earnáil fuinnimh gheoiteirmigh a fhorbairt ina hiomláine agus chun an chuid is fearr a bhaint as rannchuidiú na hearnála le dícharbónú a dhéanamh ar an dóigh a bhfreastalaítear ar éilimh théimh, fuaraithe agus leictreachais na hÉireann. I gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach um Fhuinneamh Geoiteirmeach, cuirfidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide straitéis le chéile le haghaidh fuinneamh geoiteirmeach a imscaradh. Áirítear leis an raon feidhme don straitéis, mar atá leagtha amach sa Ráiteas Beartais, scrúdú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
1. Méadrachtaí agus spriocanna le haghaidh fuinneamh geoiteirmeach
2. Bailiú sonraí agus taighde
3. Dreasachtaí airgeadais
4. Eolas, scileanna agus cumas
5. Pleanáil agus caidreamh le hÚdaráis Áitiúla
6. Faisnéis agus caidreamh leis an bpobal
7. Imscaradh i bhfoirgnimh atá á gcistiú go poiblí
Is féidir an Ráiteas Beartais a rochtain ar shuíomh gréasáin na roinne.
CRÍOCH
Is é fuinneamh geoiteirmeach an teas atá faoi bhun dhromchla an dlúthdhomhain. Cuimsíonn sé teas atá stóráilte ón ngrian agus teas ó chroí an Domhain. Tríd is tríd, méadaítear teocht an domhain (agus an méid fuinnimh gheoiteirmigh atá ar fáil) de réir mar a théitear níos doimhne, agus í ag méadú ag meánráta measta de 21 °C in aghaidh an chiliméadair in Éirinn.
A bhuí leis an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is féidir acmhainní geoiteirmeacha a úsáidtear le haghaidh téamh agus/nó táirgeadh fuinnimh a fhorbairt anois i limistéir nach bhfuil an sreabhadh teasa ardaithe iontu (amhail an Fhrainc, an Ísiltír, an Bheilg, an Ríocht Aontaithe agus an Ghearmáin), seachas i réigiúin bholcánacha inar féidir an teas a rochtain go héasca (amhail an Íoslainn, an Iodáil agus an Nua-Shéalainn) agus sna réigiúin sin amháin. D’fhéadfadh fuinneamh geoiteirmeach a bheith ina fhoinse inmharthana shuntasach fuinnimh inathnuaite in Éirinn.
Tagann an Dréacht-Ráiteas Beartais ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Gheilleagar Ciorclach sna sála ar na doiciméid dar teideal 'Measúnú ar Fhuinneamh Geoiteirmeach do Théamh Ceantair in Éirinn' agus 'Fuinneamh Geoiteirmeach in Éirinn - Treochlár do Chreat Beartais agus Rialála', ar fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide iad i mí na Samhna 2020.
Cineál fuinnimh inathnuaite atá cruthaithe ó thaobh na tráchtála de is ea fuinneamh geoiteirmeach, agus is féidir é a úsáid le haghaidh téamh, fuarú agus táirgeadh leictreachais agus le haghaidh giniúint teasa agus giniúint cumhachta araon.
Níl tuiscint iomlán ann go fóill ar an acmhainneacht fuinnimh gheoiteirmigh atá ag Éirinn. Níl an tuiscint iomlán sin againn toisc nach bhfuil dóthain eolais againn go fóill ar an bhfodhromchla domhain agus toisc go bhfuil tuilleadh taighde ag teastáil. D’fhéadfaí acmhainní fuinnimh gheoiteirmigh na hÉireann a úsáid chun críocha éagsúla, áfach. Maidir leis an mbealach is fearr chun fuinneamh geoiteirmeach a bhaint agus a úsáid, beidh sé sin ag brath ar an suíomh geolaíoch áitiúil agus ar an úsáid a bhainfear as an bhfuinneamh ar deireadh.
Chuaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann, ar rannóg den Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide í, i gcomhpháirt le hOllscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath chun an acmhainn gheoiteirmeach faoi bhun lár cathrach Bhaile Átha Cliath a fhiosrú. Sa bhliain 2021, tomhaiseadh teocht 38 gcéim Celsius i dtollpholl taiscéalaíoch ag doimhneacht a bhí cothrom le 1 km faoi bhun an dromchla. Ós rud é gur cheart go méadódh an teocht go seasmhach de réir mar a rachfaí níos doimhne, tugtar le fios sa toradh sin gur féidir go mbeifear in ann an fuinneamh a theastaíonn le haghaidh téamh ceantair, arb ionann é agus teocht idir 80 °C agus 90 °C, a aimsiú trí dhruileáil go doimhneacht idir 2 km agus 3 km faoi bhun an dromchla.
Beidh saintréithe difriúla ag na cineálacha difriúla teicneolaíochtaí fuinnimh gheoiteirmigh a d’fhéadfaí a imscaradh in Éirinn agus, leis an gcreat rialála atá leagtha amach sa Dréacht-Ráiteas Beartais, freagrófar do na saintréithe sin ar shlí chomhréireach. Cuirfear tuilleadh acmhainní faisnéise ar fáil chun gur féidir tuiscint leathan a ghnóthú ar na teicneolaíochtaí sin.
Fuarthas amach sa Staidéar Náisiúnta Teasa ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann gur do theas a úsáidtear 38% den tomhaltas fuinnimh ar fad in Éirinn. Is iad ola, gás agus breoslaí soladacha na príomhnithe a úsáidtear chun teas a ghiniúint go fóill. I dtéarmaí fuinnimh, bíonn sé sin cothrom le 55,230 GWh gach bliain. Bhí astaíochtaí ón earnáil teasa freagrach as 12.6 milliún tona de choibhéisí carbóin (MTCO2) sa bhliain 2019.
In anailís agus léargas nua ar théamh ceantair agus fuinneamh geoiteirmeach, atá bunaithe ar an obair a rinne Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann mar chuid den Staidéar Teasa uaidh, tugtar le tuiscint go bhféadfaí freastal ar suas le 54% den éileamh baile, tráchtála agus earnála poiblí ar théamh in Éirinn trí Théamh Ceantair agus go mbeidh fuinneamh geoiteirmeach ina fhoinse thábhachtach teasa.
Chun na spriocanna atá againn i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide a bhaint amach sa mheántéarma agus san fhadtéarma (2030 agus 2050), agus faoi chuimsiú chreat an bheartais náisiúnta um Ghníomhú ar son na hAeráide, is féidir go leagfar spriocanna síos d’fhuinneamh geoiteirmeach. Beidh tuilleadh oibre ag teastáil ina leith sin, ar obair í a rachaidh níos faide ná an creat rialála le haghaidh ceadúnú atá leagtha amach sa dréachtráiteas beartais agus a bheidh bunaithe ar shonraí níos fearr ar fhuinneamh geoiteirmeach agus ar thuiscint níos fearr ar eacnamaíocht na dtionscadal fuinnimh gheoiteirmigh
Is é an uaillmhian atá ann go dtarlóidh sé, le himeacht ama, go mbreithneofar fuinneamh geoiteirmeach faoi chuimsiú chreat na mbeartas agus na straitéisí náisiúnta um fhuinneamh inathnuaite, slándáil fuinnimh agus bochtaineacht fuinnimh.
I Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta a d’ullmhaigh RPS Consulting Engineers, sainchomhairleoirí seachtracha, taifeadtar go mion an dóigh a ndearnadh na moltaí maidir le bearta maolaithe a bhí sa Tuarascáil Timpeallachta agus sa Ráiteas Tionchair Natura araon, agus na tuairimí a fuarthas ó chomhairlithe reachtúla agus aighneachtaí eile a fuarthas le linn an chomhairliúcháin, a chur san áireamh le linn an leagan deiridh den Ráiteas Beartais a ullmhú, lena n-athruithe na leasuithe a rinneadh air agus an téacs a cuireadh leis.
Luadh sa leagan deiridh den Ráiteas Tionchair Natura nach bhfuiltear ag coinne le haon éifeachtaí dochracha ar láithreáin Eorpacha. Mar sin, ní bheidh aon éifeacht dhochrach ag an Ráiteas Beartais ar shláine aon láithreáin Eorpaigh, ina aonar ná i gcomhcheangal le pleananna nó tionscadail eile, agus rinne an Roinn cinneadh chuige sin.