Fógraíonn an tAire Martin Aitheantas Stáit do Chleachtais Thábhachtacha de chuid Oidhreacht Chultúrtha Bheo na hÉireann
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, tar éis an Fardal Náisiúnta um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe a leathnú chun aitheantas Stáit a thabhairt do 8 bpríomhchleachtas eile d’Oidhreacht Chultúrtha Bheo na hÉireann.
Is iad na cleachtais atá á n-aithint anois ná Beachaireacht, Déanamh Lása Cróise Chluain Eois, Déanamh Lása Áth Cinn, Siorcas Traidisiúnta Taistil na hÉireann, Aonach Spraoi Taistil na hÉireann, Lá an Dreoilín, Pórú Eallach Dúchasach na hÉireann, Traidisiún Aonach Capall Idirnáisiúnta Chnoc Uarchoille, Tógáil Thraidisiúnta Báid Shaighne, Iascaireacht agus Rásaíocht.
Dúirt an tAire Martin:
“Bíonn eolas agus scil ag teastáil sna hocht gcleachtas oidhreachta cultúrtha beo seo, agus cothaíonn siad ár mothú pobail agus áite. Éiríonn go maith leis na cleachtais seo trí na pobail thiomnaithe a chothaíonn agus a thugann a gcuid scileanna agus slí beatha do na glúnta atá ina ndiaidh, ag cinntiú go leanfar leis na traidisiúin thábhachtacha seo. Cuirfear daoine ar an eolas faoi na cleachtais agus na traidisiúin seo mar gheall ar an aitheantas seo a thabhairt dóibh agus iad a chur ar an bhFardal Náisiúnta um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe.”
Dúirt Michael Duggan, agus é ag labhairt thar ceann Chumann Aonach Chnoc Uarchoille:
“Tá ríméad orm go n-áireofar Traidisiún Aonach Idirnáisiúnta Capall Chnoc Uarchoille mar chuid den Fhardal Náisiúnta um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire a rinne an cinneadh chun an traidisiún seo atá os cionn 400 bliain d’aois a áireamh mar chuid d’oidhreacht chultúrtha aitheanta na hÉireann. Táimid an-bhródúil as an Aonach, meallann sé daoine ó gach cearn den tír agus ó thortha eile."
Dúirt Ella Hassett ó Thionscadal Lása Áth Cinn:
“Táimid thar a bheith bródúil gur cuirfear Lása Áth Cinn leis an bhFardal Náisiúnta um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe. Is mór againn go bhfuil an traidisiún álainn ceardaíochta seo aitheanta mar gheall ar a luach intreach agus go ndéanfar é a chosaint taobh le Lásaí Éireannacha eile agus go ndéanfaidh na glúnta atá le teacht ceiliúradh air.”
Is cuid dhílis d’obair na Roinne é an Fardal Náisiúnta um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe a fhorbairt agus a leathnú faoi Choinbhinsiún UNESCO 2003 um Chosaint na hOidhreachta Cultúrtha doláimhsithe a éilíonn ar Stáit oidhreacht chultúrtha bheo a gcuid tíortha a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn. Anois tá 38 cleachtas san iomlán ar Fhardal Náisiúnta na hÉireann um Oidhreacht Chultúrtha dholáimhsithe, agus cuireadh gach ceann acu san áireamh tar éis do choiste comhairleach saineolaithe dian-mheasúnú a dhéanamh orthu.
Glacann an Roinn le léirithe spéise in aitheantas Stáit agus san Fhardal Náisiúnta ar bhonn leanúnach. Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu iontu tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh gréasáin https://nationalinventoryich.chg.gov.ie/ nó ríomhphost a sheoladh chuig an Roinn ag nationalich@tcagsm.gov.ie