An tAire Creed ina Chathaoirleach ar chéad Chruinniú Choiste Comhairleach CAP i ndiaidh na bliana 2020
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, cathaoirleacht ar chéad chruinniú Choiste Comhairleach nua CAP i ndiaidh na bliana 2020. Cuirfear fóram ar fáil leis an gCoiste seo ina mbeidh páirtithe leasmhara ábalta a gcuid tuairimí a chur in iúl agus ina mbeidh siad ábalta an t-eolas is deireanaí a fháil de réir mar a bheidh na cainteanna i ndáil le CAP a athchóiriú ag dul ar aghaidh.
Dúirt an tAire Creed leis an gCoiste:
"Tá an-áthas orm sibh go léir a fheiceáil anseo inniu agus táim buíoch go bhfuil sibh sásta a bheith páirteach sa Choiste Comhairleach seo. Creidimse go bhfuil ról tábhachtach ag an gCoiste seo mar go mbeimid ag breithniú mar a rachfar i ngleic leis na dúshláin atá romhainn chomh maith le forbairt cheann de na hearnálacha agraibhia inbhuanaithe is éifeachtaí ar domhan a stiúradh."
Ag tagairt do mholadh an Choimisiúin Eorpaigh nach mór 40% ar a laghad de bhuiséad iomlán CAP i ndiaidh na bliana 2020 cuidiú le cúrsaí gníomhaithe ar son na haeráide, rinne an tAire Creed cur síos ar thacaíocht na hÉireann maidir le huaillmhian timpeallachta níos mó i ndáil le CAP i ndiaidh na bliana 2020 agus leag sé béim ar an ngá atá le soláthar leordhóthanach buiséid lena chinntiú go mbeifear ábalta cuspóirí CAP a bhaint amach.
Faoi mholtaí an Choimisiúin, ní mór eolas maidir le toradh an chomhchomhairliúcháin le páirtithe leasmhara chomh maith leis an mbealach a tionóladh an comhchomhairliúchán sin a bheith san áireamh i bPlean Straitéiseach CAP gach Ballstát don tréimhse i ndiaidh na bliana 2020.
Mar focal scoir dúirt an tAire:
"Chomh maith le Coiste Comhairleach CAP a bhunú, tabharfaidh mo Roinn faoi chomhchomhairliúchán poiblí eile níos déanaí i bpróiseas athchóirithe CAP, d'fhonn a chinntiú go gcuideoidh forbairt Phlean Straitéiseach na hÉireann le dul i ngleic leis an dúshláin ar fad atá roimh an earnáil agraibhia."
CRÍOCH
Foilseofar ballraíocht Choiste Comhairleach CAP i ndiaidh 2020 ar www.agriculture.gov.ie de réir na gceanglas faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.