Ailtirí Grafton fógartha mar phríomhchomhairleoirí dearaidh thionscadal athfhorbartha €29m Ghailearaí Ealaíne Crawford
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin TD agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD inniu gur bronnadh conradh dearaidh athfhorbairt Ghailearaí Ealaíne Crawford ar Ailtirí Grafton.
Tá foráil sa phlean iomlán d’infheistíocht de thart ar €29m d’athfhorbairt fhoirgneamh an Ghailearaí sna ceithre bliana atá romhainn. Tá an foirgneamh stairiúil seo 200 bliain d'aois anois agus cuimseoidh an athfhorbairt athdhearadh an fhoirgnimh.
Gailearaí Ealaíne Crawford
Is Foras Náisiúnta Cultúir é Gailearaí Ealaíne Crawford, atá suite i gcroílár chathair Chorcaí agus atá tiomnaithe do na hamharcealaíona stairiúla agus comhaimseartha. Tá níos mó ná 3000 saothar sa bhailiúchán, ó phéintéireacht agus dealbhóireacht Éireannach agus Eorpach san ochtú haois déag, go suiteálacha comhaimseartha físeáin. Tugann 260,000 duine cuairt ar an nGailearaí gach bliain.
Tá Gailearaí Ealaíne Crawford suite i bhfoirgneamh atá tábhachtach go stairiúil, a dtéann codanna de siar go dtí go luath san ochtú haois déag. Tá feabhas suntasach ag teastáil ón bhfoirgneamh chun freastal ar éilimh an Fhorais Náisiúnta Cultúir a bhíonn ag síorathrú.
Tionscadal Éire 2040
Trí Thionscadal Éire 2040, infheisteoidh an Rialtas €460 milliún i bhForais Náisiúnta Cultúir na hÉireann chun a gcuid áiseanna a athdhearadh agus a nuachóiriú maidir le heispéireas na gcuairteoirí agus stóráil na mbailiúchán náisiúnta.
I mí Mheán Fómhair 2020, cheadaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD an plean gnó do Ghailearaí Crawford ina mbeidh infheistíocht de thart ar €29m d’athfhorbairt iomlán an fhoirgnimh.
Mar chuid den phlean foriomlán seo, roghnaíodh Ailtirí Grafton mar phríomhchomhairleoirí dearaidh tar éis próiseas soláthair ina raibh dhá chéim. Beidh siad freagrach as an gcomhairle theicniúil a bhaineann le tógáil agus na seirbhísí dearaidh go léir a sholáthar i leith an Tionscadail do Ghailearaí Ealaíne Crawford agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
Ag labhairt inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Tá an-áthas orm a bheith in bhur dteannta anseo inniu ag fógra oifigiúil Ailtirí Grafton mar phríomhchomhairleoirí dearaidh Thionscadal Athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford. Is infheistíocht mhór phoiblí í seo ag an Stát i gCathair Chorcaí - a thacaíonn le hathghiniúint Chorcaí mar Chathair Chultúrtha de chuid na hEorpa atá ag smaoineamh chun tosaigh. Is deis iontach í chun cumas Ghailearaí Ealaíne Crawford a athshamhlú agus spás beoga nua a chruthú do theacht le chéile na healaíne agus an phobail i gcroílár na cathrach.
Tá cáil idirnáisiúnta ar Ailtirí Grafton agus tionscadail déanta acu ó Bhaile na nGallóglach go Milan, agus ó Lima go Londain, agus níl aon amhras orm ach go mbainfidh siad úsáid as a dtaithí agus a scileanna chun tréithe speisialta Ghailearaí Ealaíne Crawford a léiriú agus a fhorbairt."
Dúirt an tAire Martin:
“Is cúis mhór áthais dom a bheith anseo i gCorcaigh chun Ailtirí Grafton a fhógairt mar shealbhóirí conartha don chéad chéim eile i dtionscadal spreagúil athfhorbartha Ghailearaí Ealaíne Crawford. Táim an-sásta go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh san obair ar an tionscadal uaillmhianach seo.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach, leis an Stiúrthóir agus le foireann an Ghailearaí as a dtiomantas don tionscadal athfhorbartha agus as leanúint le clár iontach ealaíne a sheachadadh, anseo sa Ghailearaí agus ar líne. Tá an clár seo thar a bheith tábhachtach do leas ár gcuid saoránach, go háirithe le linn an tréimhse dhúshlánach seo.
Ba thréimhse an-deacair í seo d’ealaíontóirí agus ba chúis áthais dom Ciste Fála Ealaíne a chur ar bun anuraidh agus mar thoradh air sin ceannaíodh 422 saothar ealaíne le 70 ealaíontóir in Éirinn don bhailiúchán náisiúnta. D'éirigh go hiontach leis an scéim seo, thug sí tacaíocht ríthábhachtach dár gcuid ealaíontóirí agus chuir sí feabhas ar an mbailiúchán náisiúnta chomh maith. Is mór an t-ardú croí é cuid de na saothair a ceannaíodh faoin scéim a fheiceáil anseo inniu.”
Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, an tUasal Patrick O’Donovan, TD:
“Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag obair le Gailearaí Ealaíne Crawford le fada an lá agus tá an Oifig an-bhródúil go deo as saineolas a Seirbhísí Caomhnaithe a sholáthar le ceithre bliana anuas chun athchóiriú an Ghailearaí a chur chun cinn agus chun ceapadh an Fhoireann Dearaidh a fógraíodh inniu a éascú. Cuireadh aistriú úinéireacht Ghailearaí Ealaíne Crawford chuig Oifig na nOibreacha Poiblí i gcrích ag tús na míosa, agus táim ag tnúth go mór lenár ndlúthchomhar leanúnach agus an tionscadal uaillmhianach seo a chur i gcrích."
Ag labhairt thar ceann an Bhoird agus na foirne, chuir Rose McHugh, Cathaoirleach Ghailearaí Ealaíne Crawford, fáilte roimh cheapadh Ailtirí Grafton mar Phríomh-Dhearthóirí don athfhorbairt mhór seo ar Ghailearaí Ealaíne Crawford.
Dúirt Rose McHugh:
“Tá an-áthas orainn go mbeidh Ailtirí Grafton i gceannas ar an bhfoireann idirdhisciplíneach dearaidh, agus táimid ag tnúth lena bheith ag obair le cleachtas a léiríonn fís chruthaitheach mar aon le héiteas láidir comhoibritheach.
Is ar chomhoibriú atá ár ndul chun cinn go dtí seo sa tionscadal bunaithe. Tá tacaíocht láidir agus táirgiúil againn ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Táimid buíoch freisin d’Fháilte Éireann as a dtacaíocht agus as Gealairí Ealaíne Crawford a aithint mar áit a mheallann a lán cuairteoirí, agus de Chomhairle Cathrach Chorcaí as a dtacaíocht leanúnach.
Táimid ag tnúth lena bheith ag comhoibriú le foireann Grafton anois. Leis an tacaíocht a thabharfaidh siad don athfhorbairt seo, cinnteoimid gur féidir leis an Crawford leanúint le deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí agus dóibh siúd go léir a bhfuil suim acu san ealaín, san oideachas, san ailtireacht agus sa dioscúrsa poiblí. Ní tharlaíonn deis cosúil leis an gcéad chéim eile d’fhorbairt Ghailearaí Ealaíne Crawford chun saol ailtireachta agus ealaíne ár gcathair agus ár réigiúin a fheabhsú ach uair amháin gach céad bliain, agus táimid ag tnúth leis an aistear."
Dúirt Ailtirí Grafton:
“Is mór an onóir d’fhoireann Ailtirí Grafton gur roghnaíodh iad, agus tá siad ag tnúth lena bheith ag obair le gach duine a bheidh bainteach leis chun na pleananna iontacha uaillmhianacha do Ghailearaí Ealaíne Crawford faoi láthair agus don todhchaí a chur i bhfeidhm. Feicimid gur deis speisialta í an tionscadal don Fhoras Náisiúnta Cultúir seo chun a stádas mar institiúid náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil a bhfuil ardmheas uirthi a chomhdhlúthú.”
Ailtirí Grafton
Tá go leor duaiseanna buaite ag an stiúideo ailtireachta idirnáisiúnta atá ag Ailtirí Grafton i mBaile Átha Cliath. Ón ionad seo, chuir an cleachtas go leor foirgneamh suntasach agus mór le rá i gcrích in Éirinn agus ar fud an domhain. Tá an foirgneamh ollscoile i Toulouse na Fraince, an leabharlann chathrach nua ar Chearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath agus ceanncheathrú BSL ar Shráid Fitzwilliam i gcroílár Seoirseach Bhaile Átha Cliath i measc na dtionscadal a rinne Ailtirí Grafton le déanaí.
Mar phríomhchomairleoirí dearaidh, beidh Ailtirí Grafton freagrach as an gcomhairle theicniúil a bhaineann le tógáil agus na seirbhísí dearaidh go léir a sholáthar i leith an Tionscadail do Ghailearaí Ealaíne Crawford agus d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
Ailtirí Grafton
Gailearaí Ealaíne Crawford
Taispeántais a bheidh ar siúl go luath
NEW THREADS: Saothair a fuarthas in 2021
24 Iúil – 5 Meán Fómhair
Taispeánann New Threads níos mó ná 20 saothar ealaíne a tháinig faoi úinéireacht phoiblí le déanaí mar gheall ar mhaoiniú mór a sholáthair an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán chun saothair a cheannach.
San iomlán, cuireadh 225 saothar ealaíne le 39 ealaíontóir comhaimseartha le bailiúchán Ghailearaí Ealaíne Crawford le míonna beaga anuas: pictiúir, grianghraif, priontaí, líníochtaí, deilbh, suiteálacha, scannáin dhigiteacha, saothair fuaime, teicstíle agus bróidnéireacht san áireamh.
Rembrandt in Print
17 Meán Fómhair 2021 - 9 Eanáir 2022
Cuireann Rembrandt in Print 50 ceann de na saothair is fearr ó bhailiúchán iontach Ashmolean i láthair ina bhfuil níos mó ná 200 eitseáil agus turbhior le Rembrandt van Rijn (1606-1669).
An péintéir is mó i Ré Órga na hÍsiltíre ab ea é Rembrandt agus bhí sé ar cheann de na déantúsóirí priontaí is nuálaí agus is turgnamhaí sa seachtú haois déag. Cuirfidh an taispeántas camchuairte seo Rembrandt i láthair mar scéalaí gan sárú trí chaoga prionta sármhaith ón tréimhse idir 1630 agus deireadh na 1650idí. Léiríonn na saothair seo teicnící airgtheacha agus scileanna iontacha Rembrandt. Taispeánfar iad le chéile den chéad uair.
Brian Maguire: REMAINS
17 Meán Fómhair – 9 Eanáir 2022
In 2019, thug Brian Maguire cuairt ar an Dr Greg Hess, Príomh-Scrúdaitheoir Leighis do Chontae Pima, Tucson, Arizona. Thug an Dr Hess rochtain don ealaíontóir ar na mílte taifead amhairc de shaol na n-imirceach a cailleadh ar an turas ó Mheiriceá Theas agus Láir agus Meicsiceo, go dtí na Stáit Aontaithe.
Chruthaigh gach corp a aimsíodh san fhásach cás agus íomhánna digiteacha. Ag baint úsáide as roinnt de na grianghraif seo, chuir Brian tús le sraith nua péintéireachta, ag tabhairt aitheantais don iliomad íospartach neamhaitheanta a rinne an turas contúirteach seo.