Tugann Airí freagra ar thuile i saoráidí stórála sciodair le linn Stoirm Babet
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D soiléiriú ar chás na bhfeirmeoirí le saoráidí stórála sciodair atá faoi thuilte mar gheall ar bháisteach throm ar na mallaibh.
Dúirt an tAire McConalogue
“Ó tharla an tréimhse spréite sciodair a bheith sínte go dtí an 14 Deireadh Fómhair, sa chuid is mó cásanna ina bhfuil na humair bainistithe mar is ceart, níor cheart mórán sciodair a bheith ann agus i gcuid mhaith cásanna, is uisce salach atá carntha le linn stoirm Babet atá ann.”
“Chruthaigh an aimsir eisceachtúil seo dúshláin shuntasacha do chuid mhór daoine, ár bhfeirmeoirí ina measc. Aithnímid seo agus mar gheall air seo shocraigh muid soiléiriú a thabhairt d’fheirmeoirí atá buailte, faoi na gníomhartha a thig leo a dhéanamh”.
Is féidir, faoi Rialachán Dea-chleachtas Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (IR 113 of 2022, arna leasú), uisce salach a spré go dtí luath i Mí na Nollag má tá riocht fóirsteanach talaimh ann agus tuar na haimsire oiriúnach. Ach, ní féidir níos mó sciodair a spré go dtí go dtosaíonn an séasúr spraeáil sciodair arís go luath an bhliain seo chugainn.
Leag na hAirí McConalogue agus O’Brien amach na deacrachtaí a chaitheamh feirmeoirí le saoráid stórála sciodair atá faoi thuilte a ghlacadh san áireamh sula ndéanann siad gníomh:
1. Níor cheart ábhar san umar a chorraí roimh é a spré. Is é an t-aon aidhm amháin atá leis ná an t-uisce salach a bhaint agus is gá go mbeidh an píopa suite ionsáite san umar mar is ceart chun seo a bhaint amach.
2. Ba cheart riochtaí na hithreach agus tuar na haimsire a bheith fóirsteanach le haghaidh an uisce shalaigh a chur gan riosca rith chun srutha.
3. Caithfear stráicí maolánacha cuí a chaomhnú.
4. Má tá feirmeoir buartha nach uisce salach atá i saoráid stórála sciodair atá faoi thuilte, ba cheart dul i dteagmháil leis an Údarás Áitiúil sula ndéantar gníomh.
Mhol na hAirí fosta go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm dá dtiocfaí ar fheirmeoir a spréigh sciodar le linn tréimhse choiscthe. Ag cur béime ar an ngá le caílíocht an uisce a chaomhnú agus a fheabhsú, dúirt an tAire O' Brien
“Caithfidh muid seasamh lenár ngealltanais chun an cháilíocht uisce a fheabhsú agus tá sé tábhachtach le tabhairt faoi deara go mbaineann fógra an lae inniu le huisce salach amháin. Ní bheidh aon leithscéal ag duine ar bith a aimsítear ag spré sciodair a sháraíonn na Rialacháin.”
Agus iad ag críochnú dúirt na hAirí araon gur mhaith leo an deis seo a ghlacadh le rá go bhfuil trua acu do gach duine a bhí buailte ag Stoirm Babet.
CRÍOCH